|
+Airteagal 45 2. |
Airteagal 45 2.Sna cásanna seo a leanas:
(a)
nach bhfuil dóthain fianaise ar fáil lena léirítear go bhfuil sé ar chumas tíre a bhfuil feidhm ag Cinneadh ECFE maidir léi dramhaíl áirithe a aisghabháil ar bhealach atá neamhdhíobhálach don chomhshaol dá dtagraítear in Airteagal 59, lena n-áirítear mar gheall ar onnmhairiú dramhaíola den sórt sin ón Aontas chuig an tír lena mbaineann, nó
(b)
ina bhfuil fianaise ann nach gcomhlíonann an tír lena mbaineann ceanglais Airteagal 59 maidir leis an dramhaíl sin, nó
(c)
ina bhfuil fianaise ann go bhfuil éifeachtaí díobhálacha suntasacha ar bhainistiú dramhaíola a ghintear sa tír sin mar gheall ar onnmhairiú dramhaíola ón Aontas, iarrfaidh an Coimisiún ar údaráis inniúla na tíre lena mbaineann faisnéis a sholáthar, laistigh de 60 lá, maidir leis na coinníollacha faoina n-aisghabhtar an dramhaíl atá i gceist, an éifeacht a bheidh ag onnmhairiú na dramhaíola ón Aontas ar bhainistiú na dramhaíola a ghintear sa tír sin agus cumas na tíre lena mbaineann an dramhaíl sin a bhainistiú ar bhealach atá neamhdhíobhálach don chomhshaol dá dtagraítear in Airteagal 59. Féadfaidh an Coimisiún síneadh a chur leis an teorainn ama sin má dhéanann an tír lena mbaineann iarraidh réasúnaithe air sin. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|