+Airteagal 46 5.

Airteagal 46 5.

Áiritheoidh fógróir nó duine a shocraíonn an loingsiú a bhfuil sé beartaithe aige dramhaíl a onnmhairiú, sula n-onnmhairítear dramhaíl, go ndearnadh iniúchadh dá dtagraítear i mír 3 ar an tsaoráid a dhéanfaidh bainistiú ar an dramhaíl sa tír cinn scríbe tráth nach faide ná dhá bhliain roimh onnmhairiú na dramhaíola chuig an tsaoráid lena mbaineann agus gur léiríodh leis an inniúchadh gur chomhlíon an tsaoráid na critéir i gCuid B d’Iarscríbhinn X.

D’fhonn an oibleagáid sin a chomhlíonadh, déanfaidh an fógróir nó duine a shocraíonn an loingsiú:

(a) 

iniúchadh a choimisiúnú i gcomhréir leis an Airteagal seo;

(b) 

an tuarascáil a fháil ar iniúchadh arna choimisiúnú i gcomhréir leis an Airteagal seo ag fógróir nó duine eile a shocraíonn an loingsiú, a cuireadh ar fáil i gcomhréir le mír 6, tar éis a fhíorú go ndearnadh an t-iniúchadh i gcomhréir le mír 3 agus le mír 4 agus tar éis a léiriú go gcomhlíonann an tsaoráid na critéir a leagtar síos i gCuid B d’Iarscríbhinn X; nó

(c) 

an tuarascáil a fháil ar iniúchadh arna choimisiúnú ag an tsaoráid féin i gcomhréir leis an Airteagal seo, ar tuarascáil í ar tugadh fógra ina leith don chlár dá dtagraítear i mír 8 i gcomhréir le mír 7, an dara fomhír, tar éis a fhíorú go ndearnadh an t-iniúchadh i gcomhréir le mír 3 agus le mír 4 agus tar éis a léiriú go gcomhlíonann an tsaoráid na critéir a leagtar síos i gCuid B d’Iarscríbhinn X.

Déanfaidh an fógróir nó an duine a shocraíonn an loingsiú freisin iniúchadh ad hoc a choimisiúnú gan mhoill i gcás ina bhfaigheann sé faisnéis iontaofa go bhfuil saoráid ann nach bhfuil na critéir a leagtar amach i gCuid B d’Iarscríbhinn X á gcomhlíonadh aici a thuilleadh. I gcás ina léiríonn an t-iniúchadh ad hoc nach gcomhlíonann saoráid na critéir a leagtar síos i gCuid B d’Iarscríbhinn X a thuilleadh, cuirfidh an fógróir nó an duine a shocraíonn an loingsiú stop láithreach le honnmhairiú na dramhaíola chuig an tsaoráid sin agus cuirfidh sé na húdaráis inniúla seolta lena mbaineann ar an eolas faoin méid sin.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas