+Airteagal 46 Oibleagáidí ar onnmhaireoirí
---+Airteagal 46 1.
---+Airteagal 46 2.
---+Airteagal 46 3.
---+Airteagal 46 4.
---+Airteagal 46 5.
---+Airteagal 46 6.
---+Airteagal 46 7.
---+Airteagal 46 8.
---+Airteagal 46 9.
---+Airteagal 46 10.
---+Airteagal 46 11.
---+Airteagal 46 12.
---+Airteagal 46 13.

Airteagal 46 Oibleagáidí ar onnmhaireoirí

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 46 1.
Ní dhéanfaidh an fógróir ná an duine a shocraíonn an loingsiú dramhaíl a onnmhairiú ón Aontas ach amháin má tá sé in ann a léiriú maidir leis na saoráidí atá chun an dramhaíl sin a fháil sa tír cinn scríbe, go ndéanfaidh siad an dramhaíl a bhainistiú ar bhealach atá neamhdhíobhálach don chomhshaol dá dtagraítear in Airteagal 59.
Airteagal 46 2.
Ní dhéanfaidh an fógróir ná an duine a shocraíonn an loingsiú dramhaíl a onnmhairiú chuig saoráid nach gcomhlíonann na critéir a leagtar síos i gCuid B d’Iarscríbhinn X.
Airteagal 46 3.
Chun an oibleagáid dá dtagraítear i mír 1 a chomhlíonadh, áiritheoidh an fógróir nó an duine a shocraíonn an loingsiú a bhfuil sé beartaithe aige dramhaíl a onnmhairiú ón Aontas, go ndearnadh iniúchadh ar na saoráidí a bhainisteoidh an dramhaíl sa tír cinn scríbe.

Is tríú páirtí a bheidh neamhspleách ar an bhfógróir nó ar an duine a shocraíonn an loingsiú agus ón tsaoráid a ndéantar iniúchadh uirthi a dhéanfaidh an t-iniúchadh sin agus a mbeidh na cáilíochtaí iomchuí acu i réimsí na n-iniúchtaí agus na cóireála dramhaíola.

Agus iniúchadh á choimisiúnú aige, fíoróidh an fógróir nó duine a shocraíonn an loingsiú go gcomhlíonann an tríú páirtí na ceanglais a leagtar síos i gCuid A d’Iarscríbhinn X agus go bhfuil sé údaraithe nó creidiúnaithe ag comhlacht oifigiúil náisiúnta chun iniúchtaí a dhéanamh mar a shainmhínítear san Airteagal seo.

Airteagal 46 4.
Áireofar san iniúchadh dá dtagraítear i mír 3 seiceálacha fisiciúla agus seiceálacha doiciméadacha araon agus fíorófar leis go gcomhlíonann an tsaoráid lena mbaineann na critéir a leagtar síos i gCuid B d’Iarscríbhinn X.
Airteagal 46 5.
Áiritheoidh fógróir nó duine a shocraíonn an loingsiú a bhfuil sé beartaithe aige dramhaíl a onnmhairiú, sula n-onnmhairítear dramhaíl, go ndearnadh iniúchadh dá dtagraítear i mír 3 ar an tsaoráid a dhéanfaidh bainistiú ar an dramhaíl sa tír cinn scríbe tráth nach faide ná dhá bhliain roimh onnmhairiú na dramhaíola chuig an tsaoráid lena mbaineann agus gur léiríodh leis an inniúchadh gur chomhlíon an tsaoráid na critéir i gCuid B d’Iarscríbhinn X.

D’fhonn an oibleagáid sin a chomhlíonadh, déanfaidh an fógróir nó duine a shocraíonn an loingsiú:

(a) 

iniúchadh a choimisiúnú i gcomhréir leis an Airteagal seo;

(b) 

an tuarascáil a fháil ar iniúchadh arna choimisiúnú i gcomhréir leis an Airteagal seo ag fógróir nó duine eile a shocraíonn an loingsiú, a cuireadh ar fáil i gcomhréir le mír 6, tar éis a fhíorú go ndearnadh an t-iniúchadh i gcomhréir le mír 3 agus le mír 4 agus tar éis a léiriú go gcomhlíonann an tsaoráid na critéir a leagtar síos i gCuid B d’Iarscríbhinn X; nó

(c) 

an tuarascáil a fháil ar iniúchadh arna choimisiúnú ag an tsaoráid féin i gcomhréir leis an Airteagal seo, ar tuarascáil í ar tugadh fógra ina leith don chlár dá dtagraítear i mír 8 i gcomhréir le mír 7, an dara fomhír, tar éis a fhíorú go ndearnadh an t-iniúchadh i gcomhréir le mír 3 agus le mír 4 agus tar éis a léiriú go gcomhlíonann an tsaoráid na critéir a leagtar síos i gCuid B d’Iarscríbhinn X.

Déanfaidh an fógróir nó an duine a shocraíonn an loingsiú freisin iniúchadh ad hoc a choimisiúnú gan mhoill i gcás ina bhfaigheann sé faisnéis iontaofa go bhfuil saoráid ann nach bhfuil na critéir a leagtar amach i gCuid B d’Iarscríbhinn X á gcomhlíonadh aici a thuilleadh. I gcás ina léiríonn an t-iniúchadh ad hoc nach gcomhlíonann saoráid na critéir a leagtar síos i gCuid B d’Iarscríbhinn X a thuilleadh, cuirfidh an fógróir nó an duine a shocraíonn an loingsiú stop láithreach le honnmhairiú na dramhaíola chuig an tsaoráid sin agus cuirfidh sé na húdaráis inniúla seolta lena mbaineann ar an eolas faoin méid sin.

Airteagal 46 6.
Fógróir nó duine a shocraíonn an loingsiú a choimisiúnaigh iniúchadh le haghaidh saoráid ar leith i gcomhréir le mír 3, áiritheoidh sé go gcuirfear an t-iniúchadh sin ar fáil d’fhógróirí nó do dhaoine eile a shocraíonn loingsithe a bhfuil sé beartaithe acu dramhaíl a onnmhairiú chuig an tsaoráid atá i gceist, faoi choinníollacha cothroma tráchtála.
Airteagal 46 7.

Fógróir nó duine a shocraíonn an loingsiú tabharfaidh sé fógra don Choimisiún faoi iniúchtaí arna gcoimisiúnú acu i gcomhréir le míreanna 3 agus 5, agus a léirigh go gcomhlíonann saoráid na critéir a leagtar síos i gCuid B d’Iarscríbhinn X. Beidh an fhaisnéis seo a leanas san iarraidh:

(a) 

ainm agus sonraí teagmhála na saoráide a bhí faoi réir an iniúchta;

(b) 

ainm agus sonraí teagmhála an fhógróra nó an duine a shocraíonn an loingsiú agus a choimisiúnaigh an t-iniúchadh;

(c) 

ainm agus sonraí teagmhála an tríú páirtí a rinne an t-iniúchadh;

(d) 

dáta an iniúchta;

(e) 

na cineálacha dramhaíola, mar a liostaítear in Iarscríbhinn III, IIIA, IIIB nó IV nó sa liosta dramhaíola dá dtagraítear in Airteagal 7 de Threoir 2008/98/CE;

(f) 

na hoibríochtaí aisghabhála (R-chóid), dá dtagraítear in Iarscríbhinn II de Threoir 2008/98/CE.

Féadfaidh fógróir nó duine a shocraíonn an loingsiú fógra a thabhairt don Choimisiún maidir le hiniúchadh arna choimisiúnú ag an tsaoráid iniúchta féin, ar choinníoll go bhfuil sé fíoraithe ag an bhfógróir nó ag an duine a shocraíonn an loingsiú go ndearnadh an t-iniúchadh i gcomhréir le míreanna 3 agus 4 agus gur léirigh sé go gcomhlíonann an tsaoráid na critéir a leagtar síos i gCuid B d’Iarscríbhinn X. Beidh faisnéis i bhfógra den sórt sin i gcomhréir leis an gcéad fhomhír, pointí (a) agus (c) go (f).

Airteagal 46 8.
Déanfaidh an Coimisiún clár a bhunú agus a choimeád cothrom le dáta leis an bhfaisnéis a fhaightear i gcomhréir le mír 7. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sa chlár ar fáil go poiblí.
Airteagal 46 9.
I gcás ina n-iarrann údarás inniúil nó údarás a bhfuil baint aige le cigireachtaí é, soláthróidh fógróir nó duine a shocraíonn an loingsiú fianaise dhoiciméadach go ndearnadh iniúchtaí dá dtagraítear i mír 3 sna saoráidí uile a ndéanann siad an dramhaíl i dtrácht a onnmhairiú chucu. Soláthrófar an fhianaise dhoiciméadach sin i dteanga a nglacfaidh na húdaráis lena mbaineann léi.
Airteagal 46 10.
Fógróir nó duine a shocraíonn an loingsiú a bhfuil dramhaíl á honnmhairiú lasmuigh den Aontas acu, cuirfidh sé faisnéis ar fáil go poiblí ar bhonn bliantúil trí mhodhanna leictreonacha maidir leis an gcaoi a gcomhlíonann siad a n-oibleagáidí faoin Airteagal seo.
Airteagal 46 11.
I gcás ina n-aithnítear le comhaontú idirnáisiúnta idir an tAontas agus tríú tír a bhfuil feidhm ag Cinneadh ECFE maidir léi go ndéanfaidh na saoráidí sa tríú tír sin dramhaíl a bhainistiú ar bhealach atá neamhdhíobhálach don chomhshaol, dá dtagraítear in Airteagal 59 agus i gcomhréir leis na critéir a leagtar síos i gCuid B d’Iarscríbhinn X, díolmhófar fógróirí nó daoine a shocraíonn loingsithe a bhfuil sé beartaithe acu dramhaíl a onnmhairiú chuig an tríú tír sin ón oibleagáid a leagtar síos i míreanna 3 go 7 agus 9.

Fógróir nó duine a shocraíonn an loingsiú a bhfuil dramhaíl á honnmhairiú aige ón Aontas chuig saoráid i dtríú tír a bhfuil comhaontú idirnáisiúnta tugtha i gcrích ag an Aontas leis, déanfaidh sé iniúchadh ad hoc gan mhoill i gcás ina bhfaigheann sé faisnéis iontaofa go bhfuil saoráid ann nach bhfuil na critéir a leagtar amach i gCuid B d’Iarscríbhinn X á gcomhlíonadh aici a thuilleadh. Sa chás sin, tabharfaidh an fógróir nó na duine a shocraíonn an loingsiú fógra do na húdaráis inniúla seolta faoin bhfianaise iontaofa sin agus faoi na pleananna atá aige iniúchadh ad hoc a dhéanamh.

I gcás ina léiríonn iniúchadh ad hoc nach gcomhlíonann saoráid na critéir a leagtar síos i gCuid B d’Iarscríbhinn X a thuilleadh, cuirfidh an fógróir nó an duine a shocraíonn an loingsiú stop láithreach le honnmhairiú na dramhaíola chuig an tsaoráid sin agus cuirfidh sé na húdaráis inniúla seolta lena mbaineann ar an eolas.

Airteagal 46 12.
Cuirfidh an Coimisiún na comhaontuithe idirnáisiúnta ábhartha dá dtagraítear i mír 11 ar fáil go poiblí ar a shuíomh gréasáin.
Airteagal 46 13.
Féadfaidh an Coimisiún treoirlínte a ghlacadh maidir le cur i bhfeidhm an Airteagail seo.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas