+Airteagal 50 Toirmeasc ar allmhairí dramhaíola atá beartaithe lena diúscairt
---+Airteagal 50 1.
---+Airteagal 50 2.
---+Airteagal 50 3.
---+Airteagal 50 4.

Airteagal 50 Toirmeasc ar allmhairí dramhaíola atá beartaithe lena diúscairt

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 50 1.

Beidh toirmeasc ar allmhairiú isteach san Aontas dramhaíl atá beartaithe lena diúscairt seachas allmhairí a thagann ó na háiteanna seo a leanas:

(a) 

tíortha atá ina bPáirtithe i gCoinbhinsiún Basel;

(b) 

tíortha lenar thug an tAontas, nó an tAontas agus a Bhallstáit comhaontuithe nó socruithe déthaobhacha nó iltaobhacha a luíonn le reachtaíocht an Aontais agus i gcomhréir le hAirteagal 11 de Choinbhinsiún Basel i gcrích;

(c) 

tíortha eile lenar thug Ballstáit aonair comhaontuithe nó socruithe déthaobhacha i gcomhréir le mír 2 i gcrích; nó

(d) 

limistéir eile i gcás nach féidir comhaontuithe nó socruithe déthaobhacha de bhun phointe (b) nó (c) a thabhairt i gcrích, ar fhorais eisceachtúla le linn cásanna géarchéime, síochánaíochta, nó oibríochtaí síochánaíochta, nó cogaidh, nó i gcás nár ainmníodh údarás inniúil sa tír seolta nó nach bhfuil an t-údarás inniúil in ann gníomhú.

Airteagal 50 2.
I gcásanna eisceachtúla, is féidir leis na Ballstáit comhaontuithe nó socruithe déthaobhacha a thabhairt i gcrích maidir le diúscairt dramhaíola sonraí sna Ballstáit sin, i gcás nach mbainisteofar an dramhaíl sin ar bhealach atá neamhdhíobhálach don chomhshaol sa tír seolta.

Leis na comhaontuithe agus na socruithe sin, déanfar an méid seo a leanas:

(a) 

a bheith ag luí le dlí an Aontais agus i gcomhréir le hAirteagal 11 de Choinbhinsiún Basel;

(b) 

a ráthú go ndéanfar na hoibríochtaí diúscartha i saoráid údaraithe agus go gcomhlíonfaidh siad na ceanglais maidir le bainistiú atá neamhdhíobhálach don chomhshaol dá dtagraítear in Airteagal 59(1) den Rialachán seo, in Airteagal 13 de Threoir 2008/98/CE agus i dlí eile de chuid an Aontais maidir le dramhaíl, go háirithe dlí an Aontais dá dtagraítear in Iarscríbhinn IX, Cuid 1;

(c) 

a ráthú go dtáirgtear an dramhaíl sa tír seolta agus go ndéanfar a diúscairt sa Bhallstát a thug an comhaontú nó an socrú i gcrích agus sa Bhallstát sin amháin; agus

(d) 

fógra a thabhairt don Choimisiún ina leith sula dtabharfar i gcrích iad nó, i gcásanna éigeandála, suas le 1 mhí ar a mhéad tar éis iad a thabhairt i gcrích.

Airteagal 50 3.
Bunófar comhaontuithe nó socruithe déthaobhacha nó iltaobhacha dá dtagraítear i mír 1, pointí (b) agus (c) ar na ceanglais nós imeachta d’Airteagal 51.
Airteagal 50 4.
Ceanglófar ar na tíortha dá dtagraítear i mír 1, pointí (a), (b) agus (c) iarraidh chuí-réasúnaithe roimh ré a chur faoi bhráid údarás inniúil an Bhallstáit cinn scríbe ar an mbonn nach bhfuil an acmhainn theicniúil agus na saoráidí is gá acu ná nach féidir leo iad a fháil go réasúnta chun an dramhaíl a dhiúscairt ar bhealach atá neamhdhíobhálach don chomhshaol dá dtagraítear in Airteagal 59.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas