|
+Airteagal 50 1. |
Airteagal 50 1.Beidh toirmeasc ar allmhairiú isteach san Aontas dramhaíl atá beartaithe lena diúscairt seachas allmhairí a thagann ó na háiteanna seo a leanas:
(a)
tíortha atá ina bPáirtithe i gCoinbhinsiún Basel;
(b)
tíortha lenar thug an tAontas, nó an tAontas agus a Bhallstáit comhaontuithe nó socruithe déthaobhacha nó iltaobhacha a luíonn le reachtaíocht an Aontais agus i gcomhréir le hAirteagal 11 de Choinbhinsiún Basel i gcrích;
(c)
tíortha eile lenar thug Ballstáit aonair comhaontuithe nó socruithe déthaobhacha i gcomhréir le mír 2 i gcrích; nó
(d)
limistéir eile i gcás nach féidir comhaontuithe nó socruithe déthaobhacha de bhun phointe (b) nó (c) a thabhairt i gcrích, ar fhorais eisceachtúla le linn cásanna géarchéime, síochánaíochta, nó oibríochtaí síochánaíochta, nó cogaidh, nó i gcás nár ainmníodh údarás inniúil sa tír seolta nó nach bhfuil an t-údarás inniúil in ann gníomhú. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|