+Airteagal 51 Ceanglais nós imeachta maidir le hallmhairí dramhaíola atá beartaithe lena diúscairt nó le linn géarchéimeanna, nó le linn oibríochtaí síochánaíochta nó oibríochtaí coimeádta síochána
---+Airteagal 51 1.
---+Airteagal 51 2.
---+Airteagal 51 3.
---+Airteagal 51 4.
---+Airteagal 51 5.
---+Airteagal 51 6.
---+Airteagal 51 7.

Airteagal 51 Ceanglais nós imeachta maidir le hallmhairí dramhaíola atá beartaithe lena diúscairt nó le linn géarchéimeanna, nó le linn oibríochtaí síochánaíochta nó oibríochtaí coimeádta síochána

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 51 1.
I gcás ina ndéantar dramhaíl atá beartaithe lena diúscairt a allmhairiú isteach san Aontas ó thíortha atá ina bPáirtithe i gCoinbhinsiún Basel, nó i gcásanna dá dtagraítear in Airteagal 50(1), pointe (d), beidh feidhm mutatis mutandis ag forálacha Theideal II, chomh maith leis na hoiriúnuithe agus na forálacha breise a leagtar amach i míreanna 2 agus 3.
Airteagal 51 2.

Beidh feidhm ag na hoiriúnuithe seo a leanas:

(a) 

fógróir nach bhfuil bunaithe laistigh den Aontas agus nach bhfuil rochtain aige ar chóras dá dtagraítear in Airteagal 27, féadfaidh sé an fógra agus aon fhaisnéis agus doiciméadacht bhreise a iarradh a chur faoi bhráid na n-údarás inniúil lena mbaineann tríd an bpost, nó más iomchuí, trí fhacs nó ríomhphost le síniú digiteach; i gcás ríomhphoist le síniú digiteach, cuirfear an síniú digiteach in ionad aon stampa nó síniú a cheanglaítear;

(b) 

áiritheoidh an fógróir, nó i gcás nach bhfuil an fógróir bunaithe laistigh den Aontas agus nach bhfuil rochtain aige ar chóras dá dtagraítear in Airteagal 27, an t-údarás inniúil cinn scríbe san Aontas, go n-áireofar sa chóras sin gach faisnéis ábhartha, ar a laghad an doiciméad fógartha lena n-áirítear aon iarscríbhinní, an doiciméad gluaiseachta lena n-áirítear aon iarscríbhinní, na toilithe i scríbhinn, faisnéis faoi thoilithe intuigthe agus na coinníollacha;

(c) 

cuirfidh an t-údarás inniúil cinn scríbe agus aon údarás inniúil idirthurais san Aontas an t-údarás inniúil seolta agus aon údarás inniúil idirthurais lasmuigh den Aontas ar an eolas faoi aon iarraidh ar fhaisnéis agus doiciméadacht óna dtaobh siúd agus faoina gcinneadh maidir leis an loingsiú atá beartaithe, tríd an bpost, nó más iomchuí trí fhacs nó i ríomhphost agus síniú digiteach léi, ach amháin má tá rochtain ag na húdaráis inniúla sna tíortha lena mbaineann ar an lárchóras dá dtagraítear in Airteagal 27(3);

(d) 

déanfar an fhaisnéis atá le soláthar don údarás inniúil seolta agus d’aon údarás inniúil idirthurais lasmuigh den Aontas de bhun Airteagail 7, 8, 16 agus 17 a sholáthar tríd an bpost, nó más iomchuí, trí fhacs nó trí ríomhphost le síniú digiteach, ach amháin má tá na húdaráis sin nasctha le córas dá dtagraítear in Airteagal 27;

(e) 

údarás inniúil idirthurais lasmuigh den Aontas, beidh 60 lá aige ó dháta tharchur a admhála go bhfuair sé fógra atá comhlánaithe i gceart, chun toiliú intuigthe a sholáthar nó chun toiliú i scríbhinn a thabhairt le coinníollacha nó gan choinníollacha, má tá cinneadh déanta ag an tír lena mbaineann nach n-éileoidh sí réamhthoiliú i scríbhinn agus gur chuir an tír na Páirtithe i gCoinbhinsiún Basel ar an eolas faoin méid sin, i gcomhréir le hAirteagal 6(4) den Choinbhinsiún sin;

(f) 

sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 50(1), pointe (d), a bhaineann le cásanna géarchéime, síochánaíochta nó oibríochtaí síochánaíochta nó cogaidh, ní éileofar toiliú na n-údarás inniúil seolta.

Airteagal 51 3.

Beidh feidhm ag na forálacha breise seo a leanas:

(a) 

féadfaidh an t-údarás inniúil cinn scríbe, más gá, ráthaíocht airgeadais nó árachas coibhéiseach, nó ráthaíocht airgeadais bhreise nó árachas coibhéiseach a éileamh, tar éis dó athbhreithniú a dhéanamh ar mhéid cumhdaigh aon ráthaíochta airgeadais nó aon árachais choibhéisigh arna bunú ag an bhfógróir;

(b) 

cuirfidh údarás inniúil idirthurais san Aontas admháil ar fáil don fhógróir go bhfuarthas fógra atá comhlánaithe i gceart, maille le cóipeanna do na húdaráis inniúla lena mbaineann i gcás nach bhfuil rochtain acu ar chóras dá dtagraítear in Airteagal 27;

(c) 

áiritheoidh an t-údarás inniúil cinn scríbe agus aon údarás inniúil idirthurais san Aontas go gcuirfear an oifig custam iontrála ar an eolas faoina gcinntí chun toiliú leis an loingsiú;

(d) 

déanfaidh an t-iompróir cóip den doiciméad gluaiseachta a sheachadadh chuig an oifig custam iontrála tríd an bpost, nó más iomchuí trí fhacs nó i ríomhphost agus síniú digiteach leis nó, i gcás ina bhfuil rochtain ag an oifig custam iontrála air, tríd an lárchóras dá dtagraítear in Airteagal 27(3); agus

(e) 

a luaithe a scaoiltear an dramhaíl le haghaidh nós imeachta custam ag na húdaráis custam iontrála, cuirfidh an oifig custam iontrála an t-údarás inniúil cinn scríbe agus aon údarás inniúil idirthurais san Aontas ar an eolas gur tháinig an dramhaíl isteach san Aontas.

Airteagal 51 4.

Ní féidir an loingsiú a dhéanamh ach amháin má chomhlíontar na coinníollacha uile seo a leanas:

(a) 

go bhfuil toiliú i scríbhinn faighte ag an bhfógróir ó na húdaráis inniúla seolta, cinn scríbe agus, i gcás inarb iomchuí, idirthurais, agus comhlíonadh na coinníollacha arna leagan síos sna toilithe sin nó sna hiarscríbhinní a ghabhann leo;

(b) 

gur tugadh conradh i gcrích idir an fógróir agus an coinsíní dá dtagraítear in Airteagal 6 agus go bhfuil éifeacht leis an gconradh sin;

(c) 

gur bunaíodh ráthaíocht airgeadais nó árachas coibhéiseach dá dtagraítear in Airteagal 7 agus go bhfuil éifeacht léi nó leis; agus

(d) 

go n-áirithítear bainistiú atá neamhdhíobhálach don chomhshaol dá dtagraítear in Airteagal 59.

Airteagal 51 5.

I gcás ina dtagann oifig custam iontrála ar loingsiú neamhdhleathach, cuirfidh sí an t-údarás inniúil sa tír ina bhfuil an oifig custam sin ar an eolas gan mhoill. Déanfaidh an t-údarás inniúil sin an méid seo a leanas:

(a) 

an t-údarás inniúil cinn scríbe san Aontas a chur ar an eolas gan mhoill faoin loingsiú neamhdhleathach, agus ina dhiaidh sin an t-údarás inniúil sin an t-údarás inniúil seolta lasmuigh den Aontas a chur ar an eolas faoi;

(b) 

a áirithiú sé go gcoinneofar an dramhaíl go dtí go ndéanfaidh an t-údarás inniúil seolta lasmuigh den Aontas a mhalairt de chinneadh agus go dtí go gcuirfidh sé an cinneadh sin in iúl i scríbhinn don údarás inniúil i dtír na hoifige custam ina bhfuil an dramhaíl á coinneáil; agus

(c) 

cinneadh an údaráis inniúil seolta dá dtagraítear in (b) a chur in iúl gan mhoill don oifig custam iontrála a d’aimsigh an loingsiú neamhdhleathach.

Airteagal 51 6.
I gcás ina ndéanann na fórsaí armtha nó na heagraíochtaí fóirithinte, nó duine nádúrtha nó dlítheanach thar a gceann, dramhaíl a allmhairiú, arna giniúint ag fórsaí armtha nó eagraíochtaí fóirithinte le linn cásanna géarchéime, nó le linn oibríochtaí déanta síochána nó síochánaíochta, a, cuirfidh na heintitis sin aon údarás inniúil idirthurais agus an t-údarás inniúil cinn scríbe san Aontas ar an eolas, nó i gcásanna práinneacha nach eol an tsaoráid diúscartha nó aisghabhála tráth an loingsithe, cuirfidh siad an t-údarás inniúil atá freagrach as limistéar an chéad áit cinn scríbe ar an eolas roimh ré maidir leis an lastas agus a cheann scríbe.

Beidh an fhaisnéis a chuirfear ar fáil de bhun na chéad fhomhíre ag gabháil leis an lastas, mura gcuirtear ar fáil í trí chóras i gcomhréir le hAirteagal 27.

Airteagal 51 7.
Glacfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme ina sonrófar an fhaisnéis atá le soláthar i gcomhréir le mír 6, an chéad fhomhír, agus an t-uainiú gaolmhar.

Beidh an fhaisnéis sin leordhóthanach chun a chur ar a gcumas do na húdaráis cigireachtaí a dhéanamh, agus sonraí a thabhairt maidir leis na daoine a bhfuil baint acu leis na loingsithe, dáta an loingsithe, cainníocht na dramhaíola, sainaithint na dramhaíola, ainmniú agus comhdhéanamh na dramhaíola, an tsaoráid aisghabhála nó diúscartha, an cód le haghaidh na hoibríochta aisghabhála nó diúscartha agus na tíortha lena mbaineann.

Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 81(2).

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas