|
+Airteagal 51 2. |
Airteagal 51 2.Beidh feidhm ag na hoiriúnuithe seo a leanas:
(a)
fógróir nach bhfuil bunaithe laistigh den Aontas agus nach bhfuil rochtain aige ar chóras dá dtagraítear in Airteagal 27, féadfaidh sé an fógra agus aon fhaisnéis agus doiciméadacht bhreise a iarradh a chur faoi bhráid na n-údarás inniúil lena mbaineann tríd an bpost, nó más iomchuí, trí fhacs nó ríomhphost le síniú digiteach; i gcás ríomhphoist le síniú digiteach, cuirfear an síniú digiteach in ionad aon stampa nó síniú a cheanglaítear;
(b)
áiritheoidh an fógróir, nó i gcás nach bhfuil an fógróir bunaithe laistigh den Aontas agus nach bhfuil rochtain aige ar chóras dá dtagraítear in Airteagal 27, an t-údarás inniúil cinn scríbe san Aontas, go n-áireofar sa chóras sin gach faisnéis ábhartha, ar a laghad an doiciméad fógartha lena n-áirítear aon iarscríbhinní, an doiciméad gluaiseachta lena n-áirítear aon iarscríbhinní, na toilithe i scríbhinn, faisnéis faoi thoilithe intuigthe agus na coinníollacha;
(c)
cuirfidh an t-údarás inniúil cinn scríbe agus aon údarás inniúil idirthurais san Aontas an t-údarás inniúil seolta agus aon údarás inniúil idirthurais lasmuigh den Aontas ar an eolas faoi aon iarraidh ar fhaisnéis agus doiciméadacht óna dtaobh siúd agus faoina gcinneadh maidir leis an loingsiú atá beartaithe, tríd an bpost, nó más iomchuí trí fhacs nó i ríomhphost agus síniú digiteach léi, ach amháin má tá rochtain ag na húdaráis inniúla sna tíortha lena mbaineann ar an lárchóras dá dtagraítear in Airteagal 27(3);
(d)
déanfar an fhaisnéis atá le soláthar don údarás inniúil seolta agus d’aon údarás inniúil idirthurais lasmuigh den Aontas de bhun Airteagail 7, 8, 16 agus 17 a sholáthar tríd an bpost, nó más iomchuí, trí fhacs nó trí ríomhphost le síniú digiteach, ach amháin má tá na húdaráis sin nasctha le córas dá dtagraítear in Airteagal 27;
(e)
údarás inniúil idirthurais lasmuigh den Aontas, beidh 60 lá aige ó dháta tharchur a admhála go bhfuair sé fógra atá comhlánaithe i gceart, chun toiliú intuigthe a sholáthar nó chun toiliú i scríbhinn a thabhairt le coinníollacha nó gan choinníollacha, má tá cinneadh déanta ag an tír lena mbaineann nach n-éileoidh sí réamhthoiliú i scríbhinn agus gur chuir an tír na Páirtithe i gCoinbhinsiún Basel ar an eolas faoin méid sin, i gcomhréir le hAirteagal 6(4) den Choinbhinsiún sin;
(f)
sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 50(1), pointe (d), a bhaineann le cásanna géarchéime, síochánaíochta nó oibríochtaí síochánaíochta nó cogaidh, ní éileofar toiliú na n-údarás inniúil seolta. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|