|
+Airteagal 51 3. |
Airteagal 51 3.Beidh feidhm ag na forálacha breise seo a leanas:
(a)
féadfaidh an t-údarás inniúil cinn scríbe, más gá, ráthaíocht airgeadais nó árachas coibhéiseach, nó ráthaíocht airgeadais bhreise nó árachas coibhéiseach a éileamh, tar éis dó athbhreithniú a dhéanamh ar mhéid cumhdaigh aon ráthaíochta airgeadais nó aon árachais choibhéisigh arna bunú ag an bhfógróir;
(b)
cuirfidh údarás inniúil idirthurais san Aontas admháil ar fáil don fhógróir go bhfuarthas fógra atá comhlánaithe i gceart, maille le cóipeanna do na húdaráis inniúla lena mbaineann i gcás nach bhfuil rochtain acu ar chóras dá dtagraítear in Airteagal 27;
(c)
áiritheoidh an t-údarás inniúil cinn scríbe agus aon údarás inniúil idirthurais san Aontas go gcuirfear an oifig custam iontrála ar an eolas faoina gcinntí chun toiliú leis an loingsiú;
(d)
déanfaidh an t-iompróir cóip den doiciméad gluaiseachta a sheachadadh chuig an oifig custam iontrála tríd an bpost, nó más iomchuí trí fhacs nó i ríomhphost agus síniú digiteach leis nó, i gcás ina bhfuil rochtain ag an oifig custam iontrála air, tríd an lárchóras dá dtagraítear in Airteagal 27(3); agus
(e)
a luaithe a scaoiltear an dramhaíl le haghaidh nós imeachta custam ag na húdaráis custam iontrála, cuirfidh an oifig custam iontrála an t-údarás inniúil cinn scríbe agus aon údarás inniúil idirthurais san Aontas ar an eolas gur tháinig an dramhaíl isteach san Aontas. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|