+Airteagal 53 2.

Airteagal 53 2.

Beidh feidhm ag na hoiriúnuithe seo a leanas:

(a) 

féadfar an toiliú de réir mar a cheanglaítear i gcomhréir le hAirteagal 9 a sholáthar i bhfoirm toiliú intuigthe ón údarás inniúil seolta lasmuigh den Aontas;

(b) 

beidh loingsithe dramhaíola a bhfuil sé beartaithe trialacha cóireála turgnamhacha a dhéanamh orthu dá dtagraítear in Airteagal 4(5) faoi réir an nós imeachta um réamhfhógra agus réamhthoiliú i scríbhinn;

(c) 

beidh loingsithe dramhaíola a bhfuil sé beartaithe anailís saotharlainne a dhéanamh orthu dá dtagraítear in Airteagal 4(5) faoi réir an nós imeachta um réamhfhógra agus réamhthoiliú i scríbhinn, mura rud é gur cinneadh cainníocht na dramhaíola sin bunaithe ar na híoschainníochtaí is gá go réasúnach chun an anailís a dhéanamh go leordhóthanach i ngach cás ar leith, agus nach mó í ná 25 kg, agus sa chás sin beidh feidhm ag ceanglais nós imeachta Airteagal 18;

(d) 

beidh feidhm ag na forálacha in Airteagal 51(2), pointí (a) go (e);

(e) 

soláthróidh an tsaoráid a luaitear in Airteagail 15(3) agus 16(5) an dearbhú faoi seach laistigh de 3 lá oibre ón dramhaíl a fháil.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas