+Airteagal 53 Ceanglais nós imeachta maidir le hallmhairí ó thír a bhfuil feidhm ag Cinneadh ECFE maidir léi nó ó limistéir eile le linn géarchéimeanna, nó le linn oibríochtaí síochánaíochta nó oibríochtaí coimeádta síochána
---+Airteagal 53 1.
---+Airteagal 53 2.
---+Airteagal 53 3.
---+Airteagal 53 4.
---+Airteagal 53 5.

Airteagal 53 Ceanglais nós imeachta maidir le hallmhairí ó thír a bhfuil feidhm ag Cinneadh ECFE maidir léi nó ó limistéir eile le linn géarchéimeanna, nó le linn oibríochtaí síochánaíochta nó oibríochtaí coimeádta síochána

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 53 1.
I gcás ina ndéantar dramhaíl atá beartaithe lena haisghabháil a allmhairiú isteach san Aontas ó thíortha agus trí thíortha a bhfuil feidhm ag Cinneadh ECFE maidir leo, nó i gcásanna dá dtagraítear in Airteagal 52(1), pointe (e), beidh feidhm mutatis mutandis ag forálacha Theideal II, maille leis na hoiriúnuithe agus na forálacha breise a leagtar amach i míreanna 2 agus 3.
Airteagal 53 2.

Beidh feidhm ag na hoiriúnuithe seo a leanas:

(a) 

féadfar an toiliú de réir mar a cheanglaítear i gcomhréir le hAirteagal 9 a sholáthar i bhfoirm toiliú intuigthe ón údarás inniúil seolta lasmuigh den Aontas;

(b) 

beidh loingsithe dramhaíola a bhfuil sé beartaithe trialacha cóireála turgnamhacha a dhéanamh orthu dá dtagraítear in Airteagal 4(5) faoi réir an nós imeachta um réamhfhógra agus réamhthoiliú i scríbhinn;

(c) 

beidh loingsithe dramhaíola a bhfuil sé beartaithe anailís saotharlainne a dhéanamh orthu dá dtagraítear in Airteagal 4(5) faoi réir an nós imeachta um réamhfhógra agus réamhthoiliú i scríbhinn, mura rud é gur cinneadh cainníocht na dramhaíola sin bunaithe ar na híoschainníochtaí is gá go réasúnach chun an anailís a dhéanamh go leordhóthanach i ngach cás ar leith, agus nach mó í ná 25 kg, agus sa chás sin beidh feidhm ag ceanglais nós imeachta Airteagal 18;

(d) 

beidh feidhm ag na forálacha in Airteagal 51(2), pointí (a) go (e);

(e) 

soláthróidh an tsaoráid a luaitear in Airteagail 15(3) agus 16(5) an dearbhú faoi seach laistigh de 3 lá oibre ón dramhaíl a fháil.

Airteagal 53 3.
Beidh feidhm freisin ag Airteagal 51(3).
Airteagal 53 4.

Ní féidir an loingsiú a dhéanamh ach amháin má chomhlíontar na coinníollacha uile seo a leanas:

(a) 

go bhfuil toiliú i scríbhinn faighte ag an bhfógróir ó na húdaráis inniúla seolta, cinn scríbe agus, i gcás inarb iomchuí, idirthurais, nó tá toiliú intuigthe soláthartha ag na húdaráis inniúla seolta lasmuigh den Aontas nó is féidir glacadh leis go bhfuil an toiliú intuigthe sin ann, agus comhlíontar na coinníollacha a leagtar síos sna cinntí ar leith;

(b) 

gur gcomhlíonadh na coinníollacha a shonraítear in Airteagal 51(4), pointí (b), (c) agus (d);

Airteagal 53 5.
Beidh feidhm ag forálacha Airteagal 51(5) agus (6).

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas