|
+Airteagal 61 2. |
Airteagal 61 2.Chun a fhionnadh nach dramhaíl atá i substaint nó i réad atá á iompar de bhóthar, d’iarnród, d’aer, d’fharraige nó d’uiscebhealach intíre, féadfaidh na húdaráis a bhfuil baint acu le cigireachtaí a iarraidh ar an duine nádúrtha nó an duine dlítheanach a bhfuil seilbh aige ar an tsubstaint nó an réad lena mbaineann, nó a shocraíonn an tsubstaint nó an réad sin a iompar, fianaise dhoiciméadach a chur isteach:
(a)
faoi thionscnamh agus faoi cheann scríbe na substainte nó an réada lena mbaineann; agus
(b)
nach dramhaíl í, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, fianaise ar fheidhmiúlacht. Chun críche na chéad fomhíre, fionnfar freisin cosaint na substainte nó an réada lena mbaineann in aghaidh damáiste le linn iompair, luchtaithe agus díluchtaithe, amhail pacáistiú leormhaith agus cruachadh iomchuí. Chun idirdhealú a dhéanamh idir earraí úsáidte agus dramhaíl, chun críche cigireachta, beidh feidhm ag na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 29(1), an tríú fomhír, chomh maith le haon chritéir a bhunaítear de bhun Airteagal 29(3), i gcás inarb infheidhme. Beidh an mhír seo gan dochar do chur i bhfeidhm Airteagal 23(2) agus Iarscríbhinn VI a ghabhann le Treoir 2012/19/AE do chur i bhfeidhm Airteagal 72(2) agus Iarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán (AE) 2023/1542. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|