+Airteagal 62 Pleananna cigireachta
---+Airteagal 62 1.
---+Airteagal 62 2.
---+Airteagal 62 3.
---+Airteagal 62 4.
---+Airteagal 62 5.
|
Airteagal 62 Pleananna cigireachta
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 62 1.
|
Áiritheoidh na Ballstáit, i ndáil lena gcríoch gheografach iomlán, go ndéanfar plean amháin nó níos mó ná sin a bhunú, bíodh sé ina phlean leithleach nó mar chuid atá sainithe go soiléir de phleananna eile, chun cigireachtaí a dhéanamh de bhun Airteagal 60(1) (‘plean cigireachta’). Beidh pleananna cigireachta bunaithe ar mheasúnú riosca lena gcumhdófar sruthanna sonracha dramhaíola agus foinsí loingsithe neamhdhleathacha, torthaí na gcigireachtaí a rinneadh roimhe sin agus breithniú á dhéanamh, i gcás inarb iomchuí, ar shonraí faisnéisbhunaithe amhail sonraí maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag póilíní agus ag údaráis custam agus anailísí ar ghníomhaíochtaí coiriúla chomh maith le faisnéis iontaofa ó dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha maidir le loingsithe neamhdhleathacha a d’fhéadfadh a bheith ann, faisnéis ábhartha a bhaineann le bainistiú dramhaíola atá á loingsiú agus faisnéis lena léirítear go bhfuil cosúlachtaí idir loingsiú agus loingsithe a sainaithníodh roimhe sin mar loingsithe neamhdhleathacha. Sa mheasúnú riosca sin cuirfear i gcuntas go háirithe an gá atá le fíoruithe a dhéanamh i dtaobh an gcomhlíonann daoine nádúrtha agus dlítheanacha a onnmhairíonn dramhaíl ón Aontas na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagal 46. Beidh sé d’aidhm ag an measúnú riosca sin, inter alia, íoslíon agus minicíocht na gcigireachtaí atá riachtanach a shainaithint, lena n-áirítear seiceálacha fisiceacha ar bhunaíochtaí, gnóthais, bróicéirí, déileálaithe agus loingsithe dramhaíola nó ar an aisghabháil nó diúscairt ghaolmhar.
|
|
Airteagal 62 2.
|
Beidh na gnéithe seo a leanas ar a laghad san áireamh sna pleananna cigireachta:
(a)
cuspóirí agus tosaíochtaí na gcigireachtaí, lena n-áirítear tuairisc ar an gcaoi a sainaithníodh na cuspóirí agus na tosaíochtaí sin;
(b)
an limistéar geografach a chumhdaítear leis an bplean cigireachta;
(c)
faisnéis faoi chigireachtaí atá beartaithe, lena n-áirítear faisnéis faoi íoslíon na gcigireachtaí agus na seiceálacha fisiceacha atá le déanamh i ngach bliain féilire ar bhunaíochtaí, gnóthais, bróicéirí, déileálaithe agus loingsithe dramhaíola nó ar an aisghabháil nó diúscairt ghaolmhar, a shainaithnítear i gcomhréir leis an measúnú riosca dá dtagraítear i mír 1;
(d)
na tascanna a shanntar do gach údarás a bhfuil baint aige le cigireachtaí;
(e)
socruithe don chomhar idir údaráis a bhfuil baint acu le cigireachtaí;
(f)
faisnéis faoi oiliúint na gcigirí maidir le hábhair a bhaineann le cigireachtaí; agus
(g)
faisnéis faoi na hacmhainní daonna, na hacmhainní airgeadais agus na hacmhainní eile chun an plean cigireachta a chur chun feidhme.
|
|
Airteagal 62 3.
|
Déanfar athbhreithniú ar phlean cigireachta ar a laghad gach 3 bliana agus i gcás inarb iomchuí, tabharfar cothrom le dáta é. Déanfar meastóireacht san athbhreithniú sin ar a mhéid a cuireadh cuspóirí agus eilimintí eile an phlean cigireachta sin chun feidhme.
|
|
Airteagal 62 4.
|
Gan dochar do na ceanglais rúndachta is infheidhme, cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas faoi na pleananna cigireachta dá dtagraítear i mír 1 agus faoi aon athbhreithniú substaintiúil a dhéanfar orthu gach 3 bliana, agus den chéad uair 1 bhliain amháin tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.
|
|
Airteagal 62 5.
|
Déanfaidh an Coimisiún na pleananna cigireachta ar thug na Ballstáit fógra ina leith a athbhreithniú i gcomhréir le mír 4 agus, más iomchuí, tuarascálacha a tharraingt suas, a bheidh bunaithe ar an athbhreithniú ar na pleananna sin, maidir le cur chun feidhme an Airteagail seo. Féadfar a áireamh sna tuarascálacha sin, inter alia, moltaí maidir le tosaíochtaí cigireachtaí agus maidir le comhar agus comhordú forfheidhmiúcháin idir na húdaráis inniúla a bhfuil baint acu le cigireachtaí. Féadfar na tuarascálacha sin a thíolacadh freisin, i gcás inarb iomchuí, i gcruinnithe an ghrúpa forfheidhmiúcháin um loingsiú dramhaíola arna bhunú faoi Airteagal 66, agus cuirfear ar fáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle iad.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|