+Airteagal 62 1.

Airteagal 62 1.

Áiritheoidh na Ballstáit, i ndáil lena gcríoch gheografach iomlán, go ndéanfar plean amháin nó níos mó ná sin a bhunú, bíodh sé ina phlean leithleach nó mar chuid atá sainithe go soiléir de phleananna eile, chun cigireachtaí a dhéanamh de bhun Airteagal 60(1) (‘plean cigireachta’).

Beidh pleananna cigireachta bunaithe ar mheasúnú riosca lena gcumhdófar sruthanna sonracha dramhaíola agus foinsí loingsithe neamhdhleathacha, torthaí na gcigireachtaí a rinneadh roimhe sin agus breithniú á dhéanamh, i gcás inarb iomchuí, ar shonraí faisnéisbhunaithe amhail sonraí maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag póilíní agus ag údaráis custam agus anailísí ar ghníomhaíochtaí coiriúla chomh maith le faisnéis iontaofa ó dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha maidir le loingsithe neamhdhleathacha a d’fhéadfadh a bheith ann, faisnéis ábhartha a bhaineann le bainistiú dramhaíola atá á loingsiú agus faisnéis lena léirítear go bhfuil cosúlachtaí idir loingsiú agus loingsithe a sainaithníodh roimhe sin mar loingsithe neamhdhleathacha. Sa mheasúnú riosca sin cuirfear i gcuntas go háirithe an gá atá le fíoruithe a dhéanamh i dtaobh an gcomhlíonann daoine nádúrtha agus dlítheanacha a onnmhairíonn dramhaíl ón Aontas na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagal 46. Beidh sé d’aidhm ag an measúnú riosca sin, inter alia, íoslíon agus minicíocht na gcigireachtaí atá riachtanach a shainaithint, lena n-áirítear seiceálacha fisiceacha ar bhunaíochtaí, gnóthais, bróicéirí, déileálaithe agus loingsithe dramhaíola nó ar an aisghabháil nó diúscairt ghaolmhar.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas