|
+Airteagal 62 2. |
Airteagal 62 2.Beidh na gnéithe seo a leanas ar a laghad san áireamh sna pleananna cigireachta:
(a)
cuspóirí agus tosaíochtaí na gcigireachtaí, lena n-áirítear tuairisc ar an gcaoi a sainaithníodh na cuspóirí agus na tosaíochtaí sin;
(b)
an limistéar geografach a chumhdaítear leis an bplean cigireachta;
(c)
faisnéis faoi chigireachtaí atá beartaithe, lena n-áirítear faisnéis faoi íoslíon na gcigireachtaí agus na seiceálacha fisiceacha atá le déanamh i ngach bliain féilire ar bhunaíochtaí, gnóthais, bróicéirí, déileálaithe agus loingsithe dramhaíola nó ar an aisghabháil nó diúscairt ghaolmhar, a shainaithnítear i gcomhréir leis an measúnú riosca dá dtagraítear i mír 1;
(d)
na tascanna a shanntar do gach údarás a bhfuil baint aige le cigireachtaí;
(e)
socruithe don chomhar idir údaráis a bhfuil baint acu le cigireachtaí;
(f)
faisnéis faoi oiliúint na gcigirí maidir le hábhair a bhaineann le cigireachtaí; agus
(g)
faisnéis faoi na hacmhainní daonna, na hacmhainní airgeadais agus na hacmhainní eile chun an plean cigireachta a chur chun feidhme. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|