+Airteagal 67 Forálacha ginearálta
---+Airteagal 67 1.
---+Airteagal 67 2.
---+Airteagal 67 3.
---+Airteagal 67 4.
---+Airteagal 67 5.

Airteagal 67 Forálacha ginearálta

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 67 1.
Gan dochar do Rialachán (CE) Uimh. 515/97, feidhmeoidh an Coimisiún na cumhachtaí a thugtar dó le hAirteagail 67 go 71 chun tacú le gníomhaíochtaí forfheidhmiúcháin na mBallstát agus iad a chomhlánú agus chun rannchuidiú le cur chun feidhme aonfhoirmeach an Rialacháin seo ar fud an Aontais.
Airteagal 67 2.
Féadfaidh an Coimisiún na cumhachtaí a thugtar dó leis an Rialachán seo a fheidhmiú maidir le loingsithe dramhaíola a thagann faoi raon feidhme chur i bhfeidhm an Rialacháin seo de bhun Airteagal 2(1), ar de chineál casta iad agus a bhféadfadh éifeachtaí díobhálacha tromchúiseacha a bheith acu ar shláinte an duine nó ar an gcomhshaol agus i gcás ina bhfuil gné thrasteorann ag an imscrúdú is gá a bhaineann le dhá thír ar a laghad. Féadfaidh an Coimisiún gníomhaíochtaí a thionscnamh de réir na gcumhachtaí sin ar a thionscnamh féin, arna iarraidh sin d’údaráis Ballstáit amháin nó níos mó ná sin, nó ar ghearán a fháil má tá amhras leordhóthanach ann gur loingsiú neamhdhleathach é iompar na substainte nó an réada lena mbaineann nó loingsiú na dramhaíola lena mbaineann. Féadfaidh an Coimisiún gearáin den sórt sin a chur ar aghaidh freisin chuig údaráis inniúla na mBallstát lena mbaineann.

Má chinneann an Coimisiún gan gníomhú, tabharfaidh sé freagra ar údarás na mBallstát nó ar na daoine a sheol an gearán laistigh de thréimhse réasúnach ama, agus luafaidh sé na cúiseanna atá lena chreidiúint nach bhfuil dóthain amhrais ann, mura bhfuil cúiseanna leasa phoiblí i gceist, amhail rúndacht imeachtaí riaracháin nó coiriúla a chosaint, gan é sin a dhéanamh.

Tabharfaidh an Coimisiún cúnamh freisin do na Ballstáit dlúthchomhar rialta a eagrú idir a n-údaráis inniúla de bhun Airteagal 71.

Airteagal 67 3.
Agus a chumhachtaí á bhfeidhmiú aige, cuirfidh an Coimisiún i gcuntas cigireachtaí, ionchúiseamh, imeachtaí dlíthiúla nó riaracháin atá ar siúl nó atá déanta cheana féin ag údaráis Ballstáit i leith na loingsithe céanna de bhun an Rialacháin seo agus áiritheoidh sé nach gcuirfear isteach ar na himeachtaí sin. Agus a chumhachtaí á bhfeidhmiú aige, cuirfidh an Coimisiún i gcuntas aon iarraidh ar chur siar ó údarás Ballstáit trína bhuanfhoireann atá freagrach as an gcomhar nó trí na pointí fócasacha dá dtagraítear in Airteagal 65(2).
Airteagal 67 4.
Tar éis don Choimisiún a chuid gníomhaíochtaí a thabhairt chun críche, déanfaidh sé tuarascáil a tharraingt suas. Más é tátal an Choimisiúin é gur loingsiú neamhdhleathach é iompar na substainte nó an réada lena mbaineann nó an loingsiú dramhaíola lena mbaineann, cuirfidh sé údaráis inniúla na tíre nó na dtíortha lena mbaineann ar an eolas dá réir sin agus molfaidh sé go ndéileálfar leis an loingsiú dramhaíola sin i gcomhréir le hAirteagail 25 agus 26. Féadfaidh an Coimisiún beart leantach sonrach a mholadh d’údaráis inniúla na mBallstát, agus, i gcás inar gá institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais lena mbaineann a chur ar an eolas.
Airteagal 67 5.

Beidh tuarascálacha arna dtarraingt suas ar bhonn mhír 4, in éineacht leis an bhfianaise ar fad a thacaíonn leo agus atá i gceangal leo, ina bhfianaise inghlactha:

(a) 

in imeachtaí breithiúnacha de chineál neamhchoiriúil os comhair cúirteanna náisiúnta agus in imeachtaí riaracháin sna Ballstáit;

(b) 

in imeachtaí coiriúla sa Bhallstát ina bhfuil gá lena n-úsáid ar an mbealach céanna agus faoi na coinníollacha céanna leis na tuarascálacha riaracháin arna dtarraingt suas ag na húdaráis riaracháin náisiúnta agus beidh siad faoi réir na rialacha meastóireachta céanna leis na rialacha sin is infheidhme i leith tuarascálacha riaracháin arna dtarraingt suas ag údaráis riaracháin náisiúnta agus beidh an luach céanna fianaise acu agus atá ag na tuarascálacha sin;

(c) 

in imeachtaí breithiúnacha os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.

Ní dhéanfaidh an Rialachán seo difear do chumhacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh ná do na cúirteanna náisiúnta ná do na húdaráis inniúla measúnú a dhéanamh gan bhac ar luach fianaiseach na dtuarascálacha arna dtarraingt suas ag an gCoimisiún i gcomhréir le mír 4.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas