+Airteagal 67 2.
|
Airteagal 67 2.
Féadfaidh an Coimisiún na cumhachtaí a thugtar dó leis an Rialachán seo a fheidhmiú maidir le loingsithe dramhaíola a thagann faoi raon feidhme chur i bhfeidhm an Rialacháin seo de bhun Airteagal 2(1), ar de chineál casta iad agus a bhféadfadh éifeachtaí díobhálacha tromchúiseacha a bheith acu ar shláinte an duine nó ar an gcomhshaol agus i gcás ina bhfuil gné thrasteorann ag an imscrúdú is gá a bhaineann le dhá thír ar a laghad. Féadfaidh an Coimisiún gníomhaíochtaí a thionscnamh de réir na gcumhachtaí sin ar a thionscnamh féin, arna iarraidh sin d’údaráis Ballstáit amháin nó níos mó ná sin, nó ar ghearán a fháil má tá amhras leordhóthanach ann gur loingsiú neamhdhleathach é iompar na substainte nó an réada lena mbaineann nó loingsiú na dramhaíola lena mbaineann. Féadfaidh an Coimisiún gearáin den sórt sin a chur ar aghaidh freisin chuig údaráis inniúla na mBallstát lena mbaineann. Má chinneann an Coimisiún gan gníomhú, tabharfaidh sé freagra ar údarás na mBallstát nó ar na daoine a sheol an gearán laistigh de thréimhse réasúnach ama, agus luafaidh sé na cúiseanna atá lena chreidiúint nach bhfuil dóthain amhrais ann, mura bhfuil cúiseanna leasa phoiblí i gceist, amhail rúndacht imeachtaí riaracháin nó coiriúla a chosaint, gan é sin a dhéanamh. Tabharfaidh an Coimisiún cúnamh freisin do na Ballstáit dlúthchomhar rialta a eagrú idir a n-údaráis inniúla de bhun Airteagal 71.
1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|