+Airteagal 73 Tuairisciú
---+Airteagal 73 1.
---+Airteagal 73 2.
---+Airteagal 73 3.
---+Airteagal 73 4.
---+Airteagal 73 5.

Airteagal 73 Tuairisciú

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 73 1.
Roimh dheireadh gach bliana féilire, déanfaidh gach Ballstát cóip den tuarascáil a tharraing sé suas agus a chuir sé faoi bhráid Rúnaíocht an Choinbhinsiúin sin don bhliain féilire roimhe sin a chur faoi bhráid an Choimisiúin i gcomhréir le hAirteagal 13(3) de Choinbhinsiún Basel.
Airteagal 73 2.
Roimh dheireadh gach bliana féilire, déanfaidh na Ballstáit tuarascáil don bhliain féilire roimhe sin a tharraingt suas freisin, ar tuarascáil í a bheidh bunaithe ar an gceistneoir tuairiscithe breise atá in Iarscríbhinn XI, agus cuirfidh siad faoi bhráid an Choimisiúin í. Laistigh de mhí ón tuarascáil sin a chur faoi bhráid an Choimisiúin, déanfaidh na Ballstáit freisin an chuid sin den tuarascáil a bhaineann le hAirteagail 25, 60(1) agus 63(1), lena n-áirítear Tábla 7 d’Iarscríbhinn XI, a chur ar fáil go poiblí, go leictreonach ar an idirlíon, i gcomhar le haon mhíniúchán a mheasann na Ballstáit a bheith iomchuí, agus cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas faoi na hipearnaisc ghaolmhara. Tiomsóidh an Coimisiún liosta hipearnaisc na mBallstát agus cuirfidh sé ar fáil go poiblí é ar a shuíomh gréasáin.
Airteagal 73 3.
Déanfar na tuarascálacha arna dtarraingt suas ag na Ballstáit, i gcomhréir le míreanna 1 agus 2, a chur faoi bhráid an Choimisiúin go leictreonach.
Airteagal 73 4.
Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar na sonraí a thuairiscítear i gcomhréir leis an Airteagal seo agus foilseoidh sé tuarascáil ina mbeidh torthaí a athbhreithnithe.

Ina theannta sin, tabharfaidh an Coimisiún aghaidh sa tuarascáil sin ar na gnéithe seo a leanas:

(a) 

treochtaí i loingsithe neamhdhleathacha agus dea-chleachtais chun dul i ngleic leis na loingsithe sin, agus moltaí arna ndéanamh ag an ngrúpa forfheidhmiúcháin um loingsiú dramhaíola dá dtagraítear in Airteagal 66 á gcur i gcuntas;

(b) 

éifeachtúlacht an nós imeachta maidir le réamhfhógra agus réamhthoiliú i scríbhinn a leagtar síos i gCaibidil 1 de Theideal II, agus go háirithe na hamlínte gaolmhara, inter alia, trí anailís a dhéanamh ar ghnéithe amhail líon na n-agóidí agus na dtoilithe, agus an t-am idir fógra a thíolacadh agus cinneadh a dhéanamh ina leith, bunaithe ar shonraí a stóráiltear sa chóras dá dtagraítear in Airteagal 27;

(c) 

rannchuidiú an Rialacháin seo le haeráidneodracht, geilleagar ciorclach agus truailliú nialasach a bhaint amach, agus na tuarascálacha agus na sonraí arna bhfoilsiú ag gníomhaireachtaí ábhartha an Aontais á gcur i gcuntas.

Tacóidh an Ghníomhaireacht Eorpach Comhshaoil leis an gCoimisiún agus é i mbun faireachán ar chur chun feidhme an Rialacháin seo, i gcás inarb iomchuí, trí thuarascálacha a tharraingt suas ina gcuirtear anailís ar fáil faoi loingsithe sruthanna sonracha dramhaíola, agus faoi na tionchair chomhshaoil a ghabhann leo.

Déanfar an tuarascáil a luaitear sa chéad fhomhír a tharraingt suas den chéad uair faoin 21 Nollaig 2029 agus gach 3 bliana ina dhiaidh sin.

Airteagal 73 5.
►C1  Tar éis an 21 Bealtaine 2029, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil a tharraingt suas ina ndéanfar measúnú i dtaobh ar áirithíodh le cur chun feidhme na bhforálacha atá in Airteagail 39 go 46 bainistiú atá neamhdhíobhálach don chomhshaol ar dhramhaíl phlaisteach, san Aontas agus i dtíortha araon inar onnmhairíodh dramhaíl den sórt sin ón Aontas, agus nár tharla aon éifeachtaí díobhálacha suntasacha maidir le cóireáil dramhaíola intíre i dtíortha allmhairiúcháin. ◄ Cuirfear san áireamh inti faisnéis agus gnéithe arna soláthar ag na Ballstáit a bhfuil baint acu le dramhaíl phlaisteach a onnmhairiú, ag údaráis inniúla na dtíortha allmhairithe, agus ag oibreoirí eacnamaíocha agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta chomh maith.

Soláthrófar faisnéis sa tuarascáil freisin maidir leis an bhforbairt ar acmhainneacht na n-oibreoirí dramhaíola san Aontas dramhaíl phlaisteach a ghintear sna Ballstáit agus a allmhairítear isteach san Aontas a bhainistiú ar bhealach atá neamhdhíobhálach don chomhshaol.

Déanfar measúnú sa tuarascáil freisin i dtaobh ar rannchuidigh na forálacha maidir le loingsithe dramhaíola idir na Ballstáit le feabhas a chur ar bhainistiú na dramhaíola plaistí, go háirithe ag féachaint ar aicmiú na dramhaíola plaistí faoi iontráil AE3011.

Beidh togra reachtach ag gabháil leis an tuarascáil sin, más iomchuí, chun an Rialachán seo a leasú, lena bhféadfaí coinníollacha níos déine a áireamh maidir le dramhaíl phlaisteach a onnmhairiú chuig tríú tíortha, lena n-áirítear toirmisc ar onnmhairiú.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas