|
+Airteagal 73 4. |
Airteagal 73 4.Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar na sonraí a thuairiscítear i gcomhréir leis an Airteagal seo agus foilseoidh sé tuarascáil ina mbeidh torthaí a athbhreithnithe. Ina theannta sin, tabharfaidh an Coimisiún aghaidh sa tuarascáil sin ar na gnéithe seo a leanas:
(a)
treochtaí i loingsithe neamhdhleathacha agus dea-chleachtais chun dul i ngleic leis na loingsithe sin, agus moltaí arna ndéanamh ag an ngrúpa forfheidhmiúcháin um loingsiú dramhaíola dá dtagraítear in Airteagal 66 á gcur i gcuntas;
(b)
éifeachtúlacht an nós imeachta maidir le réamhfhógra agus réamhthoiliú i scríbhinn a leagtar síos i gCaibidil 1 de Theideal II, agus go háirithe na hamlínte gaolmhara, inter alia, trí anailís a dhéanamh ar ghnéithe amhail líon na n-agóidí agus na dtoilithe, agus an t-am idir fógra a thíolacadh agus cinneadh a dhéanamh ina leith, bunaithe ar shonraí a stóráiltear sa chóras dá dtagraítear in Airteagal 27;
(c)
rannchuidiú an Rialacháin seo le haeráidneodracht, geilleagar ciorclach agus truailliú nialasach a bhaint amach, agus na tuarascálacha agus na sonraí arna bhfoilsiú ag gníomhaireachtaí ábhartha an Aontais á gcur i gcuntas. Tacóidh an Ghníomhaireacht Eorpach Comhshaoil leis an gCoimisiún agus é i mbun faireachán ar chur chun feidhme an Rialacháin seo, i gcás inarb iomchuí, trí thuarascálacha a tharraingt suas ina gcuirtear anailís ar fáil faoi loingsithe sruthanna sonracha dramhaíola, agus faoi na tionchair chomhshaoil a ghabhann leo. Déanfar an tuarascáil a luaitear sa chéad fhomhír a tharraingt suas den chéad uair faoin 21 Nollaig 2029 agus gach 3 bliana ina dhiaidh sin. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|