+Airteagal 85 Aisghairm agus forálacha idirthréimhseacha
---+Airteagal 85 1.
---+Airteagal 85 2.
---+Airteagal 85 3.
---+Airteagal 85 4.
---+Airteagal 85 5.
---+Airteagal 85 6.
---+Airteagal 85 7.
---+Airteagal 85 8.

Airteagal 85 Aisghairm agus forálacha idirthréimhseacha

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 85 1.
Aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1013/2006 le héifeacht ón 20 Bealtaine 2024.
Airteagal 85 2.

Mar sin féin, leanfaidh forálacha Rialachán (CE) Uimh. 1013/2006 d’fheidhm a bheith acu go dtí an 21 Bealtaine 2026 cé is moite den mhéid seo a leanas:

(a) 

Airteagal 30 a scoirfidh d’fheidhm a bheith aige ón 20 Bealtaine 2024;

(b) 

Airteagal 37 a leanfaidh d’fheidhm a bheith aige go dtí an 21 Bealtaine 2027;

(c) 

Airteagal 51 a leanfaidh d’fheidhm a bheith aige go dtí an 31 Nollaig 2025.

Airteagal 85 3.
Leanfaidh Rialachán (CE) Uimh. 1013/2006 d’fheidhm a bheith aige freisin i leith loingsithe ar cuireadh fógra isteach ina dtaobh i gcomhréir le hAirteagal 4 den Rialachán sin agus ar thug an t-údarás inniúil cinn scríbe admháil ina leith i gcomhréir le hAirteagal 8 den Rialachán sin roimh an 21 Bealtaine 2026. I gcás na loingsithe dramhaíola sin, ní bheidh feidhm ag forálacha an Rialacháin seo ina leith.
Airteagal 85 4.
Aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1418/2007 ( 15 ) le héifeacht ón 21 Bealtaine 2027.
Airteagal 85 5.
Déanfar aisghabháil nó diúscairt dramhaíola i loingsiú a bhfuil a dtoiliú tugtha ag na húdaráis inniúla lena mbaineann ina leith i gcomhréir le hAirteagal 9 de Rialachán (CE) Uimh. 1013/2006 a thabhairt i gcrích tráth nach déanaí ná bliain amháin ón 21 Bealtaine 2026.
Airteagal 85 6.
Déanfar loingsiú dramhaíola a bhfuil a dtoiliú tugtha ag na húdaráis inniúla lena mbaineann ina leith i gcomhréir le hAirteagal 14(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1013/2006 a thabhairt i gcrích tráth nach déanaí ná 3 bliana ón 21 Bealtaine 2024.
Airteagal 85 7.
Scoirfidh réamhthoiliú saoráide i gcomhréir le hAirteagal 14 de Rialachán (CE) Uimh. 1013/2006 de bheith bailí tráth nach déanaí ná 5 bliana ón 20 Bealtaine 2024.
Airteagal 85 8.
Déanfar tagairtí don Rialachán aisghairthe (CE) Uimh. 1013/2006 a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil a leagtar amach in Iarscríbhinn XIII.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas