|
+IARSCRÍBHINN IIIA MEASCÁIN DRAMHAÍOLACHA A LIOSTAÍTEAR IN IARSCRÍBHINN III AR CHOINNÍOLL NACH nDÉANFAIDH COMHDHÉANAMH NA MEASCÁN SIN DOCHAR DÁ mBAINISTIÚ ATÁ NEAMHDHÍOBHÁLACH DON CHOMHSHAOL DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 4(4)(b) |
IARSCRÍBHINN IIIA MEASCÁIN DRAMHAÍOLACHA A LIOSTAÍTEAR IN IARSCRÍBHINN III AR CHOINNÍOLL NACH nDÉANFAIDH COMHDHÉANAMH NA MEASCÁN SIN DOCHAR DÁ mBAINISTIÚ ATÁ NEAMHDHÍOBHÁLACH DON CHOMHSHAOL DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 4(4)(b)
IARSCRÍBHINN IIIA MEASCÁIN DRAMHAÍOLACHA A LIOSTAÍTEAR IN IARSCRÍBHINN III AR CHOINNÍOLL NACH nDÉANFAIDH COMHDHÉANAMH NA MEASCÁN SIN DOCHAR DÁ mBAINISTIÚ ATÁ NEAMHDHÍOBHÁLACH DON CHOMHSHAOL DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 4(4)(b) 1. Gan beann ar cé acu a áirítear meascáin dramhaíolacha leis an liosta sin nó nach n-áirítear, d’fhéadfadh sé nach mbeidís faoi réir na gceanglas ginearálta faisnéise a leagtar síos in Airteagal 18 má éillítear chomh mór sin le hábhair eile iad go bhfuil na nithe seo a leanas i gceist:
(a)
go méadaítear na rioscaí a bhaineann leis na dramhaíolacha go leordhóthanach chun go mbeidís iomchuí lena gcur faoi bhráid an nós imeachta um réamhfhógra agus réamhthoiliú i scríbhinn, agus an liosta dramhaíola dá dtagraítear in Airteagal 7 de Threoir 2008/98/CE chomh maith leis na hairíonna guaiseacha a liostaítear in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Treoir sin á gcur i gcuntas; nó
(b)
go gcuirtear cosc ar aisghabháil na ndramhaíolacha ar bhealach atá neamhdhíobhálach don chomhshaol. 2. Áirítear na meascáin dramhaíolacha seo a leanas leis an Iarscríbhinn seo:
(a)
meascáin dramhaíolacha a aicmítear faoi iontrálacha Basel B1010 agus B1050;
(b)
meascáin dramhaíolacha a aicmítear faoi iontrálacha Basel B1010 agus B1070;
(c)
meascáin dramhaíolacha a aicmítear faoi iontrálacha Basel B3040 agus B3080;
(d)
meascáin dramhaíolacha a aicmítear faoi iontráil (ECFE) GB040 agus faoi iontráil Basel B1100 a theorannaítear do spealtar since crua, cineálacha draiseanna ina bhfuil sinc, bearrthaí alúmanaim (nó bearrthaí) seachas slaig shalainn agus dramhaíolacha de líneálacha teasfhulangacha, lena n-áirítear breogáin, de thionscnamh bruithnithe copair;
(e)
meascáin dramhaíolacha a aicmítear faoi iontráil (ECFE) GB040, faoi iontráil Basel B1070 agus faoi iontráil Basel B1100 a theorannaítear do dhramhaíolacha de líneálacha teasfhulangacha, lena n-áirítear breogáin, de thionscnamh bruithnithe copair. 3. Áirítear leis an Iarscríbhinn seo na meascáin dramhaíolacha seo a leanas a aicmítear faoi fhleasca nó fo-fhleasca ar leithligh d’iontráil aonair amháin:
(a)
meascáin dramhaíolacha a aicmítear faoi iontráil Basel B1010;
(b)
meascáin dramhaíolacha a aicmítear faoi iontráil Basel B2010;
(c)
meascáin dramhaíolacha a aicmítear faoi iontráil Basel B2030;
(d)
meascáin dramhaíolacha a aicmítear faoi iontráil Basel B3020 a theorannaítear do pháipéar nó cairtchlár neamhthuartha, do pháipéar nó cairtchlár rocach, do pháipéar nó cairtchlár eile, atá déanta as laíon ceimiceach tuartha go príomha, nach bhfuil daite sa mhais, nó do pháipéar nó cairtchlár atá déanta as laíon meicniúil go príomha (mar shampla, nuachtáin, irisí agus ábhar eile clóite den chineál sin);
(e)
meascáin dramhaíolacha a aicmítear faoi iontráil Basel B3030;
(f)
meascáin dramhaíolacha a aicmítear faoi iontráil Basel B3040;
(g)
meascáin dramhaíolacha a aicmítear faoi iontráil Basel B3050. 4. I gcás loingsithe atá beartaithe lena n-athchúrsáil laistigh den Aontas, áirítear san Iarscríbhinn seo na meascáin dramhaíolacha seo a leanas ( 23 ) a aicmítear faoi fhleasca nó fo-fhleasca ar leithligh d’iontráil aonair amháin:
(a)
meascáin dramhaíolacha a aicmítear faoi iontráil EU3011 agus a liostaítear faoin bhfleasc lena dtagraítear do pholaiméirí neamh-halaiginithe;
(b)
meascáin dramhaíolacha a aicmítear faoi iontráil EU3011 agus a liostaítear faoin bhfleasc lena dtagraítear do roisíní leasaithe nó táirgí comhdhlúthúcháin;
(c)
meascáin dramhaíolacha a aicmítear faoi iontráil EU3011 agus a liostaítear faoi ‘alcáin shárfhluaracsacha’. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|