1. Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh clubanna sacair ghairmiúil atá rannpháirteach sa roinn is airde den tsraith sacair náisiúnta agus a bhfuil láimhdeachas bliantúil iomlán níos lú ná EUR 5 000 000 acu, nó a choibhéis san airgeadra náisiúnta, i ngach ceann den 2 bhliain féilire roimhe sin a dhíolmhú, go hiomlán nó go páirteach, ó na ceanglais a leagtar amach sa Rialachán seo ar bhonn an riosca ísil chruthaithe a thagann as cineál agus scála oibríochta na gclubanna sacair ghairmiúil sin.
Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh clubanna sacair ghairmiúil a ghlacann páirt i roinn níos ísle ná an roinn is airde den tsraith sacair náisiúnta a dhíolmhú, go hiomlán nó go páirteach, ó na ceanglais a leagtar amach sa Rialachán seo ar bhonn an riosca ísil chruthaithe a thagann as cineál agus scála oibríochta na gclubanna sacair ghairmiúil sin.