2. Déanfar an measúnú riosca uileghnó a tharraingíonn an t-eintiteas faoi oibleagáid suas de bhun mhír 1 a dhoiciméadú, a choinneáil cothrom le dáta agus a athbhreithniú go rialta, lena n-áirítear i gcás ina ndéanann aon teagmhas inmheánach nó seachtrach difear suntasach do na rioscaí sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta a bhaineann le gníomhaíochtaí, táirgí, idirbhearta, bealaí seachadta, custaiméirí nó criosanna gníomhaíochtaí geografacha an eintitis faoi oibleagáid. Cuirfear ar fáil do mhaoirseoirí é arna iarraidh sin dóibh.
Déanfaidh an t-oifigeach um chomhlíonadh an measúnú riosca uileghnó a tharraingt suas agus formheasfaidh an comhlacht bainistíochta i gcáil a fheidhme bainistíochta é agus, i gcás inar ann don chomhlacht sin, cuirfidh sé in iúl don chomhlacht bainistíochta i gcáil a fheidhme maoirseachta é.