3. Tabharfaidh na heintitis faoi oibleagáid acmhainní leordhóthanacha, lena n-áirítear an fhoireann agus an teicneolaíocht, do na feidhmeanna um chomhlíonadh, atá comhréireach le méid, cineál agus rioscaí an eintitis faoi oibleagáid chun a gcúraimí a dhéanamh go héifeachtach, agus áiritheoidh siad go dtugtar na cumhachtaí do na daoine atá freagrach as na feidhmeanna sin lenar féidir leo aon bhearta a mholadh is gá chun éifeachtacht bheartais, nósanna imeachta agus rialuithe inmheánacha an eintitis faoi oibleagáid a áirithiú.