2. Bunófar feidhmeanna maidir le comhlíonadh ar leibhéal an ghrúpa. Áireofar ar na feidhmeanna sin bainisteoir um chomhlíonadh ar leibhéal an ghrúpa agus, i gcás ina mbíonn údar cuí leis de bharr na ngníomhaíochtaí a dhéantar ar leibhéal an ghrúpa, oifigeach um chomhlíonadh. Déanfar an cinneadh maidir le méid na bhfeidhmeanna maidir le comhlíonadh a dhoiciméadú.
Tuairisceoidh an bainisteoir um chomhlíonadh dá dtagraítear sa chéad fhomhír go tráthrialta do chomhlacht bainistíochta i gcáil a fheidhme bainistíochta ar an máthairghnóthais maidir le cur chun feidhme na mbeartas, na nósanna imeachta agus na rialuithe uileghrúpa. Ar a laghad, cuirfidh an bainisteoir um chomhlíonadh tuarascáil isteach uair sa bhliain maidir le cur chun feidhme bheartais, nósanna imeachta agus rialuithe inmheánacha an eintitis faoi oibleagáid agus déanfaidh sé na gníomhaíochtaí is gá chun aon easnaimh a sainaithnítear a leigheas ar bhealach tráthúil. I gcás inar comhlacht é an comhlacht bainistíochta i gcáil a fheidhme bainistíochta atá freagrach, i dteannta a chéile, as a chinntí, tabharfaidh an bainisteoir um chomhlíonadh cúnamh agus comhairle dó agus ullmhóidh sé na cinntí is gá chun an tAirteagal seo a chur chun feidhme.