2. Chun na tríú tíortha dá dtagraítear i mír 1 a shainaithint, tugtar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 85 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh, i gcás:
|
(a)
|
inar sainaithníodh laigí maidir le comhlíonadh i gcreat dlíthiúil agus institiúideach AML/CFT an tríú tír;
|
|
(b)
|
inar sainaithníodh laigí maidir le comhlíonadh in éifeachtacht chóras AML/CFT an tríú tír maidir le haghaidh a thabhairt ar rioscaí sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta nó ina chóras chun rioscaí a bhaineann le mainneachtain cur chun feidhme nó imghabháil smachtbhannaí airgeadais na Náisiún Aontaithe a bhaineann le maoiniú an leata a mheasúnú agus a mhaolú.
|
Glacfar na gníomhartha tarmligthe sin laistigh de 20 lá féilire ó dheimhníonn an Coimisiún go bhfuil na critéir i bpointe (a) nó (b) den chéad fhomhír comhlíonta.