9. Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomh cur chun feidhme, an mhodheolaíocht a ghlacadh chun tríú tíortha a shainaithint de bhun an Airteagail seo. Leagfar amach sa ghníomh cur chun feidhme sin an méid seo a leanas, go háirithe:
|
(a)
|
conas a dhéantar measúnú ar na critéir dá dtagraítear i mír 2;
|
|
(b)
|
an próiseas idirghníomhaíochta leis an tríú tír atá á measúnú;
|
|
(c)
|
an próiseas maidir le rannpháirtíocht na mBallstát agus AMLA i sainaithint tríú tíortha ar bagairt shonrach thromchúiseach ar chóras airgeadais an Aontais iad.
|
Déanfar an gníomh cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 86(2).