+Airteagal 31 Tríú tíortha a chruthaíonn bagairt shonrach agus thromchúiseach ar chóras airgeadais an Aontais a shainaithint
---+Airteagal 31 1
---+Airteagal 31 2
---+Airteagal 31 3
---+Airteagal 31 4
---+Airteagal 31 5
---+Airteagal 31 6
---+Airteagal 31 7
---+Airteagal 31 8
---+Airteagal 31 9
|
Airteagal 31 Tríú tíortha a chruthaíonn bagairt shonrach agus thromchúiseach ar chóras airgeadais an Aontais a shainaithint
-
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 31 1
|
1. Tabharfar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 85 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí thríú tíortha a shainaithint i gcásanna eisceachtúla ina measann sé go bhfuil sé fíor-riachtanach bagairt shonrach agus thromchúiseach ar chóras airgeadais an Aontais agus feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh sna tríú tíortha sin a mhaolú, agus nach féidir a mhaolú de bhun Airteagal 29 agus 30.
|
|
Airteagal 31 2
|
2. Cuirfidh an Coimisiún san áireamh, le linn dó na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear i mír 1 a tharraingt suas, na critéir seo a leanas go háirithe:
|
(a)
|
creat dlíthiúil agus institiúideach AML/CFT an tríú tír, go háirithe:
|
(i)
|
sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a choiriúlú;
|
|
(ii)
|
bearta a bhaineann le dícheall cuí do chustaiméirí;
|
|
(iii)
|
ceanglais a bhaineann le coinneáil taifead;
|
|
(iv)
|
ceanglais chun idirbhearta amhrasacha a thuairisciú;
|
|
(v)
|
faisnéis chruinn agus thráthúil maidir le húinéireacht thairbhiúil daoine dlítheanacha agus socruithe dlíthiúla a bheith ar fáil d’údaráis inniúla;
|
|
|
(b)
|
cumhachtaí agus nósanna imeachta údaráis inniúla an tríú tír chun sciúradh airgid agus maoiniú na sceimhlitheoireachta a chomhrac, lena n-áirítear smachtbhannaí éifeachtacha, comhréireacha agus athchomhairleacha iomchuí, chomh maith le cleachtas an tríú tír i dtaca le comhar agus malartú faisnéise le húdaráis inniúla na mBallstát;
|
|
(c)
|
éifeachtacht chóras AML/CFT an tríú tír chun aghaidh a thabhairt ar rioscaí sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta.
|
|
|
Airteagal 31 3
|
3. Chun leibhéal na bagartha dá dtagraítear i mír 1 a chinneadh, féadfaidh an Coimisiún iarraidh ar AMLA tuairim a ghlacadh atá dírithe ar mheasúnú a dhéanamh ar an tionchar sonrach ar ionracas chóras airgeadais an Aontais de bharr leibhéal na bagartha a bhaineann le tríú tír.
|
|
Airteagal 31 4
|
4. I gcás ina sainaithníonn AMLA gur bagairt shonrach agus thromchúiseach ar chóras airgeadais an Aontais í tríú tír seachas iad sin a shainaithnítear de bhun Airteagail 29 agus 30, féadfaidh sé tuairim a thabhairt don Choimisiún ina leagfar amach an bhagairt atá sainaitheanta aige agus an fáth a gcreideann sé gur cheart don Choimisiún an tríú tír a shainaithint de bhun mhír 1.
I gcás ina gcinnfidh an Coimisiún gan an tríú tír dá dtagraítear sa chéad fhomhír a shainaithint, tabharfaidh sé údar cuí leis sin do AMLA.
|
|
Airteagal 31 5
|
5. Cuirfidh an Coimisiún san áireamh go háirithe, le linn dó na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear i mír 1 a tharraingt suas, na meastóireachtaí, na measúnuithe nó na tuarascálacha ábhartha arna dtarraingt suas ag eagraíochtaí idirnáisiúnta agus socraitheoirí caighdeán a bhfuil inniúlacht acu i ndáil le sciúradh airgid a chosc agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chomhrac.
|
|
Airteagal 31 6
|
6. I gcás inarb ionann an bhagairt shonrach agus thromchúiseach shainaitheanta ón tríú tír lena mbaineann agus easnamh straitéiseach suntasach, beidh feidhm ag Airteagal 29(4) agus sainaithneofar na frithbhearta sonracha dá dtagraítear in Airteagal 29(5) sa ghníomh tarmligthe dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo.
|
|
Airteagal 31 7
|
7. I gcás inarb ionann an bhagairt shonrach agus thromchúiseach shainaitheanta ón tríú tír lena mbaineann agus laige maidir le comhlíonadh, sa ghníomh tarmligthe dá dtagraítear i mír 11, déanfar bearta feabhsaithe díchill chuí sonracha a shainaithint i measc na mbeart sin a liostaítear in Airteagal 34(4) agus), cuirfidh na heintitis faoi oibleagáid an méid sin i bhfeidhm chun rioscaí a bhaineann le gaolmhaireachtaí gnó nó idirbhearta ócáideacha a bhaineann le daoine nádúrtha nó dlítheanacha ón tríú tír sin a mhaolú.
|
|
Airteagal 31 8
|
8. Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear i mír 1 ar bhonn rialta chun a áirithiú go gcuirfear na hathruithe i gcreat AML/CFT den tríú tír san áireamh sna frithbhearta dá dtagraítear i mír 6 agus sna bearta feabhsaithe díchill chuí dá dtagraítear i mír 7 agus go mbeidh siad i gcomhréir leis na rioscaí agus leordhóthanach maidir leo.
|
|
Airteagal 31 9
|
9. Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomh cur chun feidhme, an mhodheolaíocht a ghlacadh chun tríú tíortha a shainaithint de bhun an Airteagail seo. Leagfar amach sa ghníomh cur chun feidhme sin an méid seo a leanas, go háirithe:
|
(a)
|
conas a dhéantar measúnú ar na critéir dá dtagraítear i mír 2;
|
|
(b)
|
an próiseas idirghníomhaíochta leis an tríú tír atá á measúnú;
|
|
(c)
|
an próiseas maidir le rannpháirtíocht na mBallstát agus AMLA i sainaithint tríú tíortha ar bagairt shonrach thromchúiseach ar chóras airgeadais an Aontais iad.
|
Déanfar an gníomh cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 86(2).
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|