2. I gcás ina sainaithneoidh na Ballstáit de bhun Airteagal 8(4), pointe (c), de Threoir (AE) /2024/1640 catagóirí d’eintitis chorparáideacha atá neamhchosanta ar rioscaí níos airde maidir le sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta, lena n-áirítear bunaithe ar na hearnálacha ina n-oibríonn siad, cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas faoi sin. Faoin 10 Iúil 2029, déanfaidh an Coimisiún a mheas an bhfuil na rioscaí a bhaineann leis na catagóirí sin d’eintitis dhlítheanacha ábhartha don mhargadh inmheánach agus, i gcás ina gcinnfidh sé gurb iomchuí tairseach níos ísle chun na rioscaí sin a mhaolú, déanfaidh sé gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 85 chun an Rialachán seo a leasú tríd an méid seo a leanas a shainaithint:
|
(a)
|
catagóirí na n-eintiteas corparáideach lena mbaineann rioscaí níos airde maidir le sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta agus a mbeidh feidhm ag tairseach níos ísle i gceist leo;
|
|
(b)
|
na tairseacha gaolmhara.
|
Socrófar an tairseach níos ísle dá dtagraítear sa chéad fhomhír ag uasmhéid de 15 % den leas úinéireachta san eintiteas corparáideach, ach amháin má chinneann an Coimisiún, ar bhonn riosca, go mbeadh tairseach níos airde níos comhréirí, a shocrófar i gcás ar bith ag níos lú ná 25 %.