+Airteagal 52 Úinéireacht thairbhiúil trí leas úinéireachta
---+Airteagal 52 1
---+Airteagal 52 2
---+Airteagal 52 3
---+Airteagal 52 4
|
Airteagal 52 Úinéireacht thairbhiúil trí leas úinéireachta
-
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 52 1
|
1. Chun críoch Airteagal 51, an chéad fhomhír, pointe (a), ciallóidh ‘leas úinéireachta san eintiteas corparáideach’ úinéireacht dhíreach nó indíreach ar 25 % nó níos mó de na scaireanna nó de na cearta vótála nó de leas úinéireachta eile san eintiteas corparáideach, lena n-áirítear cearta ar sciar de bhrabúis, d’acmhainní inmheánacha eile nó d’iarmhéid leachtaithe. Ríomhfar an úinéireacht indíreach trí na scaireanna nó na cearta vótála nó na leasanna úinéireachta eile atá i seilbh na n-eintiteas idirmheánach i slabhra na n-eintiteas ina bhfuil scaireanna nó cearta vótála i seilbh an úinéara thairbhiúil a iolrú agus trí na torthaí ó na slabhraí éagsúla sin a shuimiú, mura mbeidh feidhm ag Airteagal 54.
Chun measúnú a dhéanamh an ann do leas úinéireachta san eintiteas corparáideach, cuirfear na scairshealbha ar fad ar gach leibhéal úinéireachta san áireamh.
|
|
Airteagal 52 2
|
2. I gcás ina sainaithneoidh na Ballstáit de bhun Airteagal 8(4), pointe (c), de Threoir (AE) /2024/1640 catagóirí d’eintitis chorparáideacha atá neamhchosanta ar rioscaí níos airde maidir le sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta, lena n-áirítear bunaithe ar na hearnálacha ina n-oibríonn siad, cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas faoi sin. Faoin 10 Iúil 2029, déanfaidh an Coimisiún a mheas an bhfuil na rioscaí a bhaineann leis na catagóirí sin d’eintitis dhlítheanacha ábhartha don mhargadh inmheánach agus, i gcás ina gcinnfidh sé gurb iomchuí tairseach níos ísle chun na rioscaí sin a mhaolú, déanfaidh sé gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 85 chun an Rialachán seo a leasú tríd an méid seo a leanas a shainaithint:
|
(a)
|
catagóirí na n-eintiteas corparáideach lena mbaineann rioscaí níos airde maidir le sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta agus a mbeidh feidhm ag tairseach níos ísle i gceist leo;
|
|
(b)
|
na tairseacha gaolmhara.
|
Socrófar an tairseach níos ísle dá dtagraítear sa chéad fhomhír ag uasmhéid de 15 % den leas úinéireachta san eintiteas corparáideach, ach amháin má chinneann an Coimisiún, ar bhonn riosca, go mbeadh tairseach níos airde níos comhréirí, a shocrófar i gcás ar bith ag níos lú ná 25 %.
|
|
Airteagal 52 3
|
3. Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar an ngníomh tarmligthe dá dtagraítear i mír 2 ar bhonn tráthrialta chun a áirithiú go sainaithníonn sé na catagóirí ábhartha d’eintitis chorparáideacha lena mbaineann rioscaí níos airde, agus go bhfuil na tairseacha gaolmhara i gcomhréir leis na rioscaí sin.
|
|
Airteagal 52 4
|
4. I gcás na n-eintiteas dlítheanach seachas eintitis chorparáideacha, nach iomchuí nó nach féidir úinéireacht a ríomh ina leith, ag féachaint dá bhfoirm agus dá struchtúr, is iad na daoine nádúrtha a rialaíonn an t-eintiteas dlítheanach, go díreach nó go hindíreach, na húinéirí tairbhiúla, de bhun Airteagal 53(3) agus (4), ach amháin i gcás ina mbeidh feidhm ag Airteagal 57.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|