3. De mhaolú ar mhír 1 den Airteagal seo, is féidir nochtadh a dhéanamh idir eintitis faoi oibleagáid ar den ghrúpa céanna iad, nó idir eintitis den sórt sin agus a mbrainsí agus a bhfochuideachtaí arna mbunú i dtríú tíortha, ar choinníoll go ndéanfaidh na brainsí agus na fochuideachtaí sin na beartais agus na nósanna imeachta uileghrúpa a chomhlíonadh go hiomlán, lena n-áirítear nósanna imeachta chun faisnéis a chomhroinnt laistigh den ghrúpa, i gcomhréir le hAirteagal 16, agus go ndéanfaidh na beartais agus na nósanna imeachta uileghrúpa na ceanglais a leagtar amach sa Rialachán seo a chomhlíonadh.