2. Beidh eintitis faoi oibleagáid in ann sonraí pearsanta a chumhdaítear le hAirteagal 9 de Rialachán (AE) 2016/679 a phróiseáil ar choinníoll:
|
(a)
|
go gcuireann siad a gcustaiméirí nó a gcustaiméirí ionchais ar an eolas go bhféadfar catagóirí na sonraí sin a phróiseáil chun ceanglais an Rialacháin seo a chomhlíonadh;
|
|
(b)
|
go mbeidh na sonraí de thionscnamh foinsí iontaofa agus go mbeidh siad cruinn agus cothrom le dáta;
|
|
(c)
|
nach ndéanann siad cinntí as a dtiocfadh torthaí claonta agus idirdhealaitheacha ar bhonn na sonraí sin;
|
|
(d)
|
go nglacann siad bearta ar ardleibhéal slándála i gcomhréir le hAirteagal 32 de Rialachán (AE) 2016/679, go háirithe i dtéarmaí rúndachta.
|