+Airteagal 76 Sonraí pearsanta a phróiseáil
---+Airteagal 76 1
---+Airteagal 76 2
---+Airteagal 76 3
---+Airteagal 76 4
---+Airteagal 76 5
|
Airteagal 76 Sonraí pearsanta a phróiseáil
-
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 76 1
|
1. A mhéid is fíorghá chun sciúradh airgid agus maoiniú na sceimhlitheoireachta a chosc, féadfaidh eintitis faoi oibleagáid próiseáil a dhéanamh ar chatagóirí speisialta sonraí pearsanta dá dtagraítear in Airteagal 9(1) de Rialachán (AE) 2016/679 agus ar shonraí pearsanta a bhaineann le ciontuithe coiriúla agus cionta dá dtagraítear in Airteagal 10 den Rialachán sin faoi réir na gcoimircí dá bhforáiltear i míreanna 2 agus 3 den Airteagal seo.
|
|
Airteagal 76 2
|
2. Beidh eintitis faoi oibleagáid in ann sonraí pearsanta a chumhdaítear le hAirteagal 9 de Rialachán (AE) 2016/679 a phróiseáil ar choinníoll:
|
(a)
|
go gcuireann siad a gcustaiméirí nó a gcustaiméirí ionchais ar an eolas go bhféadfar catagóirí na sonraí sin a phróiseáil chun ceanglais an Rialacháin seo a chomhlíonadh;
|
|
(b)
|
go mbeidh na sonraí de thionscnamh foinsí iontaofa agus go mbeidh siad cruinn agus cothrom le dáta;
|
|
(c)
|
nach ndéanann siad cinntí as a dtiocfadh torthaí claonta agus idirdhealaitheacha ar bhonn na sonraí sin;
|
|
(d)
|
go nglacann siad bearta ar ardleibhéal slándála i gcomhréir le hAirteagal 32 de Rialachán (AE) 2016/679, go háirithe i dtéarmaí rúndachta.
|
|
|
Airteagal 76 3
|
3. Beidh eintitis faoi oibleagáid in ann sonraí pearsanta a chumhdaítear le hAirteagal 10 de Rialachán (AE) 2016/679 a phróiseáil ar choinníoll go gcomhlíonann siad na coinníollacha a leagtar síos i mír 2 den Airteagal seo agus:
|
(a)
|
go mbaineann na sonraí pearsanta sin le sciúradh airgid, a chionta preideacáide, nó le maoiniú na sceimhlitheoireachta;
|
|
(b)
|
go mbeidh nósanna imeachta i bhfeidhm ag na heintitis faoi oibleagáid a lamhálann idirdhealú, agus na sonraí sin á bpróiseáil, idir líomhaintí, imscrúduithe, imeachtaí agus ciontuithe, agus an ceart bunúsach chun triail chóir a fháil, an ceart cosanta agus toimhde na neamhchiontachta á gcur san áireamh.
|
|
|
Airteagal 76 4
|
4. Ní dhéanfaidh eintitis faoi oibleagáid sonraí pearsanta a phróiseáil ar bhonn an Rialacháin seo ach amháin chun cosc a chur ar sciúradh airgid agus ar mhaoiniú sceimhlitheoireachta agus ní dhéanfar tuilleadh próiseála orthu ar bhealach nach bhfuil ag luí leis na críocha sin. Toirmeascfar sonraí pearsanta a phróiseáil ar bhonn an Rialacháin seo chun críocha tráchtála.
|
|
Airteagal 76 5
|
5. Féadfaidh eintitis faoi oibleagáid cinntí a ghlacadh a eascraíonn as próisis uathoibrithe, lena n-áirítear próifíliú mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (4), de Rialachán (AE) 2016/679, nó as próisis lena mbaineann córais intleachta saorga mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (1),) de Rialachán (AE) 2024/xxx ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (45), ar choinníoll:
|
(a)
|
nach mbaineann na sonraí a phróiseáiltear leis na córais sin ach le sonraí a fhaightear de bhun Chaibidil III den Rialachán seo;
|
|
(b)
|
go bhfuil aon chinneadh maidir le gaolmhaireacht gnó a dhéanamh nó diúltú gaolmhaireacht gnó a dhéanamh nó a choinneáil ar bun le custaiméir nó maidir le hidirbheart ócáideach a dhéanamh nó diúltú é a dhéanamh do chustaiméir, nó méid na mbeart díchill chuí do chustaiméirí a chuirtear i bhfeidhm de bhun Airteagal 20 den Rialachán seo a mhéadú nó a laghdú, faoi réir idirghabháil fhóinteach dhaonna chun cruinneas agus oiriúnacht an chinnidh sin a áirithiú, agus
|
|
(c)
|
go bhféadfaidh an custaiméir míniú a fháil ar an gcinneadh ar tháinig an t-eintiteas faoi oibleagáid air, agus go bhféadfaidh sé agóid a dhéanamh i gcoinne an chinnidh sin, ach amháin maidir le tuarascáil dá dtagraítear in Airteagal 69 den Rialachán seo.
|
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
|