2. I gcás aistriú cripteashócmhainní a dhéanfar ó sheoladh féinostáilte, déanfaidh soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní an tairbhí an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 14(1) agus (2) a fháil agus a shealbhú agus áiritheoidh sé gur féidir aistriú cripteashócmhainní a shainaithint ar bhonn aonair.
Gan dochar do bhearta maolaithe riosca sonracha arna ndéanamh i gcomhréir le hAirteagal 19b de Threoir (AE) 2015/849, i gcás aistriú méid ar mó é ná EUR 1 000 ó sheoladh féinóstáilte, déanfaidh soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní an tairbhí bearta leordhóthanacha chun measúnú a dhéanamh an bhfuil an seoladh sin faoi úinéireacht nó faoi rialú an tairbhí.