3. Déanfaidh soláthraithe seirbhísí íocaíochta agus soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní an fhaisnéis a cheanglaítear a sholáthar de bhun Airteagal 13 de Rialachán (AE) 2016/679 a chur ar fáil do chliaint nua sula mbunófar gaolmhaireacht ghnó nó sula ndéanfar idirbheart ócáideach. Soláthrófar an fhaisnéis sin i bhfoirm atá gonta, trédhearcach, intuigthe agus a bhfuil rochtain éasca uirthi i gcomhréir le hAirteagal 12 de Rialachán (AE) 2016/679 agus áireofar inti go háirithe fógra ginearálta faoi na hoibleagáidí dlíthiúla atá ar sholáthraithe seirbhísí íocaíochta agus soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní faoin Rialachán seo nuair a bhíonn sonraí pearsanta á bpróiseáil acu chun sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc.