+RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2024/1773 ÓN gCOIMISIÚN an 13 Márta 2024 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2022/2554 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear ábhar mionsonraithe an bheartais i ndáil le socruithe conarthacha ar úsáid seirbhísí TFC lena dtacaítear le feidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha agus a sholáthraíonn soláthraithe seirbhíse TFC tríú páirtí (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
---+Preamble: 1
---+Airteagal 1 Próifíl riosca fhoriomlán agus castacht
------+Airteagal 1 (a)
------+Airteagal 1 (b)
------+Airteagal 1 (c)
------+Airteagal 1 (d)
------+Airteagal 1 (e)
------+Airteagal 1 (f)
------+Airteagal 1 (g)
------+Airteagal 1 (h)
------+Airteagal 1 (i)
------+Airteagal 1 (j)
---+Airteagal 2 Cur i bhfeidhm i gcás grúpa
---+Airteagal 3 Socruithe rialachais
------+Airteagal 3 1
------+Airteagal 3 2
------+Airteagal 3 3
------+Airteagal 3 4
------+Airteagal 3 5
------+Airteagal 3 6
------+Airteagal 3 7
------+Airteagal 3 8
---+Airteagal 4 Príomhchéimeanna an tsaolré chun socruithe conarthacha a ghlacadh agus a úsáid
------+Airteagal 4 (a)
------+Airteagal 4 (b)
------+Airteagal 4 (c)
------+Airteagal 4 (d)
------+Airteagal 4 (e)
------+Airteagal 4 (f)
---+Airteagal 5 Measúnú riosca ex ante
------+Airteagal 5 1
------+Airteagal 5 2
---+Airteagal 6 Dícheall cuí
------+Airteagal 6 1
------+Airteagal 6 2
------+Airteagal 6 3
------+Airteagal 6 4
---+Airteagal 7 Coinbhleachtaí leasa
------+Airteagal 7 1
------+Airteagal 7 2
---+Airteagal 8 Clásail chonarthacha
------+Airteagal 8 1
------+Airteagal 8 2
------+Airteagal 8 3
------+Airteagal 8 4
---+Airteagal 9 Faireachán a dhéanamh ar na socruithe conarthacha
------+Airteagal 9 1
------+Airteagal 9 2
------+Airteagal 9 3
------+Airteagal 9 4
---+Airteagal 10 Scor de na socruithe conarthacha agus iad a fhoirceannadh
------+Airteagal 10 (a)
------+Airteagal 10 (b)
------+Airteagal 10 (c)
------+Airteagal 10 2
---+Airteagal 11 Teacht i bhfeidhm
|
English -
European Union -
Financial Industry -
DORA -
RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2024/1773 ÓN gCOIMISIÚN an 13 Márta 2024 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2022/2554 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear ábhar mionsonraithe an bheartais i ndáil le socruithe conarthacha ar úsáid seirbhísí TFC lena dtacaítear le feidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha agus a sholáthraíonn soláthraithe seirbhíse TFC tríú páirtí (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2024/1773 ÓN gCOIMISIÚN
an 13 Márta 2024
lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2022/2554 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear ábhar mionsonraithe an bheartais i ndáil le socruithe conarthacha ar úsáid seirbhísí TFC lena dtacaítear le feidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha agus a sholáthraíonn soláthraithe seirbhíse TFC tríú páirtí
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Preamble: 1
|
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2022/2554 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 maidir le hathléimneacht dhigiteach oibríochtúil don earnáil airgeadais agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1060/2009, (AE) Uimh. 648/2012, (AE) Uimh. 600/2014, (AE) Uimh. 909/2014 agus (AE) 2016/1011 (1), agus go háirithe Airteagal 28(10), an tríú fomhír, de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1)
|
Leis an gcreat maidir le hathléimneacht dhigiteach oibríochtúil don earnáil airgeadais a bhunaítear le Rialachán (AE) 2022/2554, ceanglaítear go leagfaidh eintitis airgeadais amach príomhphrionsabail áirithe chun riosca TFC tríú páirtí a bhainistiú, a bhfuil tábhacht faoi leith ag baint leo nuair a théann eintitis airgeadais i dteagmháil le soláthraithe seirbhísí TFC tríú páirtí chun tacú lena bhfeidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha.
|
|
(2)
|
Mar chuid dá gcreat bainistíochta riosca TFC, ní mór d’eintitis airgeadais straitéis um riosca TFC tríú páirtí a ghlacadh agus athbhreithniú a dhéanamh uirthi go tráthrialta. I gcomhréir le hAirteagal 28(2) de Rialachán (AE) 2022/2554, ní mór a áireamh sa straitéis sin beartas um úsáid seirbhísí TFC lena dtacaítear le feidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha agus a sholáthraíonn soláthraithe seirbhísí TFC tríú páirtí. Tá feidhm le bheith ag an straitéis ar bhonn aonair agus, de réir mar is ábhartha, ar bhonn fo-chomhdhlúite agus ar bhonn comhdhlúite.
|
|
(3)
|
Bíonn eintitis airgeadais an-éagsúil ó thaobh méide, struchtúir agus eagrúcháin inmheánaigh agus ó thaobh nádúr agus chastacht a ngníomhaíochtaí agus a gcuid oibríochtaí. Is gá an éagsúlacht sin a chur san áireamh agus ceanglais rialála bhunúsacha áirithe á bhforfheidhmiú, cinn atá iomchuí maidir leis na heintitis airgeadais uile nuair a fhorbraítear an beartas maidir le socruithe conarthacha i ndáil le húsáid seirbhísí TFC lena dtacaítear le feidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha ó sholáthraithe TFC tríú páirtí (‘an beartas’), agus chun a áirithiú go gcuirtear na ceanglais sin i bhfeidhm ar bhealach atá comhréireach.
|
|
(4)
|
I gcás ina bhfuil eintitis airgeadais ina gcuid de ghrúpa, ba cheart don mháthairghnóthas, atá freagrach as ráitis airgeadais chomhdhlúite nó fho-chomhdhlúite a sholáthar don ghrúpa, a áirithiú go gcuirtear an beartas i bhfeidhm ar bhealach comhsheasmhach agus comhleanúnach laistigh den ghrúpa.
|
|
(5)
|
Nuair a chuirtear an beartas i bhfeidhm, ba cheart a mheas gur soláthraithe seirbhíse TFC tríú páirtí iad soláthraithe seirbhísí TFC inghrúpa, lena n-áirítear iad siúd atá faoi úinéireacht iomlán nó faoi úinéireacht chomhchoiteann eintiteas airgeadais laistigh den scéim cosanta institiúideach chéanna. D’fhéadfadh na rioscaí a bhaineann le soláthraithe seirbhísí TFC inghrúpa a bheith difriúil ach tá na ceanglais is infheidhme maidir leo mar an gcéanna faoi Rialachán (AE) 2022/2554. Ar an dul céanna, ba cheart feidhm a bheith ag an mbeartas maidir le fochonraitheoirí a sholáthraíonn seirbhísí TFC lena dtacaítear le feidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha, nó codanna ábharacha díobh, do sholáthraithe seirbhíse TFC tríú páirtí, i gcás ina bhfuil slabhra soláthraithe seirbhíse TFC tríú páirtí ann.
|
|
(6)
|
Prionsabal uileghabhálach is ea freagracht bhunúsach an chomhlachta bainistíochta i ndáil le bainistiú riosca TFC eintitis airgeadais, atá infheidhme freisin maidir le húsáid soláthraithe seirbhíse TFC tríú páirtí. Ba cheart an fhreagracht sin a léiriú ina dhiaidh sin le rannpháirtíocht leanúnach an chomhlachta bainistíochta sa rialáil agus san fhaireachán ar an mbainistíocht riosca TFC, lena n-áirítear glacadh an bheartais agus an t-athbhreithniú, uair sa bhliain ar a laghad, air.
|
|
(7)
|
Chun tuairisciú iomchuí don chomhlacht bainistíochta a áirithiú, ba cheart a shonrú agus a shainaithint go soiléir sa bheartas na freagrachtaí inmheánacha i ndáil le formheas, bainistíocht, rialú agus doiciméadú socruithe conarthacha i ndáil le húsáid seirbhísí TFC lena dtacaítear le feidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha agus a sholáthraíonn soláthraithe seirbhíse TFC tríú páirtí (‘socruithe conarthacha’), lena n-áirítear na seirbhísí TFC a sholáthraítear faoi shocruithe conarthacha dá dtagraítear in Airteagal 28(1), pointe (a), de Rialachán (AE) 2022/2554.
|
|
(8)
|
Maidir leis na rioscaí féideartha uile a chur san áireamh, is é sin na cinn a d’fhéadfadh teacht chun cinn agus conradh a dhéanamh i ndáil le seirbhísí TFC lena dtacaítear le feidhm chriticiúil nó thábhachtach, ba cheart do struchtúr an bheartais céimeanna uile gach príomhchéime den saolré do shocruithe conarthacha le soláthraithe tríú páirtí a leanúint.
|
|
(9)
|
Chun na rioscaí a shainaithnítear a mhaolú, ba cheart a shonrú sa bheartas pleanáil na socruithe conarthacha, lena n-áirítear an measúnú riosca, an dícheall cuí, agus an próiseas formheas d’athruithe nua nó ábharacha ar na socruithe conarthacha sin. Maidir leis na rioscaí a bhainistiú, is é sin na cinn a d’fhéadfadh teacht chun cinn sula ndéanfaí socrú conarthach le soláthraithe seirbhíse TFC tríú páirtí, ba cheart a shonrú sa bheartas próiseas iomchuí agus comhréireach chun oiriúnacht soláthraithe seirbhíse TFC tríú páirtí ionchasacha a roghnú agus chun measúnú a dhéanamh orthu agus ba cheart a cheangal go gcuirfidh an t-eintiteas airgeadais san áireamh liosta nach bhfuil uileghabhálach d’eilimintí ba cheart a bheith i bhfeidhm ag na soláthraithe seirbhíse TFC tríú páirtí. Ba cheart a áireamh sa liostú eilimintí a bhaineann le clú gnó na soláthraithe seirbhíse, a gcuid acmhainní airgeadais, daonna agus teicniúla, a gcuid slándála faisnéise, a struchtúr eagraíochtúil, lena n-áirítear bainistíocht riosca, agus a gcuid rialuithe inmheánacha.
|
|
(10)
|
Chun bainistíocht fhónta riosca a áirithiú i ndáil le soláthar seirbhísí TFC lena dtacaítear le feidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha ó sholáthraithe seirbhíse TFC tríú páirtí, ba cheart faisnéis a bheith sa bheartas faoi chur chun feidhme, faireachán agus bainistíocht na socruithe conarthacha, lena n-áirítear ar an leibhéal comhdhlúite agus fo-chomhdhlúite, i gcás inarb infheidhme. Áirítear air sin ceanglais maidir le clásail chonarthacha i ndáil le hoibleagáidí frithpháirteacha na n-eintiteas airgeadais agus na soláthraithe seirbhíse TFC tríú páirtí, agus ba cheart na ceanglais sin a leagan amach i scríbhinn. Chun maoirseacht éifeachtúil a áirithiú agus athléimneacht a chothú i gcás athruithe ar an tsamhail ghnó nó timpeallacht an ghnó, ba cheart cearta na n-eintiteas airgeadais nó na dtríú páirtithe ceaptha agus na n-údarás inniúil ar chigireachtaí a áirithiú leis an mbeartas, chomh maith le rochtain ar fhaisnéis, agus ba cheart a shonrú leis freisin na straitéisí scoir agus na próisis foirceanta.
|
|
(11)
|
A mhéid a phróiseálann soláthraithe seirbhíse TFC tríú páirtí sonraí pearsanta, tá an beartas seo agus aon socrú conarthach gan dochar do na hoibleagáidí faoi Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) agus ba cheart dóibh na hoibleagáidí sin a chomhlánú, amhail conradh i scríbhinn a bheith ann ina dtugtar tuairisc ar phróiseáil na sonraí pearsanta, ina dtugtar tuairisc ar cheanglas maidir le slándáil phróiseáil na sonraí pearsanta a áirithiú agus ina leagtar amach na heilimintí uile eile a cheanglaítear faoin rialachán sin.
|
|
(12)
|
Reáchtáil an Comhchoiste de na hÚdaráis Mhaoirseachta Eorpacha dá dtagraítear in Airteagal 54 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), in Airteagal 54 de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) agus in Airteagal 54 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) comhairliúcháin phoiblí oscailte maidir leis na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ar a bhfuil an Rialachán seo bunaithe, rinne sé anailís ar chostais agus tairbhí féideartha na gcaighdeán atá beartaithe agus d’iarr comhairle ar an nGrúpa Geallsealbhóirí Baincéireachta a bhunaítear i gcomhréir le hAirteagal 37 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, ar an nGrúpa Geallsealbhóirí Árachais agus Athárachais agus ar an nGrúpa Geallsealbhóirí Pinsean Ceirde a bhunaítear i gcomhréir le hAirteagal 37 de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 agus ar an nGrúpa Geallsealbhóirí um Urrúis agus Margaí a bhunaítear i gcomhréir le hAirteagal 37 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010,
|
|
(13)
|
Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) agus thug sé tuairim an 24 Eanáir 2024,
|
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 13 Márta 2024.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
|
|
Airteagal 1 Próifíl riosca fhoriomlán agus castacht
|
Maidir leis an mbeartas maidir le húsáid seirbhísí TCF lena dtacaítear le feidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha agus a sholáthraíonn soláthraithe seirbhíse TFC tríú páirtí (‘an beartas’), cuirfear san áireamh ann méid agus próifíl riosca fhoriomlán an eintitis airgeadais, cineál, scála agus eilimintí de chastacht mhéadaithe nó laghdaithe a sheirbhísí, a ghníomhaíochtaí agus a oibríochtaí, lena n-áirítear eilimintí a bhaineann leis an méid seo a leanas:
|
|
Airteagal 2 Cur i bhfeidhm i gcás grúpa
|
Airteagal 2
Cur i bhfeidhm i gcás grúpa
I gcás ina bhfuil feidhm ag an Rialachán seo ar bhonn fo-chomhdhlúite nó ar bhonn comhdhlúite, áiritheoidh an máthairghnóthas atá freagrach as soláthar na ráiteas airgeadais comhdhlúite nó fo-chomhdhlúite don ghrúpa go gcuirtear an beartas chun feidhme go comhsheasmhach sna heintitis airgeadais uile atá mar chuid den ghrúpa agus go bhfuil sé leordhóthanach do chur i bhfeidhm éifeachtach an Rialacháin seo ar leibhéil uile ábhartha an ghrúpa.
|
|
Airteagal 3 Socruithe rialachais
|
-
|
|
Airteagal 4 Príomhchéimeanna an tsaolré chun socruithe conarthacha a ghlacadh agus a úsáid
|
Sonrófar sa bheartas na ceanglais, lena n-áirítear na rialacha, na freagrachtaí agus na próisis, do gach príomhchéim de shaolré socraithe chonarthaigh, agus ceann amháin, ar a laghad, de na nithe seo a leanas á chumhdach:
|
|
Airteagal 5 Measúnú riosca ex ante
|
-
|
|
Airteagal 6 Dícheall cuí
|
-
|
|
Airteagal 7 Coinbhleachtaí leasa
|
-
|
|
Airteagal 8 Clásail chonarthacha
|
-
|
|
Airteagal 9 Faireachán a dhéanamh ar na socruithe conarthacha
|
-
|
|
Airteagal 10 Scor de na socruithe conarthacha agus iad a fhoirceannadh
|
Beidh ceanglais maidir le plean scoir doiciméadaithe do gach socrú conarthach agus d’athbhreithniú tráthrialta agus do thástáil thráthrialta an phlean scoir dhoiciméadaithe sa bheartas. Cuirfear an méid seo a leanas san áireamh agus an plean scoir á bhunú:
|
|
Airteagal 11 Teacht i bhfeidhm
|
Airteagal 11
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
(1)
IO L 333, 27.12.2022, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2022/2554/oj.
(2) Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/679/oj).
(3) Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Baincéireachta Eorpach), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/78/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 12, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2010/1093/oj).
(4) Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/79/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 48, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2010/1094/oj).
(5) Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/77/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 84, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2010/1095/oj).
(6) Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1725/oj).
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
Saincheisteanna nasctha
|