+RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2024/1773 ÓN gCOIMISIÚN an 13 Márta 2024 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2022/2554 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear ábhar mionsonraithe an bheartais i ndáil le socruithe conarthacha ar úsáid seirbhísí TFC lena dtacaítear le feidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha agus a sholáthraíonn soláthraithe seirbhíse TFC tríú páirtí (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
---+Preamble: 1
---+Airteagal 1 Próifíl riosca fhoriomlán agus castacht
------+Airteagal 1 (a)
------+Airteagal 1 (b)
------+Airteagal 1 (c)
------+Airteagal 1 (d)
------+Airteagal 1 (e)
------+Airteagal 1 (f)
------+Airteagal 1 (g)
------+Airteagal 1 (h)
------+Airteagal 1 (i)
------+Airteagal 1 (j)
---+Airteagal 2 Cur i bhfeidhm i gcás grúpa
---+Airteagal 3 Socruithe rialachais
------+Airteagal 3 1
------+Airteagal 3 2
------+Airteagal 3 3
------+Airteagal 3 4
------+Airteagal 3 5
------+Airteagal 3 6
------+Airteagal 3 7
------+Airteagal 3 8
---+Airteagal 4 Príomhchéimeanna an tsaolré chun socruithe conarthacha a ghlacadh agus a úsáid
------+Airteagal 4 (a)
------+Airteagal 4 (b)
------+Airteagal 4 (c)
------+Airteagal 4 (d)
------+Airteagal 4 (e)
------+Airteagal 4 (f)
---+Airteagal 5 Measúnú riosca ex ante
------+Airteagal 5 1
------+Airteagal 5 2
---+Airteagal 6 Dícheall cuí
------+Airteagal 6 1
------+Airteagal 6 2
------+Airteagal 6 3
------+Airteagal 6 4
---+Airteagal 7 Coinbhleachtaí leasa
------+Airteagal 7 1
------+Airteagal 7 2
---+Airteagal 8 Clásail chonarthacha
------+Airteagal 8 1
------+Airteagal 8 2
------+Airteagal 8 3
------+Airteagal 8 4
---+Airteagal 9 Faireachán a dhéanamh ar na socruithe conarthacha
------+Airteagal 9 1
------+Airteagal 9 2
------+Airteagal 9 3
------+Airteagal 9 4
---+Airteagal 10 Scor de na socruithe conarthacha agus iad a fhoirceannadh
------+Airteagal 10 (a)
------+Airteagal 10 (b)
------+Airteagal 10 (c)
------+Airteagal 10 2
---+Airteagal 11 Teacht i bhfeidhm
English - European Union - Financial Industry - DORA -

RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2024/1773 ÓN gCOIMISIÚN an 13 Márta 2024 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2022/2554 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear ábhar mionsonraithe an bheartais i ndáil le socruithe conarthacha ar úsáid seirbhísí TFC lena dtacaítear le feidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha agus a sholáthraíonn soláthraithe seirbhíse TFC tríú páirtí (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2024/1773 ÓN gCOIMISIÚN

an 13 Márta 2024

lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2022/2554 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear ábhar mionsonraithe an bheartais i ndáil le socruithe conarthacha ar úsáid seirbhísí TFC lena dtacaítear le feidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha agus a sholáthraíonn soláthraithe seirbhíse TFC tríú páirtí

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Preamble: 1

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2022/2554 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 maidir le hathléimneacht dhigiteach oibríochtúil don earnáil airgeadais agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1060/2009, (AE) Uimh. 648/2012, (AE) Uimh. 600/2014, (AE) Uimh. 909/2014 agus (AE) 2016/1011 (1), agus go háirithe Airteagal 28(10), an tríú fomhír, de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Leis an gcreat maidir le hathléimneacht dhigiteach oibríochtúil don earnáil airgeadais a bhunaítear le Rialachán (AE) 2022/2554, ceanglaítear go leagfaidh eintitis airgeadais amach príomhphrionsabail áirithe chun riosca TFC tríú páirtí a bhainistiú, a bhfuil tábhacht faoi leith ag baint leo nuair a théann eintitis airgeadais i dteagmháil le soláthraithe seirbhísí TFC tríú páirtí chun tacú lena bhfeidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha.

(2)

Mar chuid dá gcreat bainistíochta riosca TFC, ní mór d’eintitis airgeadais straitéis um riosca TFC tríú páirtí a ghlacadh agus athbhreithniú a dhéanamh uirthi go tráthrialta. I gcomhréir le hAirteagal 28(2) de Rialachán (AE) 2022/2554, ní mór a áireamh sa straitéis sin beartas um úsáid seirbhísí TFC lena dtacaítear le feidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha agus a sholáthraíonn soláthraithe seirbhísí TFC tríú páirtí. Tá feidhm le bheith ag an straitéis ar bhonn aonair agus, de réir mar is ábhartha, ar bhonn fo-chomhdhlúite agus ar bhonn comhdhlúite.

(3)

Bíonn eintitis airgeadais an-éagsúil ó thaobh méide, struchtúir agus eagrúcháin inmheánaigh agus ó thaobh nádúr agus chastacht a ngníomhaíochtaí agus a gcuid oibríochtaí. Is gá an éagsúlacht sin a chur san áireamh agus ceanglais rialála bhunúsacha áirithe á bhforfheidhmiú, cinn atá iomchuí maidir leis na heintitis airgeadais uile nuair a fhorbraítear an beartas maidir le socruithe conarthacha i ndáil le húsáid seirbhísí TFC lena dtacaítear le feidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha ó sholáthraithe TFC tríú páirtí (‘an beartas’), agus chun a áirithiú go gcuirtear na ceanglais sin i bhfeidhm ar bhealach atá comhréireach.

(4)

I gcás ina bhfuil eintitis airgeadais ina gcuid de ghrúpa, ba cheart don mháthairghnóthas, atá freagrach as ráitis airgeadais chomhdhlúite nó fho-chomhdhlúite a sholáthar don ghrúpa, a áirithiú go gcuirtear an beartas i bhfeidhm ar bhealach comhsheasmhach agus comhleanúnach laistigh den ghrúpa.

(5)

Nuair a chuirtear an beartas i bhfeidhm, ba cheart a mheas gur soláthraithe seirbhíse TFC tríú páirtí iad soláthraithe seirbhísí TFC inghrúpa, lena n-áirítear iad siúd atá faoi úinéireacht iomlán nó faoi úinéireacht chomhchoiteann eintiteas airgeadais laistigh den scéim cosanta institiúideach chéanna. D’fhéadfadh na rioscaí a bhaineann le soláthraithe seirbhísí TFC inghrúpa a bheith difriúil ach tá na ceanglais is infheidhme maidir leo mar an gcéanna faoi Rialachán (AE) 2022/2554. Ar an dul céanna, ba cheart feidhm a bheith ag an mbeartas maidir le fochonraitheoirí a sholáthraíonn seirbhísí TFC lena dtacaítear le feidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha, nó codanna ábharacha díobh, do sholáthraithe seirbhíse TFC tríú páirtí, i gcás ina bhfuil slabhra soláthraithe seirbhíse TFC tríú páirtí ann.

(6)

Prionsabal uileghabhálach is ea freagracht bhunúsach an chomhlachta bainistíochta i ndáil le bainistiú riosca TFC eintitis airgeadais, atá infheidhme freisin maidir le húsáid soláthraithe seirbhíse TFC tríú páirtí. Ba cheart an fhreagracht sin a léiriú ina dhiaidh sin le rannpháirtíocht leanúnach an chomhlachta bainistíochta sa rialáil agus san fhaireachán ar an mbainistíocht riosca TFC, lena n-áirítear glacadh an bheartais agus an t-athbhreithniú, uair sa bhliain ar a laghad, air.

(7)

Chun tuairisciú iomchuí don chomhlacht bainistíochta a áirithiú, ba cheart a shonrú agus a shainaithint go soiléir sa bheartas na freagrachtaí inmheánacha i ndáil le formheas, bainistíocht, rialú agus doiciméadú socruithe conarthacha i ndáil le húsáid seirbhísí TFC lena dtacaítear le feidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha agus a sholáthraíonn soláthraithe seirbhíse TFC tríú páirtí (‘socruithe conarthacha’), lena n-áirítear na seirbhísí TFC a sholáthraítear faoi shocruithe conarthacha dá dtagraítear in Airteagal 28(1), pointe (a), de Rialachán (AE) 2022/2554.

(8)

Maidir leis na rioscaí féideartha uile a chur san áireamh, is é sin na cinn a d’fhéadfadh teacht chun cinn agus conradh a dhéanamh i ndáil le seirbhísí TFC lena dtacaítear le feidhm chriticiúil nó thábhachtach, ba cheart do struchtúr an bheartais céimeanna uile gach príomhchéime den saolré do shocruithe conarthacha le soláthraithe tríú páirtí a leanúint.

(9)

Chun na rioscaí a shainaithnítear a mhaolú, ba cheart a shonrú sa bheartas pleanáil na socruithe conarthacha, lena n-áirítear an measúnú riosca, an dícheall cuí, agus an próiseas formheas d’athruithe nua nó ábharacha ar na socruithe conarthacha sin. Maidir leis na rioscaí a bhainistiú, is é sin na cinn a d’fhéadfadh teacht chun cinn sula ndéanfaí socrú conarthach le soláthraithe seirbhíse TFC tríú páirtí, ba cheart a shonrú sa bheartas próiseas iomchuí agus comhréireach chun oiriúnacht soláthraithe seirbhíse TFC tríú páirtí ionchasacha a roghnú agus chun measúnú a dhéanamh orthu agus ba cheart a cheangal go gcuirfidh an t-eintiteas airgeadais san áireamh liosta nach bhfuil uileghabhálach d’eilimintí ba cheart a bheith i bhfeidhm ag na soláthraithe seirbhíse TFC tríú páirtí. Ba cheart a áireamh sa liostú eilimintí a bhaineann le clú gnó na soláthraithe seirbhíse, a gcuid acmhainní airgeadais, daonna agus teicniúla, a gcuid slándála faisnéise, a struchtúr eagraíochtúil, lena n-áirítear bainistíocht riosca, agus a gcuid rialuithe inmheánacha.

(10)

Chun bainistíocht fhónta riosca a áirithiú i ndáil le soláthar seirbhísí TFC lena dtacaítear le feidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha ó sholáthraithe seirbhíse TFC tríú páirtí, ba cheart faisnéis a bheith sa bheartas faoi chur chun feidhme, faireachán agus bainistíocht na socruithe conarthacha, lena n-áirítear ar an leibhéal comhdhlúite agus fo-chomhdhlúite, i gcás inarb infheidhme. Áirítear air sin ceanglais maidir le clásail chonarthacha i ndáil le hoibleagáidí frithpháirteacha na n-eintiteas airgeadais agus na soláthraithe seirbhíse TFC tríú páirtí, agus ba cheart na ceanglais sin a leagan amach i scríbhinn. Chun maoirseacht éifeachtúil a áirithiú agus athléimneacht a chothú i gcás athruithe ar an tsamhail ghnó nó timpeallacht an ghnó, ba cheart cearta na n-eintiteas airgeadais nó na dtríú páirtithe ceaptha agus na n-údarás inniúil ar chigireachtaí a áirithiú leis an mbeartas, chomh maith le rochtain ar fhaisnéis, agus ba cheart a shonrú leis freisin na straitéisí scoir agus na próisis foirceanta.

(11)

A mhéid a phróiseálann soláthraithe seirbhíse TFC tríú páirtí sonraí pearsanta, tá an beartas seo agus aon socrú conarthach gan dochar do na hoibleagáidí faoi Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) agus ba cheart dóibh na hoibleagáidí sin a chomhlánú, amhail conradh i scríbhinn a bheith ann ina dtugtar tuairisc ar phróiseáil na sonraí pearsanta, ina dtugtar tuairisc ar cheanglas maidir le slándáil phróiseáil na sonraí pearsanta a áirithiú agus ina leagtar amach na heilimintí uile eile a cheanglaítear faoin rialachán sin.

(12)

Reáchtáil an Comhchoiste de na hÚdaráis Mhaoirseachta Eorpacha dá dtagraítear in Airteagal 54 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), in Airteagal 54 de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) agus in Airteagal 54 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) comhairliúcháin phoiblí oscailte maidir leis na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ar a bhfuil an Rialachán seo bunaithe, rinne sé anailís ar chostais agus tairbhí féideartha na gcaighdeán atá beartaithe agus d’iarr comhairle ar an nGrúpa Geallsealbhóirí Baincéireachta a bhunaítear i gcomhréir le hAirteagal 37 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, ar an nGrúpa Geallsealbhóirí Árachais agus Athárachais agus ar an nGrúpa Geallsealbhóirí Pinsean Ceirde a bhunaítear i gcomhréir le hAirteagal 37 de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 agus ar an nGrúpa Geallsealbhóirí um Urrúis agus Margaí a bhunaítear i gcomhréir le hAirteagal 37 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010,

(13)

Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) agus thug sé tuairim an 24 Eanáir 2024,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 13 Márta 2024.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN

Airteagal 1 Próifíl riosca fhoriomlán agus castacht

Maidir leis an mbeartas maidir le húsáid seirbhísí TCF lena dtacaítear le feidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha agus a sholáthraíonn soláthraithe seirbhíse TFC tríú páirtí (‘an beartas’), cuirfear san áireamh ann méid agus próifíl riosca fhoriomlán an eintitis airgeadais, cineál, scála agus eilimintí de chastacht mhéadaithe nó laghdaithe a sheirbhísí, a ghníomhaíochtaí agus a oibríochtaí, lena n-áirítear eilimintí a bhaineann leis an méid seo a leanas:

Airteagal 2 Cur i bhfeidhm i gcás grúpa

Airteagal 2

Cur i bhfeidhm i gcás grúpa

I gcás ina bhfuil feidhm ag an Rialachán seo ar bhonn fo-chomhdhlúite nó ar bhonn comhdhlúite, áiritheoidh an máthairghnóthas atá freagrach as soláthar na ráiteas airgeadais comhdhlúite nó fo-chomhdhlúite don ghrúpa go gcuirtear an beartas chun feidhme go comhsheasmhach sna heintitis airgeadais uile atá mar chuid den ghrúpa agus go bhfuil sé leordhóthanach do chur i bhfeidhm éifeachtach an Rialacháin seo ar leibhéil uile ábhartha an ghrúpa.

Airteagal 3 Socruithe rialachais -
Airteagal 4 Príomhchéimeanna an tsaolré chun socruithe conarthacha a ghlacadh agus a úsáid

Sonrófar sa bheartas na ceanglais, lena n-áirítear na rialacha, na freagrachtaí agus na próisis, do gach príomhchéim de shaolré socraithe chonarthaigh, agus ceann amháin, ar a laghad, de na nithe seo a leanas á chumhdach:

Airteagal 5 Measúnú riosca ex ante -
Airteagal 6 Dícheall cuí -
Airteagal 7 Coinbhleachtaí leasa -
Airteagal 8 Clásail chonarthacha -
Airteagal 9 Faireachán a dhéanamh ar na socruithe conarthacha -
Airteagal 10 Scor de na socruithe conarthacha agus iad a fhoirceannadh

Beidh ceanglais maidir le plean scoir doiciméadaithe do gach socrú conarthach agus d’athbhreithniú tráthrialta agus do thástáil thráthrialta an phlean scoir dhoiciméadaithe sa bheartas. Cuirfear an méid seo a leanas san áireamh agus an plean scoir á bhunú:

Airteagal 11 Teacht i bhfeidhm

Airteagal 11

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.


(1)   IO L 333, 27.12.2022, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2022/2554/oj.

(2)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/679/oj).

(3)  Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Baincéireachta Eorpach), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/78/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 12, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2010/1093/oj).

(4)  Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/79/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 48, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2010/1094/oj).

(5)  Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/77/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 84, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2010/1095/oj).

(6)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1725/oj).

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas

Saincheisteanna nasctha