+101. I gcás go gcinnfidh an gnólacht infheistíochta i gcomhréir le CTR maidir le baill foirne …
|
101. I gcás go gcinnfidh an gnólacht infheistíochta i gcomhréir le CTR maidir le baill foirne …
I gcás go gcinnfidh an gnólacht infheistíochta i gcomhréir le CTR maidir le baill foirne shainaitheanta nach bhfuil tionchar ábhartha ag gníomhaíochtaí gairmiúla an bhaill foirne ar an ngnólacht infheistíochta nó ar na sócmhainní a bhainistíonn sé agus go ndéanann sé iarratas ar cheadú roimh ré, ba cheart go mbeadh feidhm ag an méid seo a leanas: EBA Public - a. ba cheart don chomhlacht bainistíochta cinneadh a dhéanamh bunaithe ar an anailís arna déanamh laistigh den phróiseas sainaitheanta bliantúil, más fíor é nach bhfuil tionchar ábhartha ag na baill foirne ar phróifíl riosca an ghnólachta infheistíochta nó ar na sócmhainní a bhainistíonn sé agus an fheidhm mhaoirseachta a chur ar an eolas faoin gcinneadh a glacadh. Ba cheart don fheidhm mhaoirseachta nó don choiste luach saothair, i gcás go bhfuil sé curtha ar bun, athbhreithniú a dhéanamh ar na critéir agus ar an bpróiseas faoina nglactar na cinntí agus na díolúintí arna ndéanamh a cheadú;17
- b. ba cheart aon iarratas ar cheadú roimh ré a dhéanamh gan mhoill, ach laistigh de shé mhí i ndiaidh dheireadh na bliana airgeadais roimhe sin ar a dhéanaí. Ba cheart don údarás inniúil an t-iarratas a mheasúnú agus an t-iarratas a cheadú nó a dhiúltú, a mhéid is féidir, laistigh de thréimhse trí mhí i ndiaidh dó na doiciméid iomlána a fháil;
- c. i gcás gur dámhadh luach saothair iomlán EUR 1,000,000 nó níos mó ar an mball foirne sa bhliain airgeadais roimhe sin, ba cheart don údarás inniúil an tÚdarás Baincéireachta Eorpach a chur ar an eolas láithreach faoin iarratas a fuarthas agus a mheasúnú tosaigh a sholáthar. Arna iarraidh sin, ba cheart don údarás inniúil an fhaisnéis go léir a fuair an gnólacht infheistíochta a chur faoi bhráid an ÚBE láithreach. Déanfaidh an ÚBE idirchaidreamh leis an údarás inniúil lena áirithiú go ndeonófar eisiaimh dá leithéid ar bhealach comhsheasmhach sula ndéanfaidh an t-údarás inniúil an cinneadh maidir leis an iarratas a cheadú nó a dhiúltú.
17 Féach alt 103 maidir le díolúintí ón bpolasaí luach saothair a cheadú, le do thoil.
1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- EBA -
EN: Guidelines and other publications of the European Banking Authority (EBA), https://www.eba.europa.eu/. © European Banking Authority. Reproduction is authorised provided the source is acknowledged (EBA legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the versions published by the EBA are authoritative.
DE: Leitlinien und weitere Veröffentlichungen der Europäischen Bankenaufsichtsbehörde (EBA), https://www.eba.europa.eu/. © European Banking Authority. Wiedergabe mit Quellenangabe gestattet (Rechtlicher Hinweis der EBA). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Maßgeblich sind allein die von der EBA veröffentlichten Fassungen.
|