+5.10. Achoimre ar thorthaí, scóráil agus bearta maoirseachta
---+107. Tar éis an mheasúnaithe thuas, ba cheart d'údaráis inniúla teacht ar thuairim maidir le …
---+108. Cuirtear liosta neamh-uileghabhálach de bhearta maoirseachta, a fhéadfaidh údaráis inniúla a …
|
5.10. Achoimre ar thorthaí, scóráil agus bearta maoirseachta
5.10. Achoimre ar thorthaí, scóráil agus bearta maoirseachta
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
107. Tar éis an mheasúnaithe thuas, ba cheart d'údaráis inniúla teacht ar thuairim maidir le …
|
Tar éis an mheasúnaithe thuas, ba cheart d'údaráis inniúla teacht ar thuairim maidir le leordhóthanacht shocruithe rialachais inmheánaigh agus rialuithe uile-institiúide na hinstitiúide. Ba cheart an tuairim seo a léiriú in achoimre ar thorthaí, mar aon le scór inmharthanachta bunaithe ar na breithniúcháin a shonraítear i dtábla 4. Tábla 4. Breithniúcháin mhaoirseachta maidir le scór a shannadh do rialachas inmheánach agus rialuithe ar fud na hinstitiúide Scór Tuairim mhaoirseachta Breithniúcháin | Cruthaíonn easnaimh sa rialachas 1 inmheánach fud na hinstitiúide agus socruithe leibhéal íseal rialaithe riosca ar | | Tá struchtúr eagraíochtúil láidir trédhearcach ag an institiúid mar aon le freagrachtaí soiléire agus tá glacadh riosca á scaradh ó fheidhmeanna bainistíochta riosca agus rialaithe. Tá comhdhéanamh agus feidhmiú an chomhlachta bainistíochta oiriúnach. Tá gealltanas ama chomhaltaí an chomhlachta bainistíochta oiriúnach agus cloíonn siad leis an teorainn ar líon na stiúrthóireachtaí, nuair is iomchuí. Tá cultúr riosca agus iompair ghnó slán, lena n-áirítear bainistíocht coinbhleachtaí leasa agus próisis sceithireachta, bunaithe. Tá beartas éagsúlachta glactha ag an | | d’inmharthanacht na hinstitiúide. | | institiúid a chothaíonn comhdhéanamh comhlacht bainistíochta ilghnéitheach, agus a chomhlíonann na spriocanna atá leagtha síos. Tá an beartas luacha saothair i gcomhréir le straitéis riosca agus leasanna fadtéarmacha na hinstitiúide. Tá an creat bainistíochta riosca agus próisis bhainistíochta riosca, lena n-áirítear ICAAP, ILAAP, NPAP, creat tástála struis, pleanáil chaipitil agus pleanáil leachtachta oiriúnach. Tá an creat rialaithe inmheánaigh agus na rialuithe inmheánacha oiriúnach. Tá na feidhmeanna bainistíochta riosca, comhlíonta agus iniúchta inmheánaigh | | Scór Tuairim mhaoirseachta | | Breithniúcháin neamhspleách agus tá acmhainní leordhóthanacha acu, agus feidhmíonn an fheidhm iniúchta inmheánaigh go héifeachtach de réir caighdeáin agus ceanglais idirnáisiúnta bhunaithe. Tá córais TFC, comhthiomsú sonraí riosca agus tuairisciú riosca oiriúnach. Tá comhtháthú rioscaí ESG sa chreat rialachais inmheánaigh agus bainistíochta riosca oiriúnach. Tá an creat rialachais pleanála téarnaimh oiriúnach. Tugann an institiúid aghaidh ar easnaimh agus/nó ábhair imní shainaitheanta arna gcur in iúl ag údaráis inniúla go tapa agus cuireann sí feabhas éifeachtach orthu laistigh de thréimhse ghearr ama a sholáthraíonn torthaí sásúla. Ina theannta sin, tuairiscíonn agus cuireann an institiúid na húdaráis inniúla ar an eolas go réamhghníomhach le linn an phróisis seo. Tá struchtúr eagraíochtúil atá láidir agus trédhearcach den chuid is mó ag an institiúid a bhfuil freagrachtaí soiléire uirthi agus idirdhealú idir an glacadh riosca agus feidhmeanna bainistíochta agus rialaithe riosca. Tá comhdhéanamh agus feidhmiú an chomhlachta bainistíochta oiriúnach den chuid is mó. Tá tiomantas ama chomhaltaí an chomhlachta bainistíochta oiriúnach den chuid is mó, agus, nuair is iomchuí, comhlíonann siad an teorainn ar líon na | | Cruthaíonn easnaimh sa rialachas inmheánach agus i socruithe rialaithe ar 2 fud na hinstitiúide leibhéal meánach-íseal riosca d'inmharthanacht na hinstitiúide. | | stiúrthóireachtaí. Tá an cultúr riosca agus iompair ghnó fónta den chuid is mó, lena n-áirítear bainistíocht ar choinbhleachtaí leasa agus próisis sceithireachta. Tá beartas éagsúlachta glactha ag an institiúid a chothaíonn comhdhéanamh comhlacht bainistíochta ilghnéitheach, agus a chomhlíonann na spriocanna atá leagtha, den chuid is mó, nó tá bearta iomchuí curtha i bhfeidhm aige chun na spriocanna atá sainithe sa bheartas a bhaint amach. Tá an beartas luacha saothair ag teacht a bheag nó a mhór le straitéis riosca na hinstitiúide agus le leasanna fadtéarmacha. Tá an creat bainistíochta riosca agus na próisis bhainistíochta riosca, lena n-áirítear an ICAAP, ILAAP, NPAP, creat tástála struis, | | Scór Tuairim mhaoirseachta | | Breithniúcháin pleanáil chaipitil agus pleanáil leachtachta, oiriúnach den chuid is mó. Tá an creat rialaithe inmheánaigh agus na rialuithe inmheánacha oiriúnach tríd is tríd. Tá na feidhmeanna bainistíochta riosca, comhlíonta agus iniúchta inmheánaigh neamhspleách agus tá a gcuid oibríochtaí éifeachtach den chuid is mó. Tá córais TFC, comhiomlánú sonraí riosca agus tuairisciú riosca oiriúnach den chuid is mó. Tá comhtháthú rioscaí ESG sa chreat rialachais inmheánaigh agus bainistithe riosca oiriúnach den chuid is mó. Tá an creat rialachais pleanála téarnaimh oiriúnach den chuid is mó. Tá an institiúid in ann aghaidh a thabhairt go leordhóthanach ar fhormhór na n-easnamh a sainaithníodh agus/nó na n-ábhar imní a chuir údaráis inniúla in iúl, laistigh de thréimhse ama inghlactha agus – más infheidhme – comhlíonann sí na ceanglais tuairiscithe arna leagan síos ag na húdaráis inniúla i ndáil leis na heasnaimh sin. Níl struchtúr eagraíochtúil agus freagrachtaí na hinstitiúide go hiomlán trédhearcach agus níl an glacadh riosca deighilte go hiomlán ó fheidhmeanna bainistíochta agus rialaithe riosca. Tá amhras ann maidir le hoiriúnacht chomhdhéanamh agus fheidhmiú an chomhlachta bainistíochta. Tá amhras ann faoi thiomantas ama iomchuí chomhaltaí an chomhlachta bhainistíochta agus nuair is ábhartha ní chloíonn siad leis an teorainn ar líon na stiúrthóireachtaí. | | Cruthaíonn easnaimh sa rialachas 3 inmheánach agus i socruithe rialaithe ar fud na hinstitiúide leibhéal meán-ard riosca d'inmharthanacht na hinstitiúide. | | Tá amhras ann maidir le hoiriúnacht an chultúir riosca agus iompair ghnó, lena n-áirítear bainistíocht coinbhleachtaí leasa agus/nó próisis sceithireachta. Níor ghlac an institiúid beartas éagsúlacht agus níor chuir sí bearta i bhfeidhm chun leibhéal cuí éagsúlachta a bhaint amach laistigh den chomhlacht bainistíochta. Tá imní ann go bhféadfadh an beartas luacha saothair a bheith ar neamhréir le straitéis riosca agus leasanna fadtéarmacha na hinstitiúide. Tá amhras ann maidir le hoiriúnacht an chreata bainistíochta riosca agus na bpróiseas bainistíochta riosca, lena n-áirítear an ICAAP, ILAAP, NPAP, creat tástála struis, | | Scór Tuairim mhaoirseachta | | Breithniúcháin pleanáil chaipitil agus/nó pleanáil leachtachta. Tá amhras ann maidir le hoiriúnacht an chreata rialaithe inmheánaigh agus na rialuithe inmheánacha. Tá amhras ann maidir le neamhspleáchas agus oibriú éifeachtach na bhfeidhmeanna bainistíochta riosca, comhlíonta agus iniúchta inmheánaigh. Tá amhras ann maidir le hiriúnacht na gcóras TFC, comhiomlánú sonraí riosca agus tuairisciú riosca. Tá amhras ann maidir le hoiriúnacht chomhtháthú rioscaí ESG sa chreat rialachais inmheánaigh agus bainistíochta riosca. Measúnaíodh go bhféadfadh easnaimh ábhartha a bheith sa chreat rialachais pleanála téarnaimh agus/nó go mbeadh baic ábhartha ar a chur i bhfeidhm agus níor tugadh aghaidh go hiomlán ar imní maoirseachta. Tá dúshláin shuntasacha roimh an institiúid nó léiríonn sí rún teoranta aghaidh a thabhairt go leordhóthanach ar na heasnaimh a sainaithníodh agus/nó ar na hábhair imní a chuir údaráis inniúla in iúl, maidir le cáilíocht na ngníomhartha feabhsúcháin agus/nó an creat ama lena gcur i bhfeidhm, rud a d'fhéadfadh a léiriú go bhfuil gá le géarú. Tá dúshláin ag an institiúid freisin maidir le tuairisciú ar a stádas feabhsúcháin d’údaráis inniúla. Níl struchtúr eagraíochtúil agus freagrachtaí na hinstitiúide trédhearcach agus ní dhéantar an glacadh riosca a dheighilt ó fheidhmeanna bainistithe agus rialaithe riosca. Níl comhdhéanamh agus feidhmiú an chomhlachta bainistíochta oiriúnach. Ní leor gealltanas ama chomhaltaí an | | Cruthaíonn easnaimh sa rialachas 4 inmheánach ar fud na hinstitiúide agus sna socruithe ardleibhéal rialaithe riosca | | chomhlachta bainistíochta, agus, nuair is ábhartha, ar líon na stiúrthóireachtaí. ní chomhlíonann siad an teorainn | | d’inmharthanacht na hinstitiúide. | | Níl an cultúr riosca agus iompair ghnó, lena n-áirítear bainistiú coinbhleachtaí leasa agus/nó próisis sceithireachta, oiriúnach. Níl beartas éagsúlachta glactha ag an institiúid, níl an comhlacht bainistíochta ilghnéitheach agus níl bearta curtha i bhfeidhm ag an institiúid chun díriú ar leibhéal iomchuí éagsúlachta. | | Scór Tuairim mhaoirseachta | | Breithniúcháin Níl an beartas luacha saothair i gcomhréir le straitéis riosca agus leasanna fadtéarmacha na hinstitiúide. Tá an creat bainistíochta riosca agus na próisis bhainistíochta riosca, lena n-áirítear an ICAAP, ILAAP, NPAP, creat tástála struis, pleanáil chaipitil agus/nó pleanáil leachtachta, neamhoiriúnach. Níl an fheidhm bainistíochta riosca, comhlíonta agus/nó iniúchta inmheánaigh neamhspleách agus/nó níl na feidhmeanna iniúchta inmheánaigh ag feidhmiú de réir caighdeáin agus ceanglais idirnáisiúnta atá bunaithe. Níl an creat rialaithe inmheánaigh agus na rialuithe inmheánacha oiriúnach. Tá na córais TFC, comhiomlánú sonraí riosca agus tuairisciú riosca neamhoiriúnach. Tá comhtháthú rioscaí ESG sa chreat rialachais inmheánaigh agus bainistithe riosca neamhoiriúnach. Measúnaíodh go raibh easnaimh ábhartha sa chreat rialachais pleanála téarnaimh agus/nó go raibh baic ábhartha ar a chur i bhfeidhm agus níor tugadh aghaidh go hiomlán ar imní maoirseachta. Níl an institiúid in ann nó níl sé beartaithe aici aghaidh leordhóthanach a thabhairt ar na heasnaimh a aithníodh agus/nó ar na hábhair imní a léirigh na húdaráis inniúla, ná níl an cumas aici iad a leigheas laistigh de thréimhse ama inghlactha, tar éis a ngéarú ag daráis inniúla. Tá dúshláin mhóra roimh an institiúid freisin maidir le tuairisciú ar a stádas feabhsúcháin d’údaráis inniúla. |
|
|
108. Cuirtear liosta neamh-uileghabhálach de bhearta maoirseachta, a fhéadfaidh údaráis inniúla a …
|
Cuirtear liosta neamh-uileghabhálach de bhearta maoirseachta, a fhéadfaidh údaráis inniúla a ghlacadh i gcás easnamh a aithníodh i rialachas inmheánach na hinstitiúide agus i rialuithe ar fud na hinstitiúide, i láthair sa tábla thíos. Ba cheart d'údaráis inniúla cinneadh a dhéanamh maidir le cineál an bhirt mhaoirseachta, bunaithe ar a éifeachtacht i leith an easnaimh shonraithe a aithníodh. Féadfaidh na húdaráis inniúla bearta maoirseachta breise a chur i bhfeidhm, nó teaglaim díobh seo leis na bearta atá liostaithe sa tábla thíos, más é an tuairim atá ann gur oiriúnaí iad chun aghaidh a thabhairt ar na heasnaimh a aithníodh. I gcás sáruithe ar DORA, ba cheart d'údaráis inniúla na bearta ceartaitheacha agus feabhsúcháin is infheidhme a sholáthraítear in Airteagal 50 de DORA a bhreithniú. Tábla 5. Liosta féideartha agus neamh-uileghabhálach de bhearta maoirseachta ag eascairt as measúnú ar rialachas inmheánach na hinstitiúide agus ar rialuithe ar fud na hinstitiúide Bearta maoirseachta féideartha d’údaráis inniúla i gcomhréir le hAirteagal 104(1) pointí (b), (d), (e), (f), (g), (j), (l, (m), agus (n) de Threoir 2013/36/AE agus Airteagal 50 de Rialachán (AE) 2022/2554 – Féadfaidh údaráis inniúla a cheangal ar an institiúid an méid seo a leanas a dhéanamh: A. an comhlacht bainistíochta nó a choistí a fheabhsú agus a rannpháirtíocht gníomhach a chothú; B. pleananna gníomhaíochta ceartaitheacha a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm chun aghaidh a thabhairt ar easnaimh; C. rialuithe inmheánacha a neartú; D. an creat rialachais inmheánaigh a fheabhsú; E. feabhas a chur ar shásraí tuairiscithe agus ar mhaoirseacht; F. teorainn a chur le luach saothair athraitheach; G. córais bainistíochta comhlíonta a chur i bhfeidhm; H. ceanglais tuairiscithe bhreise nó níos minice a bheith acu; I. socruithe, próisis, sásraí agus straitéisí sonracha a threisiú; J. tástálacha struis a dhéanamh agus toimhdí modhnaithe á n-úsáid; K. feabhas a chur ar shocruithe rialachais agus bainistíochta riosca a chuirtear i bhfeidhm ar rioscaí ESG, go háirithe rioscaí comhshaoil.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- EBA -
EN: Guidelines and other publications of the European Banking Authority (EBA), https://www.eba.europa.eu/. © European Banking Authority. Reproduction is authorised provided the source is acknowledged (EBA legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the versions published by the EBA are authoritative.
DE: Leitlinien und weitere Veröffentlichungen der Europäischen Bankenaufsichtsbehörde (EBA), https://www.eba.europa.eu/. © European Banking Authority. Wiedergabe mit Quellenangabe gestattet (Rechtlicher Hinweis der EBA). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Maßgeblich sind allein die von der EBA veröffentlichten Fassungen.
|