+108. Cuirtear liosta neamh-uileghabhálach de bhearta maoirseachta, a fhéadfaidh údaráis inniúla a …

108. Cuirtear liosta neamh-uileghabhálach de bhearta maoirseachta, a fhéadfaidh údaráis inniúla a …

Cuirtear liosta neamh-uileghabhálach de bhearta maoirseachta, a fhéadfaidh údaráis inniúla a ghlacadh i gcás easnamh a aithníodh i rialachas inmheánach na hinstitiúide agus i rialuithe ar fud na hinstitiúide, i láthair sa tábla thíos. Ba cheart d'údaráis inniúla cinneadh a dhéanamh maidir le cineál an bhirt mhaoirseachta, bunaithe ar a éifeachtacht i leith an easnaimh shonraithe a aithníodh. Féadfaidh na húdaráis inniúla bearta maoirseachta breise a chur i bhfeidhm, nó teaglaim díobh seo leis na bearta atá liostaithe sa tábla thíos, más é an tuairim atá ann gur oiriúnaí iad chun aghaidh a thabhairt ar na heasnaimh a aithníodh. I gcás sáruithe ar DORA, ba cheart d'údaráis inniúla na bearta ceartaitheacha agus feabhsúcháin is infheidhme a sholáthraítear in Airteagal 50 de DORA a bhreithniú. Tábla 5. Liosta féideartha agus neamh-uileghabhálach de bhearta maoirseachta ag eascairt as measúnú ar rialachas inmheánach na hinstitiúide agus ar rialuithe ar fud na hinstitiúide Bearta maoirseachta féideartha d’údaráis inniúla i gcomhréir le hAirteagal 104(1) pointí (b), (d), (e), (f), (g), (j), (l, (m), agus (n) de Threoir 2013/36/AE agus Airteagal 50 de Rialachán (AE) 2022/2554 – Féadfaidh údaráis inniúla a cheangal ar an institiúid an méid seo a leanas a dhéanamh: A. an comhlacht bainistíochta nó a choistí a fheabhsú agus a rannpháirtíocht gníomhach a chothú; B. pleananna gníomhaíochta ceartaitheacha a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm chun aghaidh a thabhairt ar easnaimh; C. rialuithe inmheánacha a neartú; D. an creat rialachais inmheánaigh a fheabhsú; E. feabhas a chur ar shásraí tuairiscithe agus ar mhaoirseacht; F. teorainn a chur le luach saothair athraitheach; G. córais bainistíochta comhlíonta a chur i bhfeidhm; H. ceanglais tuairiscithe bhreise nó níos minice a bheith acu; I. socruithe, próisis, sásraí agus straitéisí sonracha a threisiú; J. tástálacha struis a dhéanamh agus toimhdí modhnaithe á n-úsáid; K. feabhas a chur ar shocruithe rialachais agus bainistíochta riosca a chuirtear i bhfeidhm ar rioscaí ESG, go háirithe rioscaí comhshaoil.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • EBA -

    EN: Guidelines and other publications of the European Banking Authority (EBA), https://www.eba.europa.eu/. © European Banking Authority. Reproduction is authorised provided the source is acknowledged (EBA legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the versions published by the EBA are authoritative.

    DE: Leitlinien und weitere Veröffentlichungen der Europäischen Bankenaufsichtsbehörde (EBA), https://www.eba.europa.eu/. © European Banking Authority. Wiedergabe mit Quellenangabe gestattet (Rechtlicher Hinweis der EBA). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Maßgeblich sind allein die von der EBA veröffentlichten Fassungen.