+235. Ba cheart d'údaráis inniúla breithniú a dhéanamh ar thosca nó imeachtaí inmheánacha agus …
|
235. Ba cheart d'údaráis inniúla breithniú a dhéanamh ar thosca nó imeachtaí inmheánacha agus …
Ba cheart d'údaráis inniúla breithniú a dhéanamh ar thosca nó imeachtaí inmheánacha agus seachtracha araon a d'fhéadfadh a bheith ina gcúis le hábhair imní maidir le clú, seachas imeachtaí a mbíonn imeachtaí dlí mar thoradh orthu. I gcás institiúidí de Chatagóir 1 agus de Chatagóir 2, ba cheart d'údaráis inniúla na táscairí seo a leanas go léir a chur san áireamh ina measúnú: - a. clúdach diúltach sna meáin/meáin shóisialta agus tionscnaimh de chuid comhlachais tomhaltóirí a d'fhéadfadh dochar a dhéanamh do dhearcadh an phobail agus do chlú na hinstitiúide;
- b. líon na ngearán ó chustaiméirí agus na hathruithe a tháinig orthu nó caillteanas tobann custaiméirí nó infheisteoirí;
- c. eachtraí diúltacha a bhaineann le piaraí na hinstitiúide ar féidir leis an bpobal iad a shamhlú leis an earnáil airgeadais iomlán nó le grúpa institiúidí;
- d. dea-cháil daoine aonair a bhfuil baint acu le bainistiú na hinstitiúide nó a bhfuil scairshealbhú cáilitheacha acu;
- e. rannpháirtíocht nó oibriú in earnálacha nó i ndlínsí atá an-neamhchosanta ar ML/TF nó le daoine aonair a bhfuil riosca ard ag baint leo ó thaobh ML/TF de;
- f. baint nó oibriú in earnálacha nó i ndlínsí agus/nó le páirtithe comhfhreagracha atá an-neamhchosanta ar shaincheisteanna ábhartha nó ar chonspóidí poiblí a bhaineann le tosca ESG, lena n-áirítear ach gan a bheith teoranta do thosca comhshaoil;
- g. an tionchar ar chlú i gcás teagmhas a bhaineann le TFC, mar a thaifeadann an institiúid iad i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe an Choimisiúin (AE) 2024/177238 ;
- h. táscairí ‘margaidh’ eile, má tá siad ar fáil (e.g. íosghrádú rátála nó athruithe ar phraghas na scaireanna i rith na bliana).
38 Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/1772 ón gCoimisiún an 13 Márta 2024 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2022/2554 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear na critéir maidir le haicmiú teagmhas a bhaineann le TFC agus cibearbhagairtí, lena leagtar amach tairseacha ábharthachta agus lena sonraítear sonraí tuairiscithe mórtheagmhas C/2024/1519 (IOL, 2024/1772, 25.6.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2024/1772/oj).
1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- EBA -
EN: Guidelines and other publications of the European Banking Authority (EBA), https://www.eba.europa.eu/. © European Banking Authority. Reproduction is authorised provided the source is acknowledged (EBA legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the versions published by the EBA are authoritative.
DE: Leitlinien und weitere Veröffentlichungen der Europäischen Bankenaufsichtsbehörde (EBA), https://www.eba.europa.eu/. © European Banking Authority. Wiedergabe mit Quellenangabe gestattet (Rechtlicher Hinweis der EBA). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Maßgeblich sind allein die von der EBA veröffentlichten Fassungen.
|