+525. I ndiaidh an mheasúnaithe thuas, ba cheart d'údaráis inniúla teacht ar thuairim foriomlán …
|
525. I ndiaidh an mheasúnaithe thuas, ba cheart d'údaráis inniúla teacht ar thuairim foriomlán …
I ndiaidh an mheasúnaithe thuas, ba cheart d'údaráis inniúla teacht ar thuairim foriomlán maidir le príomhrioscaí an TCB. Ba cheart an tuairim seo a léiriú in achoimre bhliantúil ar mheasúnú foriomlán SREP, agus scór inmharthanachta bunaithe ar na breithniúcháin a shonraítear i dtábla 21 a bheith ag gabháil leis. Ba cheart go n-áireofaí san achoimre bhliantúil freisin aon torthaí maoirseachta a rinneadh le linn na 12 mhí roimhe sin. Tábla 21. Breithniúcháin mhaoirseachta maidir le scór foriomlán SREP a shannadh Scór Tuairim mhaoirseachta Breithniúcháin | 1 Cruthaíonn na rioscaí a shainaithnítear leibhéal íseal riosca d’inmharthanacht an bhrainse den TCB. | | Ní chruthaíonn samhail ghnó agus straitéis na hinstitiúide aon ábhar imní. Níl aon ábhar imní ag baint le socruithe inmheánacha rialachais agus rialuithe an TCB. Níl rioscaí an TCB ábhartha nó is leor bainistíocht riosca agus rialuithe chun na rioscaí sin a shainaithnítear mar rioscaí ábhartha a mhaolú. Ní ábhar imní é staid dearlaice caipitil agus leachtachta an TCB. Ní ábhar imní iad socruithe áirithinte an TCB. | | 2 Cruthaíonn na rioscaí a shainaithnítear leibhéal riosca idir meánach agus íseal d’inmharthanacht an TCB. | • | Tá leibhéal íseal go meánach imní ann faoin samhail ghnó agus straitéis an TCB. Tá leibhéal íseal go meánach imní ann faoi shocruithe rialachais nó rialaithe an TCB. Tá leibhéal íseal go meánach imní ann maidir le rioscaí ábhartha an TCB agus a mbainistiú agus a rialú. Tá leibhéal imní íseal go meánach ann faoi staid leachtachta agus/nó próifíl chistiúcháin an TCB. Tá leibhéal imní íseal go meánach ann faoi shocruithe rialachais nó rialaithe an TCB. | | 3 Cruthaíonn na rioscaí a shainaithnítear leibhéal riosca idir meánach agus íseal d’inmharthanacht an TCB. | • | Tá leibhéal imní meánach go hard ann faoi shamhail ghnó agus straitéis an TCB. Tá leibhéal imní meánach go hard ann faoi shocruithe rialachais nó rialaithe an TCB. Tá leibhéal imní meánach go hard ann maidir le rioscaí ábhartha an TCB agus a mbainistiú agus a rialú. Tá leibhéal imní meánach go hard ann faoi staid dearlaice caipitil agus/nó leachtachta an TCB. Tá leibhéal imní meánach go hard imní ann faoi shocruithe áirithinte an TCB. | | 4 Cruthaíonn na rioscaí a shainaithnítear ardleibhéal riosca d’inmharthanacht an TCB. | • | Tá ardleibhéal imní ann faoi shamhail ghnó agus straitéis an TCB. Tá ardleibhéal imní ann faoi shocruithe rialachais nó rialaithe an TCB. Tá ardleibhéal imní ann maidir le rioscaí ábhartha an TCB agus a mbainistiú agus a rialú. Tá ardleibhéal imní faoi staid dearlaice caipitil agus/nó leachtachta an TCB. Tá ardleibhéal imní ann faoi shocruithe áirithinte an TCB. |
1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- EBA -
EN: Guidelines and other publications of the European Banking Authority (EBA), https://www.eba.europa.eu/. © European Banking Authority. Reproduction is authorised provided the source is acknowledged (EBA legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the versions published by the EBA are authoritative.
DE: Leitlinien und weitere Veröffentlichungen der Europäischen Bankenaufsichtsbehörde (EBA), https://www.eba.europa.eu/. © European Banking Authority. Wiedergabe mit Quellenangabe gestattet (Rechtlicher Hinweis der EBA). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Maßgeblich sind allein die von der EBA veröffentlichten Fassungen.
|