+Airteagal 5 Coinníollacha a ndéanfar an comhdhlúthú i gcomhréir leo i gcásanna ina n-imríonn institiúid tionchar suntasach ar institiúid amháin nó ar institiúid airgeadais amháin nó níos mó ná sin, ach gan seilbh a bheith aici ar rannpháirtíocht ná naisc chaipitiúla eile sna hinstitiúidí sin
---+Airteagal 5 1
---+Airteagal 5 2
---+Airteagal 5 3
---+Airteagal 5 4
---+Airteagal 5 5

Airteagal 5 Coinníollacha a ndéanfar an comhdhlúthú i gcomhréir leo i gcásanna ina n-imríonn institiúid tionchar suntasach ar institiúid amháin nó ar institiúid airgeadais amháin nó níos mó ná sin, ach gan seilbh a bheith aici ar rannpháirtíocht ná naisc chaipitiúla eile sna hinstitiúidí sin

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 5 1

1.   I gcás ina n-imríonn institiúid tionchar suntasach ar institiúid amháin nó ar institiúid airgeadais amháin nó níos mó ná sin, ach gan seilbh a bheith aici ar rannpháirtíocht ná ar naisc chaipitiúla eile sna hinstitiúidí sin, féadfaidh na húdaráis inniúla a chinneadh go gceanglaítear comhdhlúthú iomlán na n-institiúidí nó na n-institiúidí airgeadais lena mbaineann de bhun Airteagal 18(6), pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, ar bhonn measúnú ar na priacail a bhaineann leis na hinstitiúidí nó leis na hinstitiúidí airgeadais sin don institiúid a imríonn an tionchar suntasach, agus méid agus éifeachtacht aon mhaolaitheoirí priacail mar aon leis an tionchar ar cheanglais stuamachta na hinstitiúide ar bhonn comhdhlúite a d’fhéadfadh teacht as cur i bhfeidhm comhdhlúthaithe iomláin á gcur san áireamh.

Airteagal 5 2

2.   Chun críocha an mheasúnaithe dá dtagraítear i mír 1, cuirfidh an institiúid, arna iarraidh sin, gach faisnéis is gá ar fáil don údarás inniúil, go háirithe faisnéis maidir leis na gnéithe dá dtagraítear in Airteagal 4(3), pointí (a) go (i).

Airteagal 5 3

3.   Féadfaidh na húdaráis inniúla, go háirithe, comhdhlúthú iomlán na n-institiúidí nó na n-institiúidí airgeadais dá dtagraítear i mír 1 a cheangal i gcás ina mbeidh an institiúid ar ris, de thoradh an chaidrimh eagrúcháin agus airgeadais atá ann idir an institiúid a imríonn an tionchar suntasach agus an institiúid nó institiúid airgeadais lena mbaineann, ar thromlach na bpriacal nó na dtairbhí a eascróidh as gníomhaíochtaí ábhartha na n-institiúidí nó na n-institiúidí airgeadais sin.

Airteagal 5 4

4.   Chun críocha an Airteagail seo, áireofar na gnéithe seo a leanas mar tháscairí tionchair shuntasaigh:

(a)

tá ball de chomhlacht riaracháin, bainistíochta nó maoirseachta na hinstitiúide nó na hinstitiúide airgeadais lena mbaineann ceaptha ag an institiúid nó tá sé de cheart ag an institiúid ball a cheapadh;

(b)

tá baint éifeachtach ag an institiúid i bpróiseas cinnteoireachta na hinstitiúide nó na hinstitiúide airgeadais lena mbaineann, lena n-áirítear i gcinntí maidir le díbhinní nó dáileacháin eile;

(c)

is ann d’idirbhearta ábhartha leis an institiúid nó leis an institiúid airgeadais lena mbaineann;

(d)

mhalartaigh an institiúid foireann bainistíochta leis an institiúid nó leis an institiúid airgeadais lena mbaineann;

(e)

soláthraíonn an institiúid faisnéis theicniúil fhíor-riachtanach nó seirbhísí criticiúla don institiúid nó don institiúid airgeadais lena mbaineann;

(f)

tá cearta breise ag an institiúid san institiúid nó san institiúid airgeadais lena mbaineann, de bhun conartha, de bhun clásail atá ina meabhráin nó de bhun clásail atá ina n-airteagail chomhlachais, ar cearta iad a d’fhéadfadh tionchar a bheith acu ar bhainistíocht nó ar phróiseas cinnteoireachta na hinstitiúide sin nó na hinstitiúide airgeadais sin.

Airteagal 5 5

5.   Maidir le cé acu is ann do bharántais scaireanna, do chéadroghanna ar cheannach scaireanna, d’ionstraimí fiachais atá in-chomhshóite ina ngnáthscaireanna nó ionstraimí comhchosúla eile nó nach ann dóibh, ar ionstraimí iad atá infheidhmithe agus in-chomhshóite faoi láthair agus a lena bhféadfaí, má fheidhmítear nó má chomhshóitear iad, cumhacht vótála a thabhairt don institiúid nó cumhacht vótála páirtí eile a laghdú ar bheartais airgeadais agus oibríochta na hinstitiúide nó na hinstitiúide airgeadais lena mbaineann, measfar é sin freisin sa mheasúnú ar thionchar suntasach.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 26.04.2022 00:00:00 -Doknr: CELEX:32022R0676
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.