+Airteagal 18 1
|
Airteagal 18 1
1. Nuair a bheidh measúnú á dhéanamh ar leordhóthanacht na gcásanna tástála struis droim ar ais dá dtagraítear in Airteagal 325bi(1), pointe (g), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, fíoróidh na húdaráis inniúla cé acu is amhlaidh nó nach amhlaidh an méid seo a leanas:
|
(a)
|
cuireann an t-aonad rialaithe riosca an tástáil struis droim ar ais i bhfeidhm mar uirlis chun teaglamaí féideartha de theagmhais thromchúiseacha agus comhchruinnithe riosca laistigh den institiúid a shainaithint, lena n-áirítear teagmhais thromchúiseacha agus comhchruinnithe riosca a eascraíonn as rioscaí comhshaoil;
|
|
(b)
|
comhlánaíonn an anailís a dhéantar leis an tástáil struis droim ar ais an gnáth-thástáil struis;
|
|
(c)
|
nuair a shainaithnítear an cás nó na cásanna a leanann as tástáil struis droim ar ais, déanann an t-aonad rialaithe riosca measúnú ar na nithe seo a leanas:
|
(i)
|
na línte gnó ar ina leith a léiríonn na samhlacha bainistíochta riosca traidisiúnta go bhfuil an chomhbhabhtáil idir riosca agus toradh thar a bheith go maith;
|
|
(ii)
|
táirgí nua agus margaí nua nach raibh brúnna tromchúiseacha orthu;
|
|
(iii)
|
neamhchosaintí i gcás nach ann do mhargaí dhá threo leachtacha;
|
|
(iv)
|
neamhchosaintí malairte eachtraí atá pionnáilte le hairgeadraí eile nó faoi réir caidhp nó íosráta ina leith;
|
|
(v)
|
suíomhanna i gcéadroghanna atá go mór lasmuigh den airgead, go háirithe céadroghanna digiteacha;
|
|
(vi)
|
teagmhais nach mbreithnítear sa tréimhse struis a úsáidtear chun na bearta riosca easnaimh ionchasaigh a chalabrú, dá dtagraítear in Airteagal 325bb de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;
|
|
(vii)
|
rioscaí comhshaoil i bhfoirm rioscaí fisiceacha agus rioscaí aistrithe araon.
|
|
1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 17.06.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R1085
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|