1. Le linn do na húdaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar cé acu atá nó nach bhfuil ceanglais cistí dílse institiúide maidir le riosca mainneachtana cothrom le tomhas luacha faoi riosca ar leibhéal eatraimh muiníne 99,9 % mar a cheanglaítear le hAirteagal 325bn(1), pointe (a) agus pointe (b), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, déanfaidh siad na nithe seo a leanas:
|
(a)
|
a fhíorú, maidir leis an meastóir arna úsáid ag an institiúid chun meastachán a dhéanamh ar an luach faoi riosca, ar cé acu atá nó nach bhfuil sé cruinn;
|
|
(b)
|
i gcás ina bhfuil ríomh an luacha faoi riosca bunaithe ar ionsamhluithe Monte Carlo, a fhíorú cé acu a áirithíonn nó nach n-áirithíonn an líon ionsamhluithe cóineasú i dtreo torthaí cobhsaí, agus ar shaintréithe randamachta na seicheamh a úsáidtear chun na hionsamhluithe a ghiniúint;
|
|
(c)
|
a fhíorú, sula ríomhtar na hathruithe ar luach na punainne tar éis mhainneachtain na n-eisitheoirí, cé acu a thagraíonn nó nach dtagraíonn luach na suíomhanna i bpunanna na hinstitiúide do dháta tagartha an luacha faoi riosca;
|
|
(d)
|
a fhíorú, cé is moite de na suíomhanna atá faoi réir an mhaolaithe dá dtagraítear in Airteagal 325bn(3) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, cé acu a úsáidtear nó nach n-úsáidtear ionchas ama de 1 bhliain amháin i ríomh an luacha faoi riosca;
|
|
(e)
|
i gcás ina ríomhtar an riosca mainneachtana ar bhonn minicíochta níos lú ná laethúil, anailís a dhéanamh ar an bpróiseas a úsáideann an institiúid chun minicíocht an ríomha ar na ceanglais cistí dílse le haghaidh riosca mainneachtana a chinneadh, agus a fhíorú cé acu is amhlaidh nach n-eascraíonn gannmheastachán ar riosca as ríomh ar mhinicíocht laghdaithe;
|
|
(f)
|
a fhíorú, i gcás ionstraimí cothromais, cé acu a shocraítear nó nach socraítear praghsanna ar a náid le linn mainneachtain na n-ionstraimí cothromais sin a ionsamhlú, agus cé acu a áirithítear nó nach n-áirithítear é sin go córasach le córais inmheánacha, agus féadfaidh siad a fhíorú cé acu is amhlaidh nó nach amhlaidh an cás sin ar shampla de shuíomhanna cothromais.
|
Chun críocha phointe (a), fíoróidh na húdaráis inniúla an chaoi ar roghnaigh an institiúid an meastóir agus an anailís a dhéantar chun tacú leis an rogha sin.
Chun críocha phointe (b), déanfaidh na húdaráis inniúla athbhreithniú ar na tástálacha arna ndéanamh ag an institiúid chun an líon ionsamhluithe a shocrú.
Chun críocha phointe (d), fíoróidh na húdaráis inniúla cé acu atá nó nach bhfuil réasúnaíocht na hinstitiúide chun an maolú sin a chur i bhfeidhm fónta, go háirithe i gcás ina n-úsáideann an institiúid ionchas ama de 60 lá i gcás suíomhanna cothromais áirithe, agus ionchas ama de 1 bhliain amháin i gcás suíomhanna cothromais áirithe eile.
Chun críocha phointe (e), is amhlaidh an méid seo a leanas maidir leis na húdaráis inniúla:
|
(a)
|
i gcás ina ríomhtar an riosca mainneachtana ar bhonn seachtainiúil, déanfaidh siad anailís ar an bpróiseas a úsáideann an institiúid chun an lá den tseachtain ar a ríomhtar na ceanglais cistí dílse le haghaidh riosca mainneachtana a chinneadh;
|
|
(b)
|
ceanglóidh siad ar an institiúid neamhchosaintí laethúla mainneachtana gan choinne a ríomh, i gcás nach bhfuil siad ar fáil go fóill, i gcaitheamh tréimhse ar leith, agus déanfaidh siad measúnú ar cé acu a thugtar nó nach dtugtar le tuiscint leis na neamhchosaintí sin gur ann do phróifíl riosca níos ísle ar na laethanta sin ar a ríomhtar na ceanglais cistí dílse agus é sin ar bhonn córasach;
|
|
(c)
|
féadfaidh siad úsáid a bhaint as figiúirí breise freisin a fhéadfaidh an institiúid a ríomh go laethúil chun críoch bainistíochta riosca inmheánaí, lena n-áirítear íogaireachtaí laethúla i leith na n-eisitheoirí is ábhartha.
|
Chun críocha an cheathrú fomhír, pointe (b), i gcás ina dtugtar le tuiscint gur ann do phróifíl riosca atá níos ísle ar bhonn córasach, féadfaidh na húdaráis inniúla a measúnú a chomhlánú trína cheangal ar an institiúid a ceanglais cistí dílse a ríomh, ar bhonn laethúil agus ar feadh tréimhse ar leith, maidir le riosca mainneachtana, agus trí anailís a dhéanamh ar cé acu atá nó nach bhfuil na bearta sin níos ísle ar na laethanta arna roghnú ag an institiúid agus é sin ar bhonn córasach.