+Airteagal 47 Measúnú a dhéanamh ar chruinneas agus minicíocht an ríomha ar an gceanglas cistí dílse le haghaidh riosca mainneachtana
---+Airteagal 47 1
---+Airteagal 47 2
|
Airteagal 47 Measúnú a dhéanamh ar chruinneas agus minicíocht an ríomha ar an gceanglas cistí dílse le haghaidh riosca mainneachtana
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 47 1
|
1. Le linn do na húdaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar cé acu atá nó nach bhfuil ceanglais cistí dílse institiúide maidir le riosca mainneachtana cothrom le tomhas luacha faoi riosca ar leibhéal eatraimh muiníne 99,9 % mar a cheanglaítear le hAirteagal 325bn(1), pointe (a) agus pointe (b), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, déanfaidh siad na nithe seo a leanas:
|
(a)
|
a fhíorú, maidir leis an meastóir arna úsáid ag an institiúid chun meastachán a dhéanamh ar an luach faoi riosca, ar cé acu atá nó nach bhfuil sé cruinn;
|
|
(b)
|
i gcás ina bhfuil ríomh an luacha faoi riosca bunaithe ar ionsamhluithe Monte Carlo, a fhíorú cé acu a áirithíonn nó nach n-áirithíonn an líon ionsamhluithe cóineasú i dtreo torthaí cobhsaí, agus ar shaintréithe randamachta na seicheamh a úsáidtear chun na hionsamhluithe a ghiniúint;
|
|
(c)
|
a fhíorú, sula ríomhtar na hathruithe ar luach na punainne tar éis mhainneachtain na n-eisitheoirí, cé acu a thagraíonn nó nach dtagraíonn luach na suíomhanna i bpunanna na hinstitiúide do dháta tagartha an luacha faoi riosca;
|
|
(d)
|
a fhíorú, cé is moite de na suíomhanna atá faoi réir an mhaolaithe dá dtagraítear in Airteagal 325bn(3) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, cé acu a úsáidtear nó nach n-úsáidtear ionchas ama de 1 bhliain amháin i ríomh an luacha faoi riosca;
|
|
(e)
|
i gcás ina ríomhtar an riosca mainneachtana ar bhonn minicíochta níos lú ná laethúil, anailís a dhéanamh ar an bpróiseas a úsáideann an institiúid chun minicíocht an ríomha ar na ceanglais cistí dílse le haghaidh riosca mainneachtana a chinneadh, agus a fhíorú cé acu is amhlaidh nach n-eascraíonn gannmheastachán ar riosca as ríomh ar mhinicíocht laghdaithe;
|
|
(f)
|
a fhíorú, i gcás ionstraimí cothromais, cé acu a shocraítear nó nach socraítear praghsanna ar a náid le linn mainneachtain na n-ionstraimí cothromais sin a ionsamhlú, agus cé acu a áirithítear nó nach n-áirithítear é sin go córasach le córais inmheánacha, agus féadfaidh siad a fhíorú cé acu is amhlaidh nó nach amhlaidh an cás sin ar shampla de shuíomhanna cothromais.
|
Chun críocha phointe (a), fíoróidh na húdaráis inniúla an chaoi ar roghnaigh an institiúid an meastóir agus an anailís a dhéantar chun tacú leis an rogha sin.
Chun críocha phointe (b), déanfaidh na húdaráis inniúla athbhreithniú ar na tástálacha arna ndéanamh ag an institiúid chun an líon ionsamhluithe a shocrú.
Chun críocha phointe (d), fíoróidh na húdaráis inniúla cé acu atá nó nach bhfuil réasúnaíocht na hinstitiúide chun an maolú sin a chur i bhfeidhm fónta, go háirithe i gcás ina n-úsáideann an institiúid ionchas ama de 60 lá i gcás suíomhanna cothromais áirithe, agus ionchas ama de 1 bhliain amháin i gcás suíomhanna cothromais áirithe eile.
Chun críocha phointe (e), is amhlaidh an méid seo a leanas maidir leis na húdaráis inniúla:
|
(a)
|
i gcás ina ríomhtar an riosca mainneachtana ar bhonn seachtainiúil, déanfaidh siad anailís ar an bpróiseas a úsáideann an institiúid chun an lá den tseachtain ar a ríomhtar na ceanglais cistí dílse le haghaidh riosca mainneachtana a chinneadh;
|
|
(b)
|
ceanglóidh siad ar an institiúid neamhchosaintí laethúla mainneachtana gan choinne a ríomh, i gcás nach bhfuil siad ar fáil go fóill, i gcaitheamh tréimhse ar leith, agus déanfaidh siad measúnú ar cé acu a thugtar nó nach dtugtar le tuiscint leis na neamhchosaintí sin gur ann do phróifíl riosca níos ísle ar na laethanta sin ar a ríomhtar na ceanglais cistí dílse agus é sin ar bhonn córasach;
|
|
(c)
|
féadfaidh siad úsáid a bhaint as figiúirí breise freisin a fhéadfaidh an institiúid a ríomh go laethúil chun críoch bainistíochta riosca inmheánaí, lena n-áirítear íogaireachtaí laethúla i leith na n-eisitheoirí is ábhartha.
|
Chun críocha an cheathrú fomhír, pointe (b), i gcás ina dtugtar le tuiscint gur ann do phróifíl riosca atá níos ísle ar bhonn córasach, féadfaidh na húdaráis inniúla a measúnú a chomhlánú trína cheangal ar an institiúid a ceanglais cistí dílse a ríomh, ar bhonn laethúil agus ar feadh tréimhse ar leith, maidir le riosca mainneachtana, agus trí anailís a dhéanamh ar cé acu atá nó nach bhfuil na bearta sin níos ísle ar na laethanta arna roghnú ag an institiúid agus é sin ar bhonn córasach.
|
|
Airteagal 47 2
|
2. Chun críocha mhír 1, pointe (b), na húdaráis inniúla, i gcás ina measann siad nach leordhóthanach na tástálacha arna ndéanamh ag an institiúid chun an líon ionsamhluithe a shocrú, féadfaidh siad na nithe seo a leanas a dhéanamh:
|
(a)
|
é a cheangal ar an institiúid earráid staidrimh Monte Carlo ar leibhéal muiníne 95 % a sholáthar, agus a fhíorú cé acu atá nó nach bhfuil an modh arna úsáid chun an earráid staidrimh sin a thomhas fónta;
|
|
(b)
|
é a cheangal ar an institiúid an tomhas luacha faoi riosca a ríomh le roinnt síolta éagsúla, agus gach toimhde eile comhionann, agus a fhíorú nach gcruthaítear earráid chórasach sna torthaí leis an modh a úsáidtear chun ionsamhluithe a ghiniúint;
|
|
(c)
|
maidir leis na difríochtaí idir na tomhais luacha faoi riosca le síol difriúil, arna ríomh i gcomhréir le pointe (b), measúnú a dhéanamh ar cé acu atá nó nach bhfuil siad comhoiriúnach leis an earráid staidrimh dá dtagraítear i bpointe (a), agus, i gcás nach bhfuil, measúnú a dhéanamh ar an mbunchúis leis an neamhréireacht sin agus an líon ionsamhluithe is gá chun a áirithiú go bhfuil an earráid staidrimh faoi bhun 5 %.
|
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 17.06.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R1085
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|