|
+IARSCRÍBHINN II |
IARSCRÍBHINN II
IARSCRÍBHINN II TAGARMHARCANNA TRÁCHTEARRAÍ Modheolaíocht 1. Déanfaidh riarthóir tagarmhairc tráchtearraí aon mhodheolaíocht a úsáideann an riarthóir chun tagarmharc a ríomh a fhoirmliú, a dhoiciméadú agus a phoibliú. Ar a laghad, beidh an méid seo a leanas i modheolaíocht den sórt sin agus tabharfar tuairisc inti orthu sin:
(a)
na critéir agus nósanna imeachta ar fad a úsáidtear chun an tagarmharc a fhorbairt, lena n-áirítear an chaoi a n-úsáideann an riarthóir sonraí ionchuir lena n-áirítear an líon sonrach, idirbhirt atá tuairiscithe agus tugtha i gcrích, tairiscintí ceannaigh, tairiscintí díola agus aon fhaisnéis mhargaidh eile le linn dó an tagarmharc a mheas nó tréimhsí ama nó ionú measúnaithe an tagarmhairc, cén fáth a n-úsáidtear aonad tagartha ar leith, cén chaoi a mbailíonn an riarthóir sonraí ionchuir den sórt sin, na treoirlínte lena rialaítear an chaoi a bhfeidhmíonn measúnóirí breithiúnas agus aon fhaisnéis eile, amhail toimhdí, samhlacha nó eachtarshuíomh ó shonraí a bailíodh agus a bhreithnítear le linn measúnú á dhéanamh;
(b)
nósanna imeachta agus cleachtais arb é is aidhm leo comhsheasmhacht a áirithiú idir a mheasúnóirí le linn dóibh a gcuid breithiúnais a fheidhmiú;
(c)
an tábhacht choibhneasta a ghabhfaidh le gach critéar a úsáidtear chun tagarmharcanna a ríomh, go háirithe cineál na sonraí ionchuir a úsáidtear agus an cineál critéir a úsáidtear chun breithiúnas a threorú d'fhonn cáilíocht agus sláine phróiseas ríofa an tagarmhairc a áirithiú;
(d)
critéir lena sainaithnítear íosmhéid na sonraí idirbhirt a theastaíonn chun tagarmharc áirithe a ríomh. Mura bhforáiltear do thairseach den sórt sin, míneofar na cúiseanna nach mbunaítear tairseach íosta, lena n-áirítear na nósanna imeachta atá le húsáid i gcás nach bhfuil aon sonraí idirbhirt ann a leagan amach;
(e)
critéir lena dtugtar aghaidh ar na tréimhsí measúnaithe ina bhfuil na sonraí a chuirtear isteach faoi bhun thairseach molta na modheolaíochta i dtaobh sonraí idirbhirt nó faoi bhun chaighdeáin cháilíochta riachtanacha an riarthóra, lena n-áirítear aon mhodhanna malartacha measúnaithe lena n-áirítear samhlacha meastacháin teoiriciúla. Míneofar sna critéir sin na nósanna imeachta atá le húsáid i gcás nach bhfuil sonraí idirbhirt ann;
(f)
critéir maidir le tráthúlacht na sonraí idirbhirt a chuirtear ar fáil agus na modhanna chun na sonraí idirbhirt sin a chur ar fáil cibé acu go leictreonach, ar an teileafón nó ar shlí eile;
(g)
critéir agus nósanna imeachta lena dtugtar aghaidh ar thréimhsí measúnaithe ina gcuireann rannchuiditheoir amháin nó níos mó sonraí ionchuir isteach a chuimsíonn sciar suntasach d'iomlán na sonraí idirbhirt i gcomhair an tagarmhairc sin. Chomh maith leis sin, tabharfaidh an riarthóir sainiú sna critéir sin agus sna nósanna imeachta sin ar cad is sciar suntasach ann i gcomhair gach tagarmhairc atá á ríomh;
(h)
critéir ar dá réir a fhéadfar sonraí idirbhirt a eisiamh ó ríomh tagarmhairc. 2. Foilseoidh riarthóir tagarmhairc tráchtearraí, nó cuirfidh sé ar fáil, príomhghnéithe na modheolaíochta a úsáideann an riarthóir do gach ceann de na tagarmharcanna tráchtearraí a sholáthraítear agus a fhoilsítear nó, nuair is infheidhme, do gach fine tagarmharcanna a sholáthraítear agus a fhoilsítear. 3. I dteannta na modheolaíochta dá dtagraítear i mír 2, tabharfaidh riarthóir tagarmhairc tráchtearraí tuairisc ar gach ceann den mhéid seo a leanas agus foilseoidh sé iad:
(a)
an réasúnaíocht is bun le glacadh le modheolaíocht áirithe, lena n-áirítear aon teicnící chun praghsanna a choigeartú agus bonn cirt leis na cúiseanna go bhfuil an tréimhse ama nó an t-ionú a nglactar le sonraí ionchuir laistigh de ina tháscaire iontaofa ar luachanna fisiciúla margaidh;
(b)
an nós imeachta chun athbhreithniú inmheánach a dhéanamh ar mhodheolaíocht ar leith agus í a fhaomhadh, lena n-áirítear minicíocht athbhreithnithe den sórt sin; agus
(c)
an nós imeachta chun athbhreithniú seachtrach a dhéanamh ar mhodheolaíocht ar leith, lena n-áirítear na nósanna imeachta chun a áirithiú go nglacfar leis an modheolaíocht sa mhargadh trí dhul i gcomhairle le húsáideoirí maidir le hathruithe tábhachtacha ar a bpróisis ríofa tagarmharcanna. Athruithe ar mhodheolaíocht 4. Glacfaidh riarthóir tagarmhairc tráchtearraí nósanna imeachta sainráite agus cuirfidh sé na nósanna imeachta sin agus an réasúnaíocht is bun le haon athrú ábhartha beartaithe ar a mhodheolaíocht ar fáil don phobal. Beidh na nósanna imeachta sin comhsheasmhach leis an gcuspóir foriomlán go gcaithfidh riarthóir sláine leanúnach a ríomhanna tagarmharcanna a áirithiú agus athruithe a chur chun feidhme ar mhaithe le dea-ord an mhargaidh áirithe a mbaineann na hathruithe sin leis. Forálfaidh na nósanna imeachta sin don mhéid seo a leanas:
(a)
fógra roimh ré i gcreat ama soiléir trína dtugtar deis leordhóthanach d'úsáideoirí anailís agus trácht a dhéanamh ar an tionchar a bheadh ag na hathruithe sin atá beartaithe, ag féachaint do ríomh an riarthóra ar na himthosca foriomlána;
(b)
socruithe chun gur féidir nótaí tráchta úsáideoirí, agus freagairt an riarthóra do na nótaí tráchta sin, a bheith inrochtana ag gach úsáideoir margaidh tar éis aon tréimhse comhairliúcháin ar leith, ach amháin i gcás ina bhfuil an tráchtaire tar éis a iarraidh go gcoimeádfar faoi rún iad. 5. Scrúdóidh riarthóir tagarmhairc tráchtearraí a mhodheolaíochtaí go tráthrialta chun a áirithiú gur léiriú iontaofa iad ar an margadh fisiceach atá á mheasúnú agus beidh ar áireamh iontu próiseas chun tuairimí na n-úsáideoirí ábhartha a chur san áireamh. Cáilíocht agus sláine na ríomhanna tagarmhairc 6. Déanfaidh riarthóir tagarmhairc tráchtearraí na nithe seo a leanas:
(a)
na critéir a shonrú lena sainítear an tráchtearra fisiciúil atá mar ábhar i modheolaíocht áirithe;
(b)
tosaíocht a thabhairt do shonraí ionchuir san ord seo a leanas, nuair atá sé sin ag teacht lena chuid modheolaíochtaí:
(i)
idirbhearta atá curtha i gcrích agus tuairiscithe;
(ii)
tairiscintí ceannaigh agus tairiscintí díola;
(iii)
faisnéis eile. Mura dtugtar tosaíocht d'idirbhearta atá curtha i gcrích agus tuairiscithe, ba cheart na cúiseanna nach dtugtar a mhíniú, mar a éillítear i bpointe 7(b).
(c)
úsáid a bhaint as bearta leordhóthanacha arb é is aidhm leo úsáid a bhaint as sonraí ionchuir a chuirtear isteach agus a bhreithnítear nuair atá tagarmharc a ríomh, ar sonraí bona fide iad, rud a chiallaíonn go bhfuil na páirtithe a bhfuil na sonraí ionchair á gcur isteach acu tar éis, nó sásta idirbhearta a fhorghníomhú óna ngintear sonraí ionchuir den sórt sin agus go ndearnadh na hidirbhearta sin atá tugtha i gcrích ar neamhthuilleamaí agus tabharfar aird ar leith ar idirbhearta idir cleamhnaithe;
(d)
nósanna imeachta a bhunú agus a úsáid chun sonraí idirbhirt aimhrialta nó amhrasacha a shainaithint agus coinneofar taifid ar chinntí sonraí idirbhirt a eisiamh ó phróiseas ríofa tagarmharcanna an riarthóra;
(e)
rannchuiditheoirí a spreagadh chun a sonraí ionchuir ar fad a thagann faoi réim chritéir an riarthóra don ríomh sin a chur isteach. Féachfaidh riarthóirí, a mhéid is féidir leo agus a mhéid is réasúnta, chun a áirithiú go bhfuil sonraí ionchuir a chuirtear isteach ionadaíoch do na hidirbhearta atá curtha i gcrích go hiarbhír ag na rannchuiditheoirí; agus
(f)
córas a úsáid ina bhfuil bearta iomchuí chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh rannchuiditheoirí caighdeáin cháilíochta agus sláine infheidhme an riarthóra maidir le sonraí ionchuir. 7. Foilseoidh agus tuairisceoidh riarthóir tagarmhairc tráchtearraí le haghaidh gach ríofa, a mhéid is féidir le réasún gan dochar a dhéanamh d'fhoilsiú cuí an tagarmhairc:
(a)
míniú beacht, ar leor é chun a éascú do shíntiúsóir nó údarás inniúil tagarmhairc an chaoi ar forbraíodh an ríomh a thuiscint, lena n-áirítear, ar a laghad, méid agus leachtacht an mhargaidh fhisiciúil atá á mheasúnú (amhail méid agus líon na n-idirbheart a cuireadh isteach), raon na líonta agus an meánlíon agus raon na bpraghsanna agus an meánphraghas, agus céatadáin tháscacha de gach cineál sonraí ionchuir a breithníodh le linn tagarmharc a ríomh; áireofar téarmaí a thagraíonn don mhodheolaíocht praghsála amhail bunaithe ar idirbhearta, bunaithe ar raon nó idirshuite nó eachtarshuite; agus
(b)
míniú beacht ar an méid a úsáideadh aon bhreithiúnas agus ar an mbonn ar a ndearnadh aon bhreithiúnas in aon ríomh, lena n-áirítear sonraí a eisiamh a bhí ar shlí eile i gcomhréir le riachtanais na modheolaíochta ábhartha i leith an ríofa sin, praghsanna a bhunú ar raonta nó ar idirshuíomh, eachtarshuíomh, nó tairiscintí ceannaigh nó tairiscintí díola a ualú ar leibhéal níos airde ná na hidirbhearta atá tugtha i gcrích, más ann dóibh. Sláine an phróisis tuairiscithe 8. Déanfaidh riarthóir tagarmhairc tráchtearraí na nithe seo a leanas:
(a)
na critéir a shonrú lena sainítear na daoine a fhéadfaidh sonraí ionchuir a chur faoi bhráid an riarthóra;
(b)
nósanna imeachta rialaithe cáilíochta a bheith i bhfeidhm aige chun meastóireacht a dhéanamh ar chéannacht rannchuiditheora agus aon aighnitheora a thuairiscíonn sonraí ionchuir agus ar údarú aighnitheora den sórt sin chun sonraí ionchuir a thuairisciú thar ceann rannchuiditheora;
(c)
na critéir a shonrú is infheidhme maidir le fostaithe rannchuiditheora a bhfuil cead acu sonraí ionchuir a chur faoi bhráid riarthóra thar ceann rannchuiditheora; rannpháirtithe a spreagadh chun sonraí ionchuir a sheoladh isteach ó fheidhmeanna cúloifige agus sonraí comhthacaíochta a lorg ó fhoinsí eile i gcás ina bhfaightear sonraí idirbhirt go díreach ó thrádálaí; agus
(d)
rialuithe inmheánacha agus nósanna imeachta i scríbhinn a chur chun feidhme chun cumarsáid idir rannchuiditheoirí agus measúnóirí a shainaithint lena ndéantar iarracht tionchar a imirt ar ríomh chun leasa suíomh trádála ar bith (cibé acu suíomh an rannchuiditheora, a fhostaithe nó tríú páirtí ar bith), lena ndéantar iarracht chun go sáróidh measúnóir rialacha nó treoirlínte riarthóra nó chun rannchuiditheoirí a chuireann sonraí idirbhirt aimhrialta nó amhrasta isteach go rialta a shainaithint. Áireofar sna nósanna imeachta sin, a mhéid is féidir, socrú ionas go mbeidh an riarthóir in ann fiosrúchán laistigh de chuideachta an rannchuiditheora a mhéadú. Áireofar ar na rialuithe táscairí margaidh a chros-seiceáil chun faisnéis a cuireadh isteach a dheimhniú. Measúnóirí 9. I dtaca le ról an mheasúnóra, déanfaidh riarthóir tagarmhairc tráchtearraí an méid seo a leanas:
(a)
rialacha agus treoirlínte inmheánacha sainráite a ghlacadh agus a bheith i bhfeidhm aige chun measúnóirí a roghnú, lena n-áirítear an leibhéal íosta oiliúna, taithí agus scileanna a bheidh acu, chomh maith leis an bpróiseas chun athbhreithniú tréimhsiúil a dhéanamh ar a n-inniúlacht;
(b)
comhshocruithe a bheith i bhfeidhm aige chun a áirithiú gur féidir na ríomhanna a dhéanamh ar bhonn comhleanúnach agus rialta;
(c)
leanúnachas agus pleanáil comharbais a choinneáil ar bun i leith a mheasúnóirí chun a áirithiú go ndéantar ríomhanna ar bhonn comhsheasmhach agus go ndéanann fostaithe a bhfuil na leibhéil ábhartha saineolais iad; agus
(d)
nósanna imeachta rialaithe inmheánaigh a bhunú chun sláine agus iontaofacht ríomhanna a áirithiú. Ar a laghad, ceanglófar leis na rialuithe inmheánacha agus na nósanna sin maoirsiú leanúnach a dhéanamh ar mheasúnóirí chun a áirithiú gur cuireadh an mhodheolaíocht i bhfeidhm i gceart agus nósanna imeachta maidir le síniú inmheánach ag maoirseoir sula ndéantar praghsanna a scaoileadh chun iad a scaipeadh ar an margadh. Rianta iniúchta 10. Beidh nósanna imeachta agus rialacha i bhfeidhm ag riarthóir tagarmhairc tráchtearraí chun faisnéis ábhartha chomhaimseartha a dhoiciméadú, lena n-áirítear:
(a)
na sonraí ionchuir ar fad;
(b)
na breithiúnais a dhéanann measúnóirí chun teacht ar gach ríomh tagarmhairc;
(c)
an ndearnadh idirbheart áirithe a eisiamh ó ríomh, idirbheart a bhí ar shlí eile i gcomhréir le riachtanais na modheolaíochta ábhartha don ríomh sin, agus an réasúnaíocht ba bhun leis sin a dhéanamh;
(d)
céannacht gach measúnóra agus aon duine eile a chuir aon chuid den fhaisnéis i bpointe (a), i bpointe (b) nó i bpointe (c) isteach nó a ghin ar shlí eile í. 11. Beidh rialacha agus nósanna imeachta i bhfeidhm ag riarthóir tagarmhairc tráchtearraí chun a áirithiú go gcoimeádfar rian iniúchóireachta d'fhaisnéis ábhartha ar feadh cúig bliana ar a laghad chun an chaoi ar cuireadh a ríomhanna le chéile a dhoiciméadú. Coinbhleachtaí leasa 12. Bunóidh riarthóir tagarmhairc tráchtearraí beartais agus nósanna imeachta leormhaithe do shainaithint, nochtadh, bainistiú nó maolú agus seachaint aon choinbhleachta leasa agus do shláine agus neamhspleáchas na ríomhanna a chosaint. Déanfar na beartais agus na nósanna imeachta sin a athbhreithniú agus a nuashonrú go rialta agus i ndáil leo sin:
(a)
áiritheofar nach mbeidh tionchar ag caidreamh nó leas gnó tráchtála nó pearsanta, reatha nó féideartha, idir an riarthóir nó a chleamhnaithe, a phearsanra, a chliaint, aon rannpháirtí sa mhargadh nó daoine a bhfuil baint acu leo ar ríomhanna tagarmharcanna;
(b)
áiritheofar nach gceadófar do leasanna pearsanta agus naisc ghnó phearsanra an riarthóra dochar a dhéanamh d'fheidhmeanna an riarthóra, lena n-áirítear fostaíocht lasmuigh, taisteal, agus glacadh le siamsaíocht, bronntanais agus fáilteachas a chuireann cliaint an riarthóra nó rannpháirtithe eile sa mhargadh tráchtearraí ar fáil;
(c)
áiritheofar, i leith coinbhleachtaí sainaitheanta, leithscaradh iomchuí feidhmeanna laistigh den riarthóir trí bhíthin maoirseachta, cúitimh, rochtain ar chórais agus sreafaí faisnéise;
(d)
cosnófar rúndacht na faisnéise a chuirtear faoi bhráid an riarthóra nó a tháirgeann an riarthóir, faoi réir oibleagáidí an riarthóra maidir le nochtadh;
(e)
cuirfear cosc ar bhainisteoirí, ar mheasúnóirí agus ar fhostaithe eile de chuid an riarthóra rannchuidiú le ríomh tagarmhairc trína bheith páirteach i dtairiscintí ceannaigh, tairiscintí díola nó trádálacha ar bhonn pearsanta nó thar ceann rannpháirtithe sa mhargadh; agus
(f)
rachaidh siad i ngleic go héifeachtach le haon choinbhleacht leasa sainaitheanta a d'fhéadfadh a bheith ann idir soláthar tagarmhairc ag an riarthóir (lena n-áirítear na fostaithe ar fad a chomhlíonann freagrachtaí ríofa tagarmharcanna nó a ghlacann páirt iontu ar shlí eile), agus aon ghnó eile de chuid an riarthóra. 13. Áiritheoidh riarthóir tagarmhairc tráchtearraí go mbeidh nósanna imeachta agus sásraí iomchuí i bhfeidhm ina oibríochtaí gnó eile atá ceaptha an baol go ndéanfaidh coinbhleacht leasa difear do shláine na ríomhanna tagarmhairc a íoslaghdú. 14. Áiritheoidh riarthóir tagarmhairc tráchtearraí go mbeidh línte tuairiscithe lánscartha i bhfeidhm aige i measc a bhainisteoirí, a mheasúnóirí agus a fhostaithe eile agus ó na bainisteoirí chuig bainistíocht an riarthóra ar an leibhéal is sinsearaí agus chuig a bhord chun a áirithiú:
(a)
go gcuireann an riarthóir ceanglais an Rialacháin seo chun feidhme go cuí; agus
(b)
go bhfuil freagrachtaí sainithe go soiléir agus nach bhfuil siad i gcoinbhleacht lena chéile nó nach dtugtar le tuiscint go bhfuil siad i gcoinbhleacht lena chéile. 15. A luaithe a bheidh riarthóir tagarmhairc tráchtearraí ar an eolas faoi choinbhleacht leasa a eascraíonn as úinéireacht an riarthóra nochtfaidh sé dá úsáideoirí é. Gearáin 16. Beidh i bhfeidhm ag riarthóir tagarmhairc tráchtearraí agus foilseoidh sé beartas láimhseála gearán ina leagtar amach nósanna imeachta maidir le taifid a fháil, a imscrúdú agus a choimeád a bhaineann le gearáin a dhéantar faoi phróiseas ríofa riarthóra. Áiritheofar le sásraí gearáin den sórt sin:
(a)
go bhféadfaidh síntiúsóirí an tagarmharc gearáin a chur isteach i dtaobh an bhfuil ríomh tagarmhairc sonrach ionadaíoch do luach margaidh, athruithe beartaithe ar an gcaoi a ríomhtar tagarmharcanna, an chaoi a gcuirtear modheolaíocht i bhfeidhm i ndáil le ríomh tagarmhairc sonrach agus cinntí eagarthóireachta eile i ndáil leis na próisis ríofa tagarmharcanna;
(b)
go mbeidh amchlár sprice i bhfeidhm maidir le gearáin a láimhseáil;
(c)
maidir le gearáin fhoirmiúla a dhéantar i gcoinne an riarthóra agus a phearsanra, go n-imscrúdóidh an riarthóir sin iad go tráthúil agus go cothrom;
(d)
go ndéanfar an fiosrú go neamhspleách ar aon phearsanra a bhféadfadh baint a bheith acu le hábhar an ghearáin;
(e)
go bhféachfaidh an riarthóir lena imscrúdú a chríochnú go pras;
(f)
go gcuirfidh an riarthóir an gearánach agus aon pháirtithe ábhartha eile ar an eolas faoi thorthaí an imscrúdaithe i scríbhinn agus laistigh de thréimhse réasúnta;
(g)
gur féidir, tráth nach déanaí ná sé mhí ón tráth a rinneadh an gearán bunaidh, dul ar iontaoibh tríú páirtí neamhspleách arna cheapadh ag an riarthóir, má tá gearánach míshásta leis an gcaoi ar láimhseáil an riarthóir ábhartha gearán nó le cinneadh an riarthóra sa chás; agus
(h)
go gcoimeádfar na doiciméid ar fad a bhaineann le gearán, lena n-áirítear na cinn sin a chuir an gearánach isteach chomh maith le taifead an riarthóra féin, ar feadh cúig bliana ar a laghad. 17. Réiteoidh riarthóir tagarmhairc tráchtearraí díospóidí faoi chinntí praghsála laethúla, nach gearáin fhoirmiúla iad, faoi threoir a nósanna imeachta caighdeánacha iomchuí. Má athraítear an praghas mar thoradh ar ghearán, cuirfear sonraí maidir leis an athrú praghais sin in iúl don mhargadh a luaithe is féidir. Iniúchóireacht sheachtrach 18. Ceapfaidh riarthóir tagarmhairc tráchtearraí iniúchóir seachtrach, neamhspleách ag a mbeidh an taithí iomchuí agus an acmhainneacht iomchuí chun athbhreithniú agus tuairisciú a dhéanamh ar a mhéid atá an riarthóir ag cloí le leis na critéir mhodheolaíochta atá sonraithe aige agus le ceanglais an Rialacháin seo. Déanfar iniúchóireachtaí go bliantúil agus foilseofar iad trí mhí tar éis an tráth a thabharfar iniúchóireacht chun críche agus déanfar iniúchóireachtaí eatramhacha breise de réir mar is iomchuí. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|