+Airteagal 47 Comhar maoirseachta maidir le heintitis faoi oibleagáid a dhéanann gníomhaíochtaí trasteorann
---+Airteagal 47 1
---+Airteagal 47 2
---+Airteagal 47 3
|
Airteagal 47 Comhar maoirseachta maidir le heintitis faoi oibleagáid a dhéanann gníomhaíochtaí trasteorann
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 47 1
|
1. I gcás ina ndéanann eintitis faoi oibleagáid nach cuid de ghrúpa iad gníomhaíochtaí trasteorann dá dtagraítear in Airteagal 54(1) agus ina gcomhroinntear maoirseacht idir maoirseoirí an Bhallstáit baile agus an Bhallstáit óstaigh de bhun Airteagail 37(1) agus 38(1), áiritheoidh na Ballstáit go n-oibreoidh na maoirseoirí sin i gcomhar le chéile a mhéid is mó is féidir agus go gcuideoidh siad le chéile i bhfeidhmiú na maoirseachta de bhun Airteagail 37(1) agus 38(1).
Chun críocha na chéad fhomhíre, agus seachas i gcásanna ina mbunaítear coláistí maoirseachta AML/CFT i gcomhréir le hAirteagal 49, áiritheoidh na Ballstáit an méid seo a leanas i ndáil le maoirseoirí:
|
(a)
|
go ndéanfaidh siad aon fhaisnéis atá de dhíth orthu chun a gcúraimí maoirseachta a fheidhmiú a chur ar fáil dá chéile, arna iarraidh sin nó ar a dtionscnamh féin, lena n-áirítear an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 46(3), an chéad fhomhír, pointí (a), (b) agus (d), i gcás ina mbeidh an fhaisnéis sin riachtanach chun na cúraimí maoirseachta a chomhlíonadh;
|
|
(b)
|
go ndéanfaidh siad a chéile a chur ar an eolas faoi aon fhorbairt dhíobhálach i ndáil leis an eintiteas faoi oibleagáid, a bhunaíochtaí nó a chineálacha bonneagair, a d’fhéadfadh difear tromchúiseach a dhéanamh do chomhlíonadh na gceanglas is infheidhme ag an eintiteas, agus smachtbhannaí airgid a bheartaíonn siad a fhorchur nó bearta riaracháin a bheartaíonn siad a chur i bhfeidhm i gcomhréir le Roinn 4 den Chaibidil seo;
|
|
(c)
|
go mbeidh siad in ann fiosrúcháin a dhéanamh, laistigh dá gcumhachtaí, thar ceann maoirseoir iarrthach, agus an fhaisnéis a fhaightear trí na fiosrúcháin sin a chomhroinnt, nó seoladh na bhfiosrúchán sin arna ndéanamh ag an maoirseoir iarrthach a éascú.
|
Beidh feidhm ag an mír seo freisin i gcás eintitis faoi oibleagáid atá bunaithe in aon Bhallstát amháin agus a oibríonn faoin tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar i mBallstát eile gan aon bhonneagar, i gcás ina ndéanann maoirseoirí an Bhallstáit eile sin maoirseacht ar ghníomhaíochtaí sa Bhallstát eile sin de bhun Airteagal 37(1), an dara fomhír.
|
|
Airteagal 47 2
|
2. I gcás ina gcuirtear maoirseacht ar an eintiteas faoi oibleagáid agus ar aon cheann dá chineálacha bonneagair i mBallstáit eile de chúram ar mhaoirseoirí an Bhallstáit baile de bhun Airteagal 38(2), áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfidh maoirseoirí an Bhallstáit baile maoirseoirí an Bhallstáit óstaigh ar an eolas go tráthrialta faoi na bearta atá ar bun laistigh den eintiteas faoi oibleagáid, agus faoi chomhlíonadh na gceanglas is infheidhme ag an eintiteas sin, lena n-áirítear na ceanglais atá ar bun sa Bhallstát óstach. I gcás ina sainaithneofar sáruithe tromchúiseacha, leantacha nó córasacha, cuirfidh maoirseoirí an Bhallstáit baile maoirseoirí an Bhallstáit óstaigh ar an eolas go pras faoi na sáruithe sin agus faoi aon smachtbhannaí airgid a bheartaíonn sé a fhorchur agus faoi bhearta riaracháin a bheartaíonn sé a chur i bhfeidhm chun iad a leigheas.
Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfidh maoirseoirí an Bhallstáit óstaigh cúnamh ar fáil do mhaoirseoirí an Bhallstáit baile chun a áirithiú go bhfíorófar go bhfuil na ceanglais dhlíthiúla á gcomhlíonadh ag an eintiteas faoi oibleagáid. Go háirithe, áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfidh maoirseoirí an Bhallstáit óstaigh maoirseoirí an Bhallstáit baile ar an eolas faoi aon amhras tromchúiseach atá orthu maidir leis na ceanglais is infheidhme gan a bheith á gcomhlíonadh ag an eintiteas faoi oibleagáid, agus go roinnfidh siad aon fhaisnéis atá ina seilbh acu i ndáil leis sin le maoirseoirí an Bhallstáit baile.
Beidh feidhm ag an mír seo freisin i gcás eintitis faoi oibleagáid atá bunaithe in aon Bhallstát amháin agus a oibríonn faoin tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar i mBallstát eile gan aon bhonneagar ann, seachas i gcásanna ina ndéanann maoirseoirí an Bhallstáit eile sin maoirseacht ar ghníomhaíochtaí sa Bhallstát eile sin de bhun Airteagal 37(1), an dara fomhír.
|
|
Airteagal 47 3
|
3. Beidh maoirseoirí in ann aon cheann de na cásanna seo a leanas a tharchur chuig AMLA:
|
(a)
|
i gcás nár chuir maoirseoir an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1, an dara fomhír, pointí (a) agus (b) nó i mír 2, an chéad fhomhír agus an dara fomhír in iúl;
|
|
(b)
|
i gcás inar diúltaíodh d’iarraidh ar chomhar nó nach ndearnadh gníomh ina leith laistigh de thréimhse réasúnach ama;
|
|
(c)
|
i gcás ina mbeidh easaontas ar bhonn cúiseanna oibiachtúla maidir le sáruithe a sainaithníodh agus maidir leis na smachtbhannaí airgid atá le forchur nó na bearta riaracháin atá le cur i bhfeidhm ar an eintiteas chun na sáruithe sin a leigheas.
|
Gníomhóidh AMLA i gcomhréir leis na cumhachtaí a thugtar dó faoi Airteagail 33 agus 38 de Rialachán (AE) 2024/1620. Cuirfidh AMLA a thuairim ar fáil maidir le hábhar na hiarrata laistigh de 1 mhí amháin.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 19.06.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024L1640
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|