+Airteagal 35 Coinbhleachtaí leasa agus rúndacht faisnéise
---+Airteagal 35 1.
---+Airteagal 35 2.
---+Airteagal 35 3.
---+Airteagal 35 4.
---+Airteagal 35 5.
|
Airteagal 35 Coinbhleachtaí leasa agus rúndacht faisnéise
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 35 1.
|
Déanfaidh athbhreithneoirí seachtracha aon choinbhleachtaí leasa iarbhír nó féideartha a bhaineann le haon cheann de na nithe seo a leanas a shainaithint, a dhíchur nó a bhainistiú, agus nochtfaidh siad ar bhealach trédhearcach iad ina n-athbhreithnithe:
(a)
a n-anailísithe nó a bhfostaithe;
(b)
na scairshealbhóirí ag a bhfuil 10 % de chaipiteal nó de chearta vótála na n-athbhreithneoirí seachtracha nó i gcuideachta a bhfuil sé de chumhacht aici rialú nó tionchar ceannasach a fheidhmiú ar na hathbhreithneoirí seachtracha;
(c)
aon duine a bhfuil baint chonarthach aige leis na hathbhreithneoirí seachtracha agus a bhfuil baint dhíreach aige le gníomhaíochtaí measúnaithe;
(d)
aon duine a bheidh ag formheas na n-athbhreithnithe.
|
|
Airteagal 35 2.
|
Sula ndéanfar conradh le heisitheoir chun seirbhísí a sholáthar, déanfaidh an t-athbhreithneoir seachtrach measúnú réamhchonarthach i dtaobh an bhfuil coinbhleacht leasa iarbhír nó féideartha ann, agus déanfaidh sé an measúnú sin a dhoiciméadú. Déanfaidh an t-athbhreithneoir seachtrach an measúnú réamhchonarthach agus an doiciméadacht ghaolmhar a thabhairt cothrom le dáta nuair a thiocfaidh athrú ábhartha ar an riosca coinbhleachta leasa chun cinn tar éis an conradh a thabhairt i gcrích idir an t-athbhreithneoir seachtrach agus an t-eisitheoir. Ní eiseoidh an t-athbhreithneoir seachtrach athbhreithniú i gcás ina sainaithnítear ann go bhfuil coinbhleacht leasa iarbhír ann agus nach bhfuil an t-athbhreithneoir seachtrach in ann bearta a chur chun feidhme chun an choinbhleacht leasa sin a dhíchur nó a bhainistiú.
|
|
Airteagal 35 3.
|
Ní bheidh na táillí arna muirearú ag athbhreithneoirí seachtracha i gcomhair seirbhísí measúnúcháin ag brath ar thoradh na n-athbhreithnithe, ná ar aon toradh eile a gheofar maidir leis an obair a rinneadh.
|
|
Airteagal 35 4.
|
Anailísithe, fostaithe an athbhreithneora sheachtraigh agus aon duine eile atá bainteach ar bhonn conarthach leis na hathbhreithneoirí seachtracha agus a bhfuil baint dhíreach acu leis na gníomhaíochtaí measúnúcháin, beidh siad faoi cheangal ag an oibleagáid maidir le rúndacht ghairmiúil.
|
|
Airteagal 35 5.
|
Áiritheoidh na hathbhreithneoirí seachtracha go ndéanfaidh a gcuid anailísithe agus a fostaithe nó aon duine nádúrtha eile a bhfuil baint acu ar bhonn conarthach leis na hathbhreithneoirí seachtracha agus atá bainteach go díreach le gníomhaíochtaí measúnúcháin an méid seo a leanas a chomhlíonadh:
(a)
na bearta réasúnacha ar fad a dhéanamh chun maoin agus taifid atá i seilbh an athbhreithneora sheachtraigh a chosaint ar chalaois, ar ghoid nó ar mhí-úsáid, agus aird á thabhairt ar chineál, scála agus castacht a ngnó agus ar chineál agus raon a ngníomhaíochtaí measúnúcháin;
(b)
nach nochtfaidh siad aon fhaisnéis faoi athbhreithnithe, ná faoi athbhreithnithe a d’fhéadfaí a dhéanamh amach anseo, d’aon pháirtithe seachas na heisitheoirí a d’iarr an measúnú ón athbhreithneoir seachtrach;
(c)
nach n-úsáidfidh siad nó nach roinnfidh siad faisnéis rúnda chun aon chríche eile seachas na gníomhaíochtaí measúnúcháin.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 09.01.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32023R2631
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|