+Airteagal 3 Sainmhínithe
---+Airteagal 3 (1)
---+Airteagal 3 (2)
---+Airteagal 3 (3)
---+Airteagal 3 (4)
---+Airteagal 3 (5)
---+Airteagal 3 (6)
---+Airteagal 3 (7)
---+Airteagal 3 (8)
---+Airteagal 3 (9)
---+Airteagal 3 (10)
---+Airteagal 3 (11)
---+Airteagal 3 (12)
---+Airteagal 3 (13)
|
Airteagal 3 Sainmhínithe
Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 3 (1)
|
ciallaíonn ‘rátáil ESG’ tuairim nó scór, nó meascán den dá rud, maidir le próifíl nó saintréithe míre rátáilte i ndáil le cearta comhshaoil, cearta sóisialta agus cearta an duine, nó le fachtóirí rialachais, nó maidir le nochtadh míre rátáilte do rioscaí nó tionchar ar chearta comhshaoil, sóisialta agus daonna, nó fachtóirí rialachais, atá bunaithe ar mhodheolaíocht bhunaithe agus ar chóras rangaithe sainithe de chatagóirí rátála araon, gan beann ar cibé an ndéantar rátáil ESG den sórt sin a lipéadú mar ‘rátáil ESG’, ‘tuairim ESG’ nó ‘scór ESG’;
|
|
Airteagal 3 (2)
|
ciallaíonn ‘tuairim ESG’ measúnú ESG atá bunaithe ar mhodheolaíocht riailbhunaithe agus ar chóras rangaithe sainithe de chatagóirí rátála, agus ina bhfuil anailísí rátála páirteach go díreach sa phróiseas rátála;
|
|
Airteagal 3 (3)
|
ciallaíonn ‘scór ESG’ tomhas ESG atá díorthaithe ó shonraí, agus úsáid á baint as modheolaíocht riailbhunaithe, agus atá bunaithe ar chóras nó samhail staidrimh nó algartamach réamhbhunaithe agus air nó uirthi sin amháin, gan aon ionchur anailíseach substaintiúil breise ó anailísí rátála;
|
|
Airteagal 3 (4)
|
ciallaíonn ‘soláthraí rátála ESG’ duine dlítheanach a n-áirítear eisiúint, agus foilsiú nó dáileadh rátálacha ESG ar bhonn gairmiúil s lena chuid nó lena cuid gníomhaíochtaí;
|
|
Airteagal 3 (5)
|
ciallaíonn ‘gnóthas airgeadais rialáilte san Aontas’ gnóthas, gan beann ar a fhoirm dhlíthiúil, ar ceann de na nithe seo a leanas é:
|
(a)
|
institiúid creidmheasa mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (1), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (27);
|
|
(b)
|
gnólacht infheistíochta mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (1), de Threoir 2014/65/AE;
|
|
(c)
|
BCIM mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (b), de Threoir 2011/61/AE, lena n-áirítear bainisteoir um chiste caipitil fiontair cáilitheach mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (c), de Rialachán (AE) Uimh. 345/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (28), bainisteoir um chiste fiontraíochta sóisialta cáilitheach mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (c), de Rialachán (AE) Uimh. 346/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (29) agus bainisteoir an ELTIF mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (12), de Rialachán (AE) 2015/760 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (30);
|
|
(d)
|
cuideachta bainistíochta mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1), pointe (b), de Threoir 2009/65/CE;
|
|
(e)
|
gnóthas árachais mar a shainmhínítear in Airteagal 13, pointe (1), de Threoir 2009/138/CE;
|
|
(f)
|
gnóthas athárachais mar a shainmhínítear in Airteagal 13, pointe (4), de Threoir 2009/138/CE;
|
|
(g)
|
institiúid um chóir ar scor ceirde mar a shainmhínítear in Airteagal 6, pointe (1), de Threoir (AE) 2016/2341;
|
|
(h)
|
institiúid pinsin a oibríonn scéimeanna pinsin a mheastar a bheith ina scéimeanna slándála sóisialta a chumhdaítear le Rialacháin (CE) Uimh. 883/2004 agus (CE) Uimh. 987/2009 (31) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus aon eintiteas dlítheanach a bunaíodh chun infheistíocht a dhéanamh i scéimeanna slándála sóisialta den sórt sin;
|
|
(i)
|
ciste infheistíochta malartach, mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (a), de Threoir 2011/61/AE, arna mhaoirsiú faoin dlí náisiúnta is infheidhme;
|
|
(j)
|
GCUI mar a shainmhínítear in Airteagal 1(2) de Threoir 2009/65/CE;
|
|
(k)
|
contrapháirtí lárnach mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (1), de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (32);
|
|
(l)
|
taisclann lárnach urrús mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1), pointe (1), de Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (33);
|
|
(m)
|
meán sainchuspóireach árachais nó athárachais a údaraítear i gcomhréir le hAirteagal 211 de Threoir 2009/138/CE;
|
|
(n)
|
eintiteas sainchuspóireach urrúsúcháin mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (2), de Rialachán (AE9 M) 2017/2402 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (34);
|
|
(o)
|
cuideachta sealbhaíochta árachais mar a shainmhínítear in Airteagal 212(1), pointe (f), de Threoir 2009/138/CE nó cuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha mar a shainmhínítear in Airteagal 212(1), pointe (h), de Threoir 2009/138/CE, atá mar chuid de ghrúpa árachais atá faoi réir maoirseacht ar leibhéal an ghrúpa de bhun Airteagal 213 den Treoir sin agus nach bhfuil díolmhaithe ó mhaoirseacht ghrúpa de bhun Airteagal 214(2) den Treoir sin;
|
|
(p)
|
cuideachta sealbhaíochta airgeadais mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (20), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;
|
|
(q)
|
institiúid íocaíochta mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (4), de Threoir (AE) 2015/2366 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (35);
|
|
(r)
|
institiúid ríomh-airgid mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (1), de Threoir 2009/110/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (36);
|
|
(s)
|
soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1), pointe (e), de Rialachán (AE) 2020/1503;
|
|
(t)
|
soláthraí seirbhísí cripteashócmhainní mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (15), de Rialachán (AE) 2023/1114 agus seirbhís cripteashócmhainní amháin nó níos mó á soláthar aige mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (16), de Rialachán (AE) 2023/1114;
|
|
(u)
|
stór trádála mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (2), de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012;
|
|
(v)
|
stór urrúsúcháin mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (23), de Rialachán (AE) 2017/2402;
|
|
(w)
|
riarthóir tagarmharcanna mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (3), de Rialachán (AE) 2016/1011;
|
|
(x)
|
gníomhaireacht rátála creidmheasa mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (6), de Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009;
|
|
|
Airteagal 3 (6)
|
ciallaíonn ‘anailísí rátála’ duine a dhéanann feidhmeanna anailíseacha chun rátálacha ESG a eisiúint;
|
|
Airteagal 3 (7)
|
ciallaíonn ‘mír rátáilte’ duine dlítheanach, ionstraim airgeadais, táirge airgeadais, údarás poiblí nó comhlacht faoi rialú an dlí phoiblí atá rátáilte go sainráite nó go hintuigthe sa rátáil ESG, gan beann ar cibé ar iarradh rátáil den sórt sin agus gan beann ar cibé ar sholáthair an duine dlítheanach, an t-údarás poiblí nó an comhlacht faoi rialú an dlí phoiblí faisnéis maidir leis an rátáil ESG sin;
|
|
Airteagal 3 (8)
|
ciallaíonn ‘ionstraim airgeadais’ aon cheann de na hionstraimí a liostaítear i Roinn C d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2014/65/AE;
|
|
Airteagal 3 (9)
|
ciallaíonn ‘úsáideoir rátálacha ESG’ duine nádúrtha nó dlítheanach, údarás poiblí, gníomhaireacht nó comhlacht faoi rialú an dlí phoiblí, ar a ndáiltear rátáil ESG trí shuibscríobh nó trí chaidrimh chonarthacha eile;
|
|
Airteagal 3 (10)
|
ciallaíonn ‘údaráis inniúla’ na húdaráis arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir le hAirteagal 30 den Rialachán seo;
|
|
Airteagal 3 (11)
|
ciallaíonn ‘comhlacht bainistíochta’ comhlacht nó comhlachtaí soláthraí rátála ESG, a cheaptar i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, a dtugtar an chumhacht dóibh straitéis, cuspóirí agus treo foriomlán an tsoláthraí rátála ESG a shocrú, a dhéanann formhaoirseacht agus faireachán ar chinnteoireacht bhainistíochta sa soláthraí rátála ESG, agus lena n-áirítear na daoine a stiúrann gnó an tsoláthraí rátála ESG go héifeachtach;
|
|
Airteagal 3 (12)
|
ciallaíonn ‘bainistíocht shinsearach’ an duine nó na daoine a stiúrann gnó an tsoláthraí rátála ESG go héifeachtach mar aon le comhalta nó comhaltaí bhord riaracháin nó maoirseachta an tsoláthraí rátála ESG;
|
|
Airteagal 3 (13)
|
ciallaíonn ‘grúpa de sholáthraithe rátála ESG’ grúpa gnóthas atá bunaithe san Aontas agus atá comhdhéanta de mháthairghnóthas agus a chuid fochuideachtaí de réir bhrí Airteagal 2 de Threoir 2013/34/AE, agus gnóthais atá nasctha le chéile trí chaidreamh, agus a n-áirítear soláthar rátálacha ESG mar chuid dá ngníomhaíochtaí.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 12.12.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R3005
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|