+Airteagal 13
---+Airteagal 13 1.
---+Airteagal 13 2.
---+Airteagal 13 3.
---+Airteagal 13 4.
---+Airteagal 13 5.
---+Airteagal 13 6.

Airteagal 13

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 13 1.
Institiúidí creidmheasa agus institiúidí airgeadais, agus grúpaí institiúidí creidmheasa agus institiúidí airgeadais, a bhfuil a bpróifíl riosca iarmharaigh aicmithe mar phróifíl ardriosca iarmharaigh de bhun Airteagal 12, cáileoidh siad mar eintitis roghnaithe faoi oibleagáid.
Airteagal 13 2.
Mar sin féin, i gcás ina sainaithneofar níos mó ná 40 eintiteas de bhun mhír 1, féadfaidh an tÚdarás, i gcomhairle leis na húdaráis mhaoirseachta, teacht ar chomhaontú maidir leis an roghnú a theorannú do líon sonrach éagsúil eintiteas nó grúpaí atá níos mó ná 40.

Agus cinneadh á dhéanamh maidir le líon sonrach éagsúil na n-eintiteas roghnaithe faoi oibleagáid dá dtagraítear sa chéad fhomhír, cuirfidh an tÚdarás a acmhainní dílse san áireamh ó thaobh a acmhainneachta de chun an líon riachtanach foirne maoirseachta agus tacaíochta a leithdháileadh nó a fhostú sa bhreis air sin agus áiritheoidh sé go mbeidh an méadú is gá ar na hacmhainní airgeadais agus daonna indéanta.

De bhun an chinnidh faoin uaslíon, is é a bheidh sna heintitis roghnaithe faoi oibleagáid ná na heintitis sin faoi oibleagáid atá cáilithe faoi mhír 1 atá ag oibriú sa líon is airde Ballstát cibé acu trí bhunaíochtaí nó faoin tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar,

I gcás ina mbeidh níos mó ná an líon uasta socraithe d’eintitis roghnaithe faoi oibleagáid ann mar thoradh ar chur i bhfeidhm an chritéir dá dtagraítear sa tríú fomhír, roghnóidh an tÚdarás, ó na heintitis faoi oibleagáid a roghnófaí i gcomhréir leis an bhfomhír sin agus a oibríonn sa líon is lú de na Ballstáit, iad siúd ag a bhfuil an cóimheas is airde de mhéid na n-idirbheart le tríú tíortha le méid iomlán na n-idirbheart arna thomhas le linn na bliana airgeadais deireanaí.

Airteagal 13 3.
I gcás, i mBallstát, nach gcáilíonn aon institiúid creidmheasa, institiúid airgeadais ná grúpa institiúidí creidmheasa ná institiúidí airgeadais atá bunaithe, údaraithe nó cláraithe sa Bhallstát sin, nó ag a bhfuil fochuideachta ann, agus a bhfuil a bpróifíl riosca aicmithe mar phróifíl ardriosca, mar eintiteas roghnaithe faoi oibleagáid de bhun mhíreanna 1 agus 2 den Airteagal seo, déanfaidh an tÚdarás próiseas roghnúcháin breise sa Bhallstát sin, ar bhonn na modheolaíochta dá dtagraítear in Airteagal 12(7), pointe (b).

Tar éis an phróisis roghnúcháin bhreise, is cáilithe mar eintiteas roghnaithe faoi oibleagáid a bheidh an institiúid creidmheasa, an institiúid airgeadais nó an grúpa institiúidí creidmheasa nó institiúidí airgeadais, atá bunaithe nó cláraithe sa Bhallstát sin a bhfuil a bpróifíl riosca aicmithe mar phróifíl ardriosca.

I gcás ina bhfuil próifíl riosca ag roinnt institiúidí creidmheasa nó institiúidí airgeadais, nó ag grúpaí institiúidí creidmheasa nó institiúidí airgeadais, sa Bhallstát atá i gceist, atá aicmithe mar phróifíl ardriosca, cáileoidh an t-eintiteas a oibríonn sa líon is airde Ballstát, cibé acu trí bhunaíochtaí nó faoin tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar, mar an t-eintiteas roghnaithe faoi oibleagáid. I gcás ina n-oibríonn roinnt institiúidí creidmheasa nó institiúidí airgeadais, nó grúpaí institiúidí creidmheasa nó institiúidí airgeadais, sa líon céanna Ballstát, cáileoidh an t-eintiteas ag a bhfuil an cóimheas is airde idir méid na n-idirbheart le tríú tíortha agus méid iomlán na n-idirbheart arna dtomhas le linn na bliana airgeadais deireanaí mar eintiteas roghnaithe faoi oibleagáid.

Airteagal 13 4.
Tosóidh an tÚdarás an chéad phróiseas roghnúcháin faoin 1 Iúil 2027 agus tabharfaidh sé an roghnúchán i gcrích laistigh de 6 mhí ón dáta tosaithe. Déanfar an próiseas roghnúcháin gach 3 bliana tar éis dháta tosaithe an chéad roghnúcháin, agus tabharfar i gcrích é laistigh de 6 mhí i gcás gach próisis roghnúcháin. Foilseoidh an tÚdarás liosta na n-eintiteas roghnaithe faoi oibleagáid gan moill mhíchuí ar an bpróiseas roghnúcháin a thabhairt i gcrích. Tosóidh an tÚdarás an mhaoirseacht dhíreach ar na heintitis roghnaithe faoi oibleagáid 6 mhí tar éis fhoilsiú an liosta.
Airteagal 13 5.
Sula bhfoilseofar liosta na n-eintiteas roghnaithe faoi oibleagáid, cuirfidh an tÚdarás na húdaráis ábhartha neamh-AML/CFT ar an eolas faoi thorthaí an phróisis measúnúcháin agus aicmiúcháin ar riosca bunúsach agus iarmharach na n-eintiteas faoi oibleagáid atá faoi réir measúnú.
Airteagal 13 6.
Leanfaidh eintiteas roghnaithe faoi oibleagáid de bheith faoi réir maoirseacht dhíreach ag an Údarás go dtí go dtosóidh an tÚdarás an mhaoirseacht dhíreach ar eintitis roghnaithe faoi oibleagáid bunaithe ar liosta a bhunaítear don tréimhse roghnúcháin ina dhiaidh sin nach n-áirítear an t-eintiteas sin faoi oibleagáid ann a thuilleadh.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 10.11.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R1620
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.